Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'[Acirc ]me #### Corpus of Electronic Texts Edition ### Background details and bibliographic information Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'[Acirc ]me =========================================================== Author: [unknown] ----------------- ### File Description Georges DottinElectronic edition compiled by John Carey, Beatrix Färber Funded by University College, Cork and Professor Marianne McDonald via the CELT Project 2. Second draft.Extent of text: 4500 words#### Publication CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt (2004) (2010) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland. Text ID Number: G207005Availability Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. #### Sources **Manuscript Source**2. Paris, Bibliothèque Nationale de France, fonds celtique, no. 101 (An eighteenth-century book of prayers belonging to James Purcell) p. 76–102. **Secondary literature**2. For literature about the Apocrypha, click on https://celt.ucc.ie/Apocrypha.pdf 3. A website dedicated to the Latin works of Robert Grosseteste (c. 1170–1253), with extensive source material, is available at http://www.grosseteste.com/ 4. Henri Gaidoz, Le débat du corps et de l'âme en Irlande, Revue Celtique 10 (1889) 463–70. 5. St. John D. Seymour, 'The Eschatology of the Early Irish Church', Zeitschrift für Celtische Philologie 14 (1923) 179–211. 6. St. John D. Seymour, 'Notes on Apocrypha in Ireland', Proceedings of the Royal Irish Academy 26 (1926) class C: 107–117. 7. St. John D. Seymour, Irish Visions of the Other-World: A Contribution to the Study of Medieval Visions (London 1930). 8. Louis Gougaud, Christianity in Celtic lands: a history of the churches of the Celts, their origin, their development, influence and mutual relations by Dom Louis Gougaud, translated from the author's MS. by Maud Joynt (London 1932; reprinted Dublin 1992). 9. Brian O'Dwyer Grogan, The Eschatological Doctrines of the Early Irish Church, [unpublished doctoral dissertation] (Fordham University 1972). 10. David N. Dumville, 'Biblical Apocrypha and the Early Irish', Proceedings of the Royal Irish Academy 73 (1973) C: 299–338. 11. Martin McNamara, The Apocrypha in the Irish Church (Dublin: DIAS 1975; corrected reprint 1984). 12. Bernard McGinn, Apocalypticism in the middle ages: an historiographical sketch, Medieval Studies 13 (1975), Pontifical Institute of Medieval Studies, Toronto, 252–286. Reprinted in: Bernard McGinn, Apocalypticism in the Western Tradition (Brookfield, Vermont 1994). 13. The Irish Adam and Eve story from Saltair na Rann. 2 vols. Vol. I: Text and translation by David Greene and Fergus Kelly; Vol. II: Commentary by Brian O. Murdoch. (Dublin: DIAS 1976). 14. Bernard McGinn, Visions of the End: Apocalyptic Traditions in the Middle Ages (New York 1979). 15. Máire Herbert, Martin McNamara (eds.), Irish Biblical Apocrypha. Selected texts in translation, Edinburgh 1989. 16. Martin McNamara, 'Early medieval Irish eschatology'. In: Próinséas Ní Chatháin and Michael Richter (eds.), Ireland and Europe in the early Middle Ages, learning and literature: Irland und Europa im früheren Mittelalter, Bildung und Literatur (Stuttgart 1996) 42–75. 17. Thomas O'Loughlin, 'The Celtic homily: creeds and eschatology'. Milltown Studies 41 (1998) 99–115. 18. J. C. Vanderkam, Calendars in the Dead Sea Scrolls: Measuring time (London, New York 1998). 19. Milton McCormick Gatch, Eschatology and Christian nurture: themes in Anglo-Saxon and medieval religious life, (Aldershot 2000). 20. Benjamin Hudson, 'Time is Short: The Eschatology of the Early Gaelic Church', in: Caroline Walker Bynum and Paul Freedman (eds.), Last Things: Death and the Apocalypse in the Middle Ages (Philadelphia 2000) 101–23. **The edition used in the digital edition**2. **Georges Dottin**, Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'[Acirc ]me in Revue Celtique. Volume 23, Paris, F. Vieweg (1902) pages 8–38 ### Encoding #### Project Description CELT: Corpus of Electronic Texts #### Sampling Declaration The present text represents even pages 8–38 of the published edition. #### Editorial Declaration ##### Correction Text has been proof-read twice. ##### Normalization The electronic text represents the edited text. Names are capitalized and words segmented in line with CELT practice. Lenition by point has been rendered as corresponding consonant plus h in fh, mh, nh, sh. Editorial expansions are marked ex, and corrections are marked corr sic resp="KM", with the erroneous form retained in the 'sic' attribute. Footnotes are marked note type="auth" and numbered. ##### Quotation Direct speech is tagged q. ##### Hyphenation When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, the break is marked after the completion of hyphenated word and punctuation mark. ##### Segmentation div0=the whole text; div1=the section; page-breaks are marked pb n="". Poems are treated as embedded texts, with line-groups and metrical lines marked and numbered. ##### Interpretation Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles. #### Canonical References This text uses the DIV1 element to represent the section. ### Profile Description Created: By (an) unknown monastic author(s); the attribution is uncertain. Date range: c. 1200–1300.#### Use of language ##### Language: [GA] Text in Late Middle and Early Modern Irish. ##### Language: [LA] Some text is in Latin. ### Revision History * (2010-04-26) Beatrix Färber (ed.) * Conversion script run; header updated; new wordcount made; file parsed. * (2008-10-01) Beatrix Färber (ed.) * Keywords added; file validated. * (2005-08-25) Julianne Nyhan (ed.) * Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion * (2005-08-09T12:17:56+0100) Peter Flynn (ed.) * Converted to XML * (2004-10-26) Beatrix Färber (ed.) * File parsed; HTML file created. * (2004-10-10) Beatrix Färber (ed.) * File converted to ascii; proofed (2); content markup checked/updated. Header and bibliography inserted from companion file and modified. * (1997/98) John Carey, Irish Department, UCC (ed.) * Structural markup applied. * (1997/98) Staff at the CURIA Project (ed.) * File proofed (2). * (Pre-1997) Staff at the CURIA Project (ed.) * File proofed (1). * (Pre-1997) Staff at the CURIA Project (Data capture) * Text captured by scanning. --- #### Corpus of Electronic Texts Edition: G207005 ### Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'[Acirc ]me: Author: [unknown] --- p.8 A cholan*n* bho*cht* mhítrocairech, a chnu chraosach na n-anmhíana, a-reilic na malla*chta* agas éisde*chta* easgcaoine, créud do chuir san rio*cht* sin thú, gan deilbh, gan dreach, gan bhíadh, gan eudach, gan tréoir, g*an* tapadh, acht amháin an peacadh; cr*éud* do leig ar lár thú gan mhuirnin, gan mhaóir, gan mhuin*n*tir a*cht* an peac*adh*; créud é an ní chuir bón ós cion*n* do smúaintighthe san*n*tacha saoghalta, a*cht* h-uabh*ar*, & honóir, do ghairm, & do ghlóir; nach fán breacadh do rin*n*is gach droch ghníomh dá n-dernuis; nach tusa do bhí ané go subhach, suaithnigh sotalach, go madhrach mórdhalach & go meardha --- p.10 meanmnach ar an t-saog*ul* bho*cht* breagach so, lán dhiomus, & d'aimide*cht*? gídh ataoi thú aniodh faoí thorpán criadh, gan t-shuim, gan aráid, b*udh* h-uaibhrecht ionghan*n*t*a*c*h* míthuigseach go t-trasda thú; ca bh-f*uil* an forba, *no* an feron*n*, nó a*n* finech*us* do bhí tú a chruin*n*iughadh ariamh; ca bh-f*uil*id na cúirtiona no na caisléin do chuir tú súas; car ghabh an crodh, an cl*ann*, an conách do sholáir tú; ca bh-f*uil*id an buna & an bhan*n*t*racht*, an t-aoibhnios, an t-ól, an céol, an comhlúadar, an lu*cht* freasdail & fritheoilte do bhí ag*a*d dod réir. Dar n-dóigh as aislin do chon*n*airc tú, *acht* cion*n*us thaithnighios leat anios an adhbh*ad*h dheroil-si*n* ina bh-f*uil* tú tú anios ad luidhe id t'aonar san uaigh, gan lu*cht* énleapadh, acht péisdeog*adh* na talmhan dod chrin*n*; uch, uch, is mairg do lesaigh lé h-iomad sóigh an corpan sin doibh; feuch anios muallach do thighe ag tuitim ar do shróin gan ced iompódh go deó agad; atá do shúile dúnta, do bhéul druite, do thenga gan úrlabhradh, do chluasa gan éisde*cht*, do ch*ét*fadh uile ar g-claochlódh, & do cháilidhe*cht* ar n-dol seacha, a*cht* do thruime amháin; d'imidh --- p.12 do lúth, & do lámhach, do ghoil, & do ghaisge, d'imidh do chommóradh oirechtus aoibhnis & aiéir, do charuid & do chompanach gacha taobh dhiot, do bhris blath do bheatha & caoindhealbhadh do phárta ré do mhnaoi, ré do chloinn, ré do chin*nedh* & ré cách uile go coitchion*n*, ar mhodh go b*h*-f*uil* na h-uile dhuine lán d'fuathfaire*cht* ort, b*udh* dheasda ní bhíadh do chumhaigh, na do thuirsi ag cur ar do bhancheile ní sia, óir do thruaghlidh h-ailne, & in*n*ioll do chuirp, & do sgéimhe, & farraor biodh nach mothaigion tú duagh, nó dochar, is géarr uait na píanta siorr*aidh*e suathain & aontíghios daor an diabhail a n-dún bhróghach dhuaibhsech iffrin*n* & adubhairt: ‘mo mhall*acht* ort, a cholan*n* ghearghuinioch fá dheoigh, is diombhúan ar g-coman*n*, a chriadh fhollam, is mairg dar t-tug*adh* mar chompánach nó mar chéile thú, a drochbhean mhilltech mhallaighthe, is olc do mhíana, a phéisd ghran*n*a, is tú do mhill mise, is truagh an tuigsi a t-tigh iffrin*n* a n-diol do mheisge, is búan me faoi dheacra.’ --- p.14 Freagradh an chuirp ar an anam ------------------------------ A h-aithle na h-eolchaire, & an ghearáin-si*n* do dhéunamh don spior*a*d, d'eirghe a*n* colan*n* na seasamh amuil & mar do bheith sí beó, iar n-déunamh mórosna, & egcaoine dhi as e ró-raidh: ‘Cia th*us*a chanus na briathraibh buile sin liom, nach tú an t-anam do bhí ag stiuradh an chuirp si go t-trásda, má's tú cheana, ní fior dhuit a n-abair, óir is uait im*morro* tháinig an uile olc chugain*n*e, ar an adhbhar g*ur* chruathaigh Dia thusa mar dheilbh, & mar chosmhuile*acht* a n-aon anam amháin thú & go t-tug trí tiodhlaice dhuit, m*ur* atá tuigsi, toil, & meabhair, tuill*ead* oile, go t-tug c*ét*fadh aille examhl*aidhe* uaisle dhuit maille lé h-ioliom*a*d g*rá*sa & tiodlaice chuir 'na chen*n*, fós g*ur* graidhigh comh mór & sin tú ar mhodh go t-tug *a* aonmhac féin ar do sgáth ar bhearaibh na croiche césda, chum do shaoradh ar sclabhuidhe*cht* a*n* diabhuil, thug m*ur* an g-cedna mise bhochtóg dhuit chum do shaothair, & chum do sheirbhise, ion*nus* go n-den*n*mís léorghniomh, & leasug*hadh*, & go b*h*-fuighmis loghadh & luaidhecht ar saoghal-so, a*cht* atá ní c*ét*na b*udh* h-airm a laimh amide na tiodhlaicthe sin do thabhairt dhuit-si & b*udh* --- p.16 maith ar an n-duine maith do dheanamh ort, óir do bhris tú an dlíghe & do ghlac tú slighe chodarsna na lo*chta*, ar an adhbhar sin ó's tusa an bhantigherna & g*ur* mise an bhanógl*ach* & gurab agad-sa do bhí an chíall agas an tuigsi tré ar dhligh tú sin*n* ar aon do stiur*adh* a*n*sa m-beatha iolch*r*oth*a*c*h* shaoghalta so. Is truagh thug do thoil, & haonta chum na n-droch n-gniomhartha truaghlighthe toirmesgacha, & do deimhin ó thugais go h-egcorach eigceart, is ort féin is córa aith-b*her* gach uilc do bheith, & ní oram-sa donóg do bhí gan chéil gan reusún; a Dhia nach léor dham m'f*h*uil, & m'f*h*éol bheith ag leaghadh, loghadh, & ag morgadh go n-dearnaidh cnumha gniomhacha grana bios ag creim mo colla & mo chnámhadh san g-carcair ch*ru*aidh chumhang si an*n*a bh-f*uil*im ar sgath uilc & do dhrochghniomhartha & gan mo dhamnugh*adh* go siorr*aidh*e acht mo núair is gin do-chuaidh ó fhurtacht me’ & adubhairt an ran*n* mar leanus: > 1. Anam nach d*er*n*adh* mo leas > > druid uaim ó rin*n*is m'aimhleas > > A m-brigh iffrin*n* cúis gan cheilt > > budh soiléir an*n* ar g-comhghleic. > --- p.18 ‘Ní fhuigfiod-sa thú fós’, ar an spior*a*d, ‘acht seasfad ad t'aigh*ed* & tairgfidhd h-aighnios égcórach do chur ar g-cúl & as é adubhairt: 'A chollan*n* thana, tholl, th*r*uail*lidh*e, a bhochtóg, bhocht bhelsgaoilte, a shaeáin shiabhartha shalach, agas a chonablach mhillte, mhallaighthe, a sheanbhaidh sgaoilte sgan*n*alaigh, amid uallach amhnaireach dhoilighthech, a dhrochomhairleach, cia mhuin duit labhairt comh gér & sin riom-sa, tuig chena gídh go n-abair tú móran don fhírin*n*e gan fheuchuin do sin, an tan b*udh* mían liom-sa srían do chur ré h-anmhíanaibh, ré píanta corp*ur*dha, ré h-anshogh, ré tart, ré trosgadh, ré tuiruis, ré dus*acht* fhada, ré d*r*och leab*adh*, ré smúaintigh diadha, & ré h-úrnaighthe, gurab ansin do thionsgnadh diomhaoines a*n* t-shaoig*il* do thaithneamh leat-sa m*ur* aliogán iongant*a*ch, gur tharraing brígh do chétfadh cuige féin go h-uile, ar mhodh g*ur* léigis tharad an uile ghníomh grásamhuil 's gach brud*ach* coinsias & tegasg seanmóra dá bh-fuairis ó Dia ariamh, ag muchadh soillsi na tuigsi, ag ithe, ag ól, & ag potair*echt*, ag briseadh na n-aithionta, & ag seachn*n*adh na suabhailce, ag labhairt go gáirseamhuil, tabhairt a sámhius féin dona cétfa corp*ur*dha, do ghrés nó go rug tean*n*dhaladh & anbhuaneadh an bháis a líonta daman*n*ta an t-shean*n*peac*adh* --- p.20 ort nó g*ur* thuit tú a g-cétóir san leab*adh* phíanta sin an*n* a bh-f*uil*ir, as lár h-aoibhnis & h-acfain*n*e, agas gan ar do sheilbh, acht an eisléine amháin, anios is fíor g*ur*ab dhamh-sa b*udh* do stuir*adh* ó anfadh agus ó anbháin urchóide na beatha si*n*, óir is agam-sa do bhí árdthighearnus ort, gidheadh ó mheall t*us*a me ré clúaine saimhe shaog*al*ta, ag tabhairt uirrui*m*me dhuit go h-aibh*r*isc tuitmeach, aithrisim dhuit go firin*n*ech g*ur*ab tú as mó tabhadh na b-píanta dhúin*n*; acht chena ní bhéram ar ar n-athrígh feasda’ íar t-tuigsin don cholain*n* g*ur* b'f*h*íor don spior*a*d an comhradh si*n*, do sgread, & do sgréuch ag gul & ag egcaoíneadh a lochta & do thionsgain ag comhrairc ar a math*air* Eubha & adubhairt: > 1. Nior bh'eol di an chain do chomhall > > mo thruaighe nach raibh ar a bhfuighioll > > bean do chuaidh ar fad abhall > > do rug m'anam uaim ar ubhall. > F*re*agradh na Colla -------------------- Do fh*r*eagair an corp an t-anam ré briathraibh guilighthe, & as é adubhairt: ‘A chara ionmhuin*n* go t-trasda atá ar g-cuirrthedh a bh-fiadhnuisi Dé & an t-shaoig*il* & a lathair ar t-tigh*er*na --- p.22 Iosa Criosd, ar an adhbhar tar éis é dar g-cen*n*ach, go daór doilighthe dó-fhaisneisi, do leighidhmair lúach fholla & fheola amudha, & a n-aisge a n-geall ar mhaithes deareoil & ar sholás géarrbhúanach shaog*al*tha & atámuíd anios na eiraic sin dar n-dóth a g-cuidechta chéile chum na b-píanta siorr*aidh*e súathain, t*r*e mhór cheart Dé, ní h-ionan*n* cuir dhúin*n* ar aon ar an adhbar g*ur*ab agad-sa do bhí stiur*adh* na beatha d'imirt go maith, & dá bhrígh-sin, is córa an breithemnus as truime, & is cruaidh do thabairt ort, óir is féidir a dhearbhadh ré h-aoliomad résúin; dá mudh áil leat-sa Dia orrdherc*ach* uilechumhachtach d'adhr*adh* go foirf*edh* & gan onóir Dé do thabhairt don t-shaoghal, na don chollain*n* ar chomhairle an dhiabhail, acht a*n* deileamhuin*n* do ghradhug*udh* go crithegl*ach* comhdach m*a*camhuil ós cionn an uile chrétúir, d'eireoch*adh* dhúin*n* arís go maith; dá n-déanta cóir & comhthromh idir an trén & an truagh, & gan do lámh láidir do leagadh go trom ar an anbhfhan*n*, a*cht* do dheirc do thabairt do lo*cht* an gill ar Dhia, & ar dhioll*echt*a & baintreachadh do chumhdach, & gan díbeirt do dhéunamh ar eaglais, do dentaoi trocaire fá dheoigh orruin*n*, an t*r*eas feacht, dá seachanta drochchomhlúadar na n-droch dhaoine millte mailisecha do bheir aigh*edh* ar an uile --- p.24 olc go míchoinsiasach, ag imirt, ag altran*n*us, ag déunamh feille fionghaile, & ag dúnmharb*adh* & ag creim & ag cain*edh* daoine eille, ag tabhairt na mion*n* mór, ag imdheargadh Dé 's na naoimh, ré h-ithibh, ré blasphemia, ré tiomantaibh diabhlaighthe dó-coisgidhthe, ní daméontaoi m*ur* so choidhche sin*n*, & ní bhear*adh* dimhaoines ar che*cht*ar dhín*n*; anios tharrl*aidh* mise cengailte posda leat-sa an*n* ar m-beatha & go bhfhúarus ran*n* dod shochar talm*hand*e & dod shólas saog*al*ta, *acht* as fíor nach t-téid maith amughadh, nó olc gan dioghuilt, *acht* is é as luaidh*echt* damh-sa ar son do mhailíse do-chí tú anios a láthair, 's na baill a n-d*er*nmar na lo*cht*a atáid agat, ag líonnadh, breantus morgadh, & drochbhal*adh* ag t*echt* dhiobh, atáid ciorog*adh* cnumha, & péisde, ait*hr*eacha nimhe, agas deamhuin aiéir ag dul trid eochair mo chleibh & mo chluasa, t*r*e fhuin*n*eog*adh* mo chétfa, & tre adhbh*adh* mo bhron*n* & as measa na si*n* an teghdhais caol cumhang so an*n* a bh-f*uil*im go dúnta daingen druidte go h-aon*n*aránach go lá an breithemhnuis deighn*igh*, mo thruaighe mo thruaighe biadh siad dom chrádh go méinig míthrocairech, gan fheuchuint do si*n*, atá fhios agam go n-eireoch*adh* me lá éigin id chuidechta-sa, & farraor ní h-athrug*udh* ar ghlan sin ón úaigh go sliabh Sion, & as sin go tein*n*tibh ten*n*dhala iffrin*n*, áit a m-biam dar b-píanadh a*n* feadh bhias Dia ag caithemh na glóire, ó bhás go bas do chuaidh ós cion*n* an uile uathbhás, ó bheatha go beatha & ó phéin go pean*n*uid, gan crioch, gan foirchion*n*, is truag si*n* ag dul d'éug ga*ch* momint, & gan ar ar g-comus dul ar neimhní, acht a bheith gan críoch, gan foirchion*n*, croithbhéo go siorr*aidhe*, a chriosdaidhe --- p.26 croidhe cuir*eadh* na briathradh-so eagla ort, & dén aithrechus, tuig go grin*n* na roin*n*-so romhad.’ > 1. fiodhb*adh* chrion*n* chnámhadh na colla > > cumhdach fallsa féoil mo bhall > > uir gan tora c*r*iadh na colla > > talam me & anam an*n* > * úir mo charad tar uir oile > > ní aithnighim i*n* san úaig > > ag so um láimh é 's ní aithnighim > > cnaimh an té d'aithnin uaim. > Nuallghubha an anma ------------------- Is an*n*sin d'éigh an spior*a*d ré nuallan t*r*uagh tuirsech, & ré t*ru*aghthuirsi aighmhéil t*r*eabh aoineach, go g*r*uamdha geránach & go dían diocra diochoisg*edh*, & as é ró-ráidh: ‘Uch, uch, is t*r*uagh do rug*adh* me, uch, uch is truagh do ginn*edh* me, uch is t*ru*agh do cuir*eadh* san g-colain*n* ghran*n*a-so isteach mé, is mairg dham nach mo chloich, nó mo mhaide do bhios ó nádúr, na neithibh neamhurchóidech. Mo shea*cht* malla*cht* ar lá mo thuismighthe, is t*ru*agh nar éirig*h* crain*n*, & clocha, gaoth, & aiéir, ran*n*a, & relan*n*a an chethardhuil a g-coitchin*n*e um aigh*edh* dom chur ar neimhní i m-broin*n* mo mh*a*thar sul tháinig dham dul san riocht-si an aigh*edh* mo thigherna; acht mo chrádh cr*ét* far chruthaigh Dia me, & a fhios aige go rabhus ar sligh dhaman*n*ta; acht is ró bhean*n*aighthe cóir conáigh gleas na n-ainmhintibh bruideamhla, óir téid ar neimhni uile éidir anam, & chorp tar éis a m-báis, gaoi féin g*an* damnughadh, a rígh nimhe, is t*r*uagh nach mar-si*n* éirghios don --- p.28 peacach bhocht tar éis euga, & níor sharbh a dháil fa dheir*eadh*, acht farraor is searbh, & is ró shearbh mar chim-si’, is an*n*sin do ghlac racht gola & olchuire an t-anam, & do-chan na b*r*iathradh-sa: > 1. Mo sgread is t*r*uagh mo chás-si > > mo bheith beo is trúagh an trath-si > > créud fá n-dearnus cionta g*r*ana > > a n-aigheadh De, & maithes m'anma. > * 's nach don chloin*n* me shíolr*adh* ó adhbha > > acht c*r*eatúr do chruthaigh rígh na n-grasa > > chum na beatha siorr*aidhe* sasda > > ré toil na colla is mairg do tharrl*adh*. > + Mo t*hr*uaighe m*ur* chon*n*airc me an lá-si > > in*n*ar chaillios an uile thairbhe, > > flaithios Dé le méud meanma > > ar an saoghal ag iarr*aidh* garma; > - Ó sé an samhín aith*r*each merda. > > a bheith choidhche i b-píanta searbha > > ré saog*al* na saog*al* f*eth* mo thig*er*na > > i-ttigh iffrin*n* gan dáil garma. > * Ó phíanta ifrin*n* is ró mór m-uall; > > a righ na sluagh ní maith gach ní > > mo te*cht* ar an saog*al* ariamh is truagh > > i leabadh fhuair dam ós crioch. > & c*eter*a. > > Ceisd an chuirp ar an ana*m* ---------------------------- Is an*n*sin do labhair an corp ris an anam go truagh treamhnach: a h-aithle na cluidhe-caointe si*n* ós cion*n* na h-uaigh, as é ró-raidh: ‘cuiri*m* foircheadal ort, a spior*a*d’, ar si, ‘fan aithris damh c*rét* íad na piant*a* is mó do chonnairc tú a n-iffrion*n*, nó an bh-fuil fáth dóchuis ag an drong dhaman*n*ta as --- p.30 trocaire, nó as páis Chríosd, & fós an bh-f*uil* sochar ag na daoine uaisle onóracha, ag na ríoghthaibh, nó ag na ró thighernaigh nó ag na prelaidibh bh*eth* go t-trasda a bhflaithemhnus an t-shaoig*il*-si, nó an bh-fuil fáth dothchais aca fuasgl*aidh* d' faghail as forba, f*er*on*n* nó finchecuis ór airgiod, no olla mhaithiosa.’ *In inferno nulla est redemptio.’’* Luc. 11. ‘A chollan*n*’ ar a spiorad, ‘atá do chéisd gan chéil gan resún, m*ur* b*udh* meinic lé do chomhrádh go t-t*r*asda a bh*eth*, ar an adhbhar, nó go n-airmighth*er* rélan*n*a nimhe, gainemh traighe & féur na talmhan, nó go t-tiomsighther an fhairrge mhór na mionbhraonaibh, ní féidir in*n*sin nó aithris ar mhéud, & ar a examhla*cht*, óir atá ar*us* na b-pian go h-allta a n-úir m*edh*ón na talmhan go domhuin díamhair, ar mhodh go m-bear*aidh* duine ar lán a dhoirnn don dorchadus an*n*, gan féuchuin do sin, do chidhfithi tú an uile ní rachus chum dochair duit, & ní fheicfidh tú éin ní rachadh chum sochair dhuit, acht biadh an uile ní a riachtanus ort, & ní bhiadh ri*acht*anus ar bioth ar faghail ag*a*d, amháin an bás a c-cion*n* gach móméint, ag*us* tú mar sin ag searga éuga do gnáth, agus dod athnuadh arís chum an bháis, agus tú ar an modh sin do ghnáth, gan bhás, gan bhetha ar mhodhaibh examhladh go siorr*aid*he súatháin, bíad tú lán d'aibhrios, lán don uile thin*n*ios & thrioblóid 's t-teallach tin*n*tighe na b-pían, ball a bh-f*uil* ioliom*a*d breantuis, & drochbal*aid*h, ball a bh-f*uil* gorta plaigh, & ocurus, ball a bh-f*uil* comhairc osn*aid*he & dórta dér, ball a bh-f*uil* siansán truagh tuirseach na n-deamhan na n-diabhal n-athgharbh neimhnech, --- p.32 ag f*r*easdal & ag fritheol*adh* na b-pian tin*n*tighthe dó-fhaisnéisi dona daoinibh daman*n*ta do réir méud, & miosúr a b-pecc*adh* a*cht* atá ní cena: tá drong dhiobh dhá b-pían go h-examhuil, dá g-caisgairt & dá n-gearr*adh*, drong dá leaghadh, & do lomadh, drong dá rostadh, & dá bh-f*r*itheol*adh*, drong dá m-bruith, & dá m-bearr*adh* i b-pic, & i roisín & a miotolaibh examhl*adh* e*il*e, & a srothaibh tairpighe tein*n*tighe; suilfior, & salchair léna n-gnúis & léna n-aigh*edh* farre g*a*ch pían mhór adhbhal eile, an*n*a bh-f*uil*id; atáid aithreachadh neimhe, & peisde gra*n*na ag siubhal ar g*a*ch ball dhiobh dá snoidhe & dá sniomh; atáid i t-tin*n*e nach muchan uisge, & a sne*ach*ta nach leaghan ré tein*n*e ar leacaibh oidhre & anródh dá síorchradh léim aca san teas, & léim eile san bh-fua*cht*, & léim eile san torn*n* tein*n*tighthe, dá t-tleigion*n* i m-beul na n-óilphéisda n-oirrd*er*ca n-iff*r*ion*n*da, nó go n-ionarbháid uatha íad tríd an uile uathbhás tarr anios chum na toirn*ead*h cédhna, & atáid cnumha a g-cóinsias mhaillaighthe ag deunamh fiadhnuisi na n-agh*aidh*, gur chóir & g*ur* *chomhthrom a* m-beith san bréin bhroidh-sin, atá an t-édóthchus dá searg*ad*h, atá an tuigsi dá n-gearradh, atá an toil na sgrúdadh, ra*cht* na feirge dá t-t*ach*ta, in*n*bh*er* na b-peac*adh* dá sgíur*adh*, & bíadh mar sin ag clamhadh & ag imdheargadh na trínóide t*r*e bheith síor.’ ‘Do thaobh na ceisde eile do fhiafraigh tú dhiom, a chollan, cion*n*us atáid na p*r*ionsuidhe saog*al*ta a n-iffrion*n*, atáid m*a*c Péil, Sáesar Dompinus, Alasdran*n* uaibhreach, & ríghthe diomasacha an domhuin & na c*r*uin*n*e cethardha fá phíana dáora docharacha, acht atá ní cedhna: is mesa & is truime an pheannaid ag*us* an philóid an*n* a bh-fuilid, na droch ghuibhernoirígh Chriosd, p*r*elaidigh claonbh*r*eacthacha na h-Eagluisi na iad uile, óir atá lu*cht* an fhuarchrabhadh, lu*cht* dúnmhar*badh*, lu*cht* druise graineamhuil, lu*cht* fóghla, & losgairt an domhuin*n* a b-fhioria*cht*ar iffrin*n* fá thuile na b-pian agas gach drong eile mar thulliadar an gniomhartha ar an saogal-si.’ ‘Anios glac fá dheoigh uaim fuasg*ladh* san treas ceisd do --- p.34 chuiris oram .i. a n-dentar trocaire ar a*n* droing dhaman*n*ta, nó *a* n-glacar fuasgl*adh* asda, biodh a fhios ag*a*d dá m-beidaois naoimh na c*r*uin*n*e ara n-úrnaighthe go bráth, & úird riaghialta an domhuin 'na síorthrosgadh go h-éug & fíréin an domhuin ag tabhairt maithios na talma*n* mar dhéirc lé h-anam aonchretúir amháin dá m-bíadh a n-iffrion*n* i**cht**arach, nach deandís fáoithe f*ur*t*acht* no fuasgl*adh* dhó ó na phían*taibh*, ar an adhbhair nach féidir lé h-ainglibh fhlaithios Dé ar ór an domhuin*n* foiríghthin dá laeghad do thabhairt don d*r*ong dhaman*n*ta. In sæcula seculorum.’ > 1. Is brónach an t*r*eabh b*ru*ith ifrin*n* > > Fuair a n-driothlion*n* gh*er* sias iad > > An dún díchuman*n* daor*adh* > > Priosún na b-pían. > R. > > Smaoinígh, a chriosdaidhe c*r*oidhe, g*ur* fíor na briathradh-so, & cuiruidh srían ré h-anmhianaibh. --- p.36 Urghairdios na n-diabhal ag breith an anam go h-ifrion*n*, a h-aitle na truagh agallamh sin do bhí ar an spior*a*d & ar an anam iar sgaoil*eadh* ó chéile dhoibh agas iar t-tuitim don chollainn san uaigh & iar g-clos uthbhás iffrin*n* do chon*n*airc an t-anam bocht chuige idir dhá dhiabhal g*h*reanacha ghran*n*a, b*udh* duibhe shiabhartha, na gúall gaibhidhe gabhan, & locht fidhlídhe*acht*, ag*us* pintéireacht an domhuin*n*, níorb' fhéidir dhoibh égcosg nó macasamh*ladh* na díse reumhráitte so do sgriob*adh*, nó d'fhaisnéis ara n-úthbháthas, & ara n-d*r*och dheilbh, & iar t-tia*cht* do láthair dhoibh a g-cétóir, do shaithadar an dá chrucadh chama chrumadh c*r*uaidh iarneadh abhus & thall san spior*a*d dhamanta sin, & do róladar etorra é dá cheasadh go doirsibh uathbhásacha iffrin*n*, & eision ag búirf*eadh*, & ag béicedh; tangadar na chomhdháil a*n*sin slúaghtedh di-aibhlaighthe deamhnaidhe ág ulgháirdios fan anam chriosdaidhe sin do dhamnúg*adh*, mar b*udh* suabhach luagháirech léo a bheith ag commhaoid*eadh* an cosgair si*n*, & is amhl*aidh* do bhadar ag tabhairt buidhchuis dhó fá na sheirbhís ar an saog*al*, óir b*udh* iomdha duine e*il*e do mhill sé le d*r*och éisiompláir, misge, agus stripachuis, & dá chion*n* sin go bh-fuigh luach & luaidhecht on Lucifer .i. a bheith dhá chnaoílosgadh na bh-fochair féin i t-tin*n*téan na b-pían go bráth, ag éisdecht lé h-uirluidhe*cht* na n-diabhal, lé confadh na b-piasd n-deamhnaidhe, lé súisde na druinge daman*n*ta, & na n-diabal ar g*ach* taobh dhe, gan tús, gan deir*eadh* ó sin amach go siorr*aidh*e suathain; do chriothnaitaidhe an t-anam --- p.38 bocht go h-abhalmhór ar bh-faicsin iffrin*n* fhosguilte, & na b-píanta ollamh imfeadhma chuige, & adubh*airt*: ‘a éin mhic Dé dén *tr*ocaire ar do chretúr bocht féin’; is an*n*sin do sgairt na diabhail ag fonmhód faoí & adubhrad*ur* ‘is ró mhall a ghoires tú ar chabhair, & ar ainm do thigherna Dia, & as egcóir dhuit, ó's dhuine thú do bhí ag fóghnamh, & ag déanamh seirbhisi ar feadh do bheatha, n*a*ch orruin*n* f*ein* iarrus tú cabhair & coimeirce anios tar éis breith dhaman*n*ta do bhreith ort, & tú ag te*cht* ar ar láimh, gan súil athbreithemhnuis no c*et* gairm*edh* ar ais go bráth ag*a*d; & da bhrigh sin tuig feasda go m-biadh tú a g-cosamhlacht nádúir lin-*n*e mur g*a*ch diabh*al* e*il*e ag mallug*adh* Dé go suathain’, & iarna rádh sin, do chasadar an spio*ra*d thruaillidh sin 'na mheall tin*n*e, & do theilgiodar a m-béul iffrin*n* an*n*sa tin*n*e é, níor chían amhl*aidh* don anam bo*cht* an úair do chuadh a n-eadóthchus ar Dhia, & ar an g-cúirt neamhdha, & do ghabh ag griosiugh an t-aonndia, & na n-ainglibh & adubhairt an ran*n* mar leanus: > 1. Mo thigerna dom threigion ó atá > > ag iar*raidh* grasa air ní bh-fiugh. > > duiltuim don ghlóir duiltuim do Dhía. > > ni bhiam ní sia ag ríogh ríu. > Finit.