#Cath Finntrágha #### Corpus of Electronic Texts Edition ### Background details and bibliographic information Cath Finntrágha =============== Author: Unknown --------------- ### File Description Cecile O'RahillyElectronic edition compiled by Margaret Lantry , Beatrix Färber Proof corrections by Margaret Lantry Funded by University College, Cork and Professor Marianne McDonald via the CELT Project 2. Second draft.Extent of text: 21000 words#### Publication CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt (2001) (2008) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland. Text ID Number: G303002Availability [RESTRICTED] Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. [RESTRICTED] Hardcopy copyright lies with the School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies). #### Sources **Manuscript sources**2. Oxford, Bodleian Library, MS Rawlinson B 487, 1–11. 3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 29, 328–337, 355–361 (olim 23 L 24) Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, by T. F. O'Rahilly, (Dublin) fasc. 1, 89. **Editions**2. Cecile O'Rahilly (ed.), Cath Finntrágha (Dublin: DIAS 1962). 3. The Cath Finntrága or Battle of Ventry, edited from MS. Rawl. B. 487, in the Bodleian Library, (Anecdota Oxoniensia, Mediaeval and Modern series, vol. 1, pt. 4), by Kuno Meyer (Oxford: Clarendon Press, 1885). **Translations**2. Cecile O'Rahilly (ed), Cath Finntrágha (Dublin: DIAS 1962). 3. The Cath Finntrága or Battle of Ventry, edited from MS. Rawl. B. 487, in the Bodleian Library, (Anecdota Oxoniensia, Mediaeval & Modern ser., vol. 1, pt. 4), by Kuno Meyer (Oxford, Clarendon Press, 1885) **Secondary literature**2. H. d'Arbois de Jubainville, Essai d'un Catalogue de la Littérature épique de l'Irlande. Paris 1883 67–68. 3. Standish O'Grady, Remarks on the Oxford edition of the Battle of Ventry, Phil. Soc. Trans. (1884) 619–646. 4. John Fleming, [Notice], Gaelic Journal, 2 (1885) 289–294. 5. O'Conor, Rer. Hib. Script. I, p. lx. 6. Tomás Ó Concheanainn, [Review of 1962 edition], Éigse 10 (1961–63) 323–327. 7. Gearóid S. Mac Eoin, [Review of 1962 edition], Studia Hibernica 4 (1964) 244–249. 8. Caoimhín Breatnach, The Historical Context of Cath Fionntrágha, Éigse 28 (1994–95) 138–155. **The edition used in the digital edition**2. Cath Finntrágha. Cecile O'Rahilly (ed), First edition [One volume. xxxii +123 pp. Page v Contents, vii–xxxii Introduction, 1–47 Text, 48–62 Appendix I, 62–64 Appendix II, 65–90 Notes, 91–114 Glossary, 115–118 Index of Persons, 119 Index of Collective names, 120–123 Index of Place names.] Dublin Institute for Advanced StudiesDublin (1962) (reprinted 1975) ### Encoding #### Project Description CELT: Corpus of Electronic Texts #### Sampling Declaration The present text represents pages 1–47 of the volume, supplemented by the sections in Appendix 1. Expansions and variant readings are not tagged. #### Editorial Declaration ##### Correction Text has been checked and proofread twice. All corrections and supplied text are tagged. ##### Normalization The electronic text represents the edited text. ##### Quotation Quotations are rendered q. ##### Hyphenation When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page break or line break, the break is marked after the completion of the hyphenated word. ##### Segmentation div0=the whole text. Line–breaks of the printed text are marked lb n="nn". Metrical texts are embedded as separate texts, with quatrains marked and numbered. Individual lines of verse are marked. ##### Interpretation Personal and place names have not been tagged. Neither have terms for cultural and social roles. Such tagging is envisaged in a future electronic edition. #### Canonical References The *n* attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text. The title of the text is held as the first *head* element within each text. *div0* is reserved for the text (whether in one volume or many). The numbered lines provide a canonical reference. ### Profile Description Created: By an Irish scribe, Finnlaech Ó Cathasaigh, whose family came from Cill Ardubh in the barony of Tirawley, Co. Mayo. Date range: c. 1400–1500.#### Use of language ##### Language: [GA] The whole text is in late Middle Irish. ##### Language: [LA] The closing words are in Latin. ### Revision History * (2008-10-22) Beatrix Färber (ed.) * Title elements streamlined, keywords added, new wordcount made, file validated. * (2005-08-25) Julianne Nyhan (ed.) * Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion * (2005-08-04T16:00:13+0100) Peter Flynn (ed.) * Converted to XML * (2001-03-21) Beatrix Färber (ed.) * New header created. Text parsed using NSGMLS. HTML file created. * (1997-02-11) Margaret Lantry (ed.) * Text proofed for the second time. * (1997-02-07) Margaret Lantry (ed.) * Header modified. * (1997-02-07) Margaret Lantry (ed.) * Appendix I proofed for the first time. * (1997-01-30) Margaret Lantry (ed.) * Appendix I captured by scanning. * (1997-01-30) Margaret Lantry (ed.) * Text proofed for the first time; structural markup completed. * (1996-12-23) Margaret Lantry (ed.) * Header created. * (1996-12-20) Margaret Lantry (ed.) * Structural markup inserted. * (1996-12-12) Margaret Lantry (ed.) * Text captured by scanning. --- #### Corpus of Electronic Texts Edition: G303002 ### Cath Finntrágha: Author: Unknown --- p.1 1] Rí ro gabasdair flaithus & forrlamhas an domhain mhóir 2] uili go himlán .i. Dáiri Donn mac Loisginn Lomghlúinig. 3] Ro thinóileadar immorro & ro thimsaigeadar sluaig in 4] domain d'innsaighidh in rígh sin. Táinic ann Bolcán rí 5] na Fraingci & Marghairéd rí na Gréigi & Faghartach rí 6] na hInnia & Lughman Leathanarmach rí Saxan & Fiachra 7] Foiltleabar rí Gairian & Tor mac Breoghuin rí na hEspáine 8] & Sligeach mac Seanghairbh rí Fear Ceapdha & Iruadh 9] mac Dreagain mic Duilli rí Fer nDreagan & Comur 10] Croimgeann rí Fer Conchenn & Caitchenn rí Fer Caitchenn 11] & Caiseal Clúmach rí Lochlann & a trí derbráithri .i. Forne 12] Glaingér Gaisgedhach & Mongach in Mara & Tacha, & 13] Dáire Dédsholus rí Mara Toirrian & Madan Muncas mac 14] Duinn rí na Ga*e*thlaighi & trí rígha ó thurgabáil gréine 15] anoir .i. Duibhceartan mac Fir Mais & Muilleann mac Fir 16] Luit & Cuilleann mac Faebhair Glais, & Ógarmach ingen 17] rígh na Gréigi, an bangaisgedhach is ferr táinic isin doman 18] riam, & mórán do ríghaibh & do tigerrnaibh ele nach 19] áirimter ann so. 20] Ar toigheacht immorro don tromsocraide sin co hairm 21] a roibhe airdrí in domhuin, ro cinneastair uile éncomuirli 22] .i. teacht do ghabháil Érenn ar áis nó ar éigin. Ocus ba 23] hé so a n-adhbar .i. feacht n-aon dá ndeachaid Finn mac 24] Cumhaill ar innarbad a hÉrinn isin domhun mhór & do 25] bhí thoir re bliadhan a n-amsaine ag Bolcán rí na Fraingci, 26] & ro élo bean & ingen rígh Frangc leis ar tabairt comgrádha --- p.2 27] dóibh araen do & is tríd sin ro tinóiledar na sluaig & na 28] socraide sin do theacht dá dhíghailt ar Érennchaibh. 29] Óir nirbo miadh nó maise leisna maithib sin tár & tarcaisne 30] do tabairt don Éirennach orrt*h*o. 31] Is ann sin ro fhiarfaig rí in domhain: ‘Cia bus eólac*h* 32] dam-sa a {folio 1a 2} caladportaib Éirenn?’ ar sé. ‘Do-gén 33] fíreólas duit,’ arsa Glas mac Dreamuin, ‘& atáim féin ar 34] innarbad ó Fhinn mac Cumuill, & bérad eólus ar caladaibh 35] rédhi rofairsingi na Érenn díb-si,’ ar sé. 36] Is ann sin tángadar na sluaig & na socraide línmhara & 37] na teaghlaigi tai*d*bseanacha sin isin oirear a rabhadar 38] a longa & a laídeanga & ro hinnled leó a cnairre & a cairpthi, 39] a curaigh & a caemhlonga, & ro cuireadar amach cliatha 40] cuanna certa crannrighne cruadhrámhadh & do-rinneadar 41] imramh trén togharadh dianlaidir deghcubhaidh gurbho 42] cosmhail re ceathaibh gelclúm ar gormsrothaib nó re hael 43] aengheal ar ardchlochaib na srotha cubhracha cneasgeala 44] sin tar éis na láideang ón luathimram, co rucadar na 45] longa sin sithi seabcamail sruthluaimneach ó cimsaibh 46] na cuan a coimnéineacht tar drumcladaib diana dígáire .. 47] na díleann & tarin mothar mórthonnach & tarna tonnaibh 48] móra mongmóra mallgorma. 49] Is ann sin immorro ro éirgeadar na gaetha & ro 50] ardaigheadar na tonna co nach cualadar-san énní acht 51] nuall mear maithneac*h* na murdhúc*h*ann & gotha imda 52] éccunnla na n-én corrach crithluaimnech ós gluair glastonn 53] agá crothad. Ní mo-chean ámh tarrla re freastal nó re 54] frithólamh na fairrgi forránaighi fuardoimne sin .i. nert 55] tonn & tuili & trénghaithi ag caitheamh a cainnti & a 56] cirgaili & a ceannairrci risna longaibh, & fós nír inadh --- p.3 57] inc*h*omhráidh na treabha taibh*fh*liucha sin re seastán 58] na slat agá sreangbhualad & re coimbéimnigh na crann 59] le garbgaethaib agá cruadbrised. Ní raibhi immorro 60] acu-sun ann sin long gan lúbugad ná rung gan rangbhriseadh 61] ná ub gan odugad ná clár gan crithnugad ná tairrngi 62] gan trot*h*lugad ná {folio 1b 1} bord gan brúghad ná birrling 63] gan brisedh ná abur gan fhoslugad ná teas gan tuargain 64] ná tili gan tuarcain ná as gan iompodh ná crann gan 65] cruadlúdhbadh ná stagh gan sduaidhléim ná ruaidhbréid 66] gan rébadh ná laídeang gan locadh a luathshiubail re 67] lánanfadh, muna theagmadh lucht a freastail & a fortachta 68] ina foc*h*raibh dá fhóiridhin. 69] Ó nach bhfuair immorro in gaeth sin laigi arna laechaibh 70] ná tlás arna trénferaibh, do éirig uaithib co ráinic a 71] haitreab arduachtarach anamna, & is ann sin fa mín in 72] muir dóibh & fa ceannsaidh gach goirmlinn gurbo téigli 73] séimidhe socharthanach in fairrgi itir chuan & chúil & 74] chearn & charraig, co nach ráinic a leas neach díbh oirbert 75] nó imram do dénamh acht na longa fána lánsheólad ag 76] imthecht le foghar na gaíthi glanuairi gur ghabsad cuan 77] & caladport a rinn maithinis na ndomun & ag glascarraig 78] risi n-abarthar Sgeilleag Míchíl aniubh. Is é fa heólach 79] acu ann sin .i. Glas mac Dreamhain ó Shít*h* an Lacha 80] Léin linnuair & ó dhiamralbh Droma Droibheóil, & in uair 81] do dúiscti fiadh nó bethadhach éicciallaidi eili agin fhéin, 82] nír tharbha do choin nó do dhuine rith ris acht a gabháil 83] beó do Ghlas mac Dreamain, & do fastóadh agin fhéin 84] tríd sin & is gairid do bí aca an uair do cuiredh air beth 85] ag feall ar Fhinn do Cormac mac Airt do rígh Éirenn & 86] dob éigean dó Éiri d'fhagbáil tríd sin & dul sa doman mór, 87] & is é ba heólach do rígh in domuin an tan sin. --- p.4 88] ‘A anam a Ghlais mic Dreamhain,’ ar rí in domain, 89] ‘ní cuan mar so do gheallais dom loinges d'fhagáil acht 90] trágha gealgainmidhi a fédfaidís mo shluaig aenaigi & 91] oireachtais do chomóradh an tan nac*h* bedís ac cathugad.’ 92] ‘Is aithnidh damh-sa cuan mar sin a n-iarthar Éirenn,’ 93] {folio 1b 2} ar Glas, ‘.i. cuan Finntrágha a Corca Duibhne.’ 94] Tángadar rompo as sin co Finntráigh & ro línadar 95] crislaigi in chuain uili co nárbo léir in sáili tairsibh, & 96] bárc mór rígh in domhain do gabh in cuan ar tús conadh 97] Rinn na Báirci a ainm ó sin ale, & ro tuirrn*e*adar a seóla 98] illathacha anairtghela & do tógbadar a puipli bélcorcra 99] breachtnaidhi & ro caithsead a mbiadha saera somblasta 100] & a ndeocha míne meascamla & tucadh a croinn ciúil cucu 101] dá sírsheinm & a n-aes dána do ghabháil a nduan & a 102] ndubhchonn dóibh. 103] ‘A Ghlais mic Dreamain,’ ar rí in domain, ‘cia dá 104] ráinic in tír si a tángamar ar tús do chuid ronna?’ Uair 105] do roinnedar Ére eaturra féin ré techt anoir dóib. ‘Do 106] Thor mac Breoghain do rígh na hEspáine,’ ar Glas, 107] ‘ráinic an tír si.’ ‘Más ead, a rí na hEspáine,’ ar rí in 108] domhain, ‘is tú dlighes feis & aedaigh*e*acht na hoidhchi 109] anocht do tabairt dúin*n*e.’ 110] Is ann sin ro éirig rí na hEspáine & ceithri catha armruadha 111] eagair mailli ris, & táinic fo imlibh na críchi a cédóir, & do 112] bádar trí dúnaidh a n-iarthar na críchi sin .i. Dún Cais 113] & Dún Aedha & Dún Cearbain, & do loiscedh le rígh na 114] hEspáine iad idir triath & tigerna, idir mnaí & macámh, 115] idir coin & fhear, idir chuach & chorn & chopán, & do bádar 116] trí chaeca do theaghlach in gach dúnadh díb-sin & do 117] loisceadh leó uili iad. 118] Do bhí iommorro a fhis ag Finn & ag fianaibh Éirenn co 119] ticfad in tromdámh sin d'innsaighi Éirenn .i. ríghradh 120] in domain uili, amail do bhí a fighair & a fháistine dóibh, --- p.5 121] & ní raibhi cuan ghabhála a nÉrinn gan fer forairi ó Fhinn 122] fair. Ocus is é do bhí ag forairi in chuain sin aigi .i. Conn 123] Crithir mac Brain mic Feabhail ó Theamhair Luac*h*ra, 124] & ar Corrchnoc na Féine rea n-abarthar Cruachan Adhrann 125] do bhí sé in oidche sin & {folio 2a 1} sé ina chodlad ann, & is 126] é do muscail hé sceamghal na sciath agá scoltadh & 127] comthuarcain na cloidhi*o*m & comhcomairt na craíseach 128] ag cirrbad curp na fírlaech & gáirthi na mban & na macámh, 129] na con & na n-each fán comlasair. Ocus do érig Conn 130] Crithir fona gáirthibh sin & as eadh adubairt: ‘Mór na 131] gnímha do-rinnedh trím anocht,’ ar sé, ‘& mairg máthair 132] do-rad m'idhna d'éis an chodalta so do-rinnes, & gidedh 133] ní fhaicfe Finn náid fiana Éirenn misi beó dá éisi & rachad 134] ar lár na n-allmurach indus co tuiti dream éigin díbh 135] lium nó co tuiter-sa leó-san.’ 136] Do cheangail a curp ina chathéidedh catha & do lig 137] 'na chailgi reatha rinnluaithi a ndiaid na n-allmurrthach, 138] & ní fada do-chuaidh in uair do-connairc triúr ban roime 139] sa sligid & armghaisceadh laích ag gach mnaí díbh. Ocus 140] do reath-san orro & ní ruc orrtha, & tuc a lámh fón sleigh 141] dá teilgin. 142] ‘An, a óglaích,’ ar bean díbh, ‘uair atá agad eólus ina 143] córa duit h'arm do deargadh ná oruinne & sinn inar mnáibh.’ 144] ‘Cia sibh-si féin?’ ar Conn Crithir. ‘Trí ingena Deirg 145] mic Dolair ó tráigh Mara Tibhir anoir sinne,’ ar siad, ‘& 146] tucamar ar triúr grádh écmaisi duit-si & ní fuathaide le 147] neach againn a chéili é, & tángamar do tabairt chabhartha 148] duit uair do bhí a fhis againn gumadh tusa cédduine do 149] shoisfedh d'fianaibh Éirenn dochum na n-allmurt*h*ach.’ 150] ‘Caidhi bhar cobair-si dam-sa?’ ar Conn Crithir. ‘Budh 151] maith ar cabair-ne duit,’ ar siad, ‘óir dealbóbhmaid-ne 152] sluag draídh*e*achta umad-sa dona geosadánaibh sanaisi 153] & do barr bhilair, & gin co marbhaid sluag nó socraide --- p.6 154] mailli rit-sa, gáirfid dona hallmurachaib & beanfaid a 155] n-airm asa lámhaibh & beanfaid a neart & a radarc díb 156] & mairbhfidhar leat-sa rí na hEspáini & ceithri céd dá 157] muintir. Ocus biaidh cath Finntrágha lá & bliadain 'gá 158] cur & biaidh cathughadh nua gach n-énlá ann risin ré sin, 159] & bi*o*dh cridhi maith agad-sa uair dá marbh-{folio 2a 2} thar 160] gach lae tú, beir imlán ar maidin, óir biaidh tobar 161] slánícidh againne fód comhair & in t-óglach is annsa let 162] a fianaibh Éirenn, do-ghiabha mar sin farit.’ 163] Do bádar immorro sluaig rígh na hEspáine ag gabáil 164] creach & úirthedh & airgne ó Tráigh Modhuirn atuaidh 165] rissa n-abarthar Murbach an tan sa co Finntráigh fo 166] dheas. Is ann sin ruc Conn Crithir mac Brain mic Feabail 167] orrtho & in sluag draídecht sin faris, & do bhean a creacha 168] díbh & do bean in sluag draígheachta a nert & a radarc 169] díbh, & tángadar sluaig rígh na hEspáine 'na raen romadma 170] gusin maighin a raibhi rí na hEspáine, & Conn Crithir 171] 'gá marbad & 'gá mugad. 172] ‘Airis agam, a rímílid,’ ar rí na hEspáine, ‘co ferainn 173] comhlann rit tar ceann mo muintire ó nach impódhann 174] énduine acu fén rit díbh & tú 'gá n-ár & 'gá n-oirrleac*h*.’ 175] Ro innsaighedar trá an dias sin a chéli & ro sháidhedar 176] in dá mergi maethsróill isin tulaig taebhuaine & do shínedar 177] na lámha luathghonacha leisna craísechaib ceannghorma 178] cródherga & tucadar dubgona dlúithi daingne dofhreastail 179] ara chéli. Mar sin dóibh nó gur ardéirigh in grian & gur 180] crannbrissed a craíseacha & gur scailtsed a scéith & gur 181] lánscarsad a lúireacha, & do nochtadar a lannchloidme 182] lasarcorcra leathanfhaebhracha & do rinnedar *urlaide* 183] urrlamh anaithnidh & ro bádar isin comrac sin re tréimsi 184] & re hathaidh fhada do ló, conadh ann sin fuair Conn --- p.7 185] Crithir áitheas bráthbéime a comrac an chathbha*i*rr 186] & na caemhlúirighi do rígh na hEspáine co tobhacht a 187] cheann dá c*h*olainn. Ocus do thógaibh Conn Crithir an 188] ceann & do chomh*m*aíd an gnímh & is edh adubairt: 189] ‘Dar mo bréithir ámh,’ ar sé, ‘ní cuirfidir ón ceann sa 190] mé muna marbtar mé nó co tí uathadh nó sochaidhe 191] éigin d'fianaibh Éirenn cugam.’ Do-chuala rí in domhain 192] sin & is edh adubairt: ‘Is mór in briathar sa do-bheir an 193] laech,’ ar sé, ‘& éirigh dá fhis, a Glais mic Dreamain, 194] an é an t-Osgar ardghlonnach ad-chuala a fianaibh Éirenn 195] do-beir an briathar sa.’ 196] Táinic iommorro Glas a tír & táinic a comghar do Conn 197] Crithir. ‘A laích,’ ar sé, ‘is {folio 2b 1} mór in briathar sin 198] tucais, & caidhi h'ainm & do shloinnedh?’ ‘Misi Conn 199] Crithir mac Brain mic Feabail ó Theamuir Luachra,’ ar 200] sé. ‘Mása tú,’ ar Glas, ‘is fagus t'fhuil & t'fialus dam fén, 201] & is misi Glas mac Dreamain ó Teamair Luachra,’ ar sé. 202] ‘Dob éccoraidi duit-si techt do comrac rim-sa ó allmurchaibh 203] sin,’ ar Conn Crithir. ‘Truagh sin,’ ar Glas, ‘ar shédaibh 204] an beatha uili, dámadh tairisi dhamh Finn & fiana Érenn, 205] ní coimreógainn re neach d'feraibh Éirenn ná rit-sa seach 206] cách.’ ‘Ná habair-si sin,’ ar Conn Crithir, ‘uair cúic 207] mic dég do chloinn atá ag Finn a fhégmais a clannmaicne 208] fén, & luigim-si fóm armaibh & fóm ghaiscedh, dá 209] marbhthá-sa sin uili, nach budh eagail duit Finn acht 210] co tigtheá ara eineach & ara comairci.’ Adubairt immorro 211] Glas 'na dhiaidh sin: ‘Táinic mo lá bádha-sa let-sa & 212] rachad dá innisin do rígh an domain.’ 213] Ocus do ghluais roime mar a raibhi an rí. ‘A anam a 214] Glais,’ ar rí an domain, ‘an n-é Oscar atá ann sud ?’ 215] ‘Ní hé idir, a ardrí.’ ar Glas, ‘& dámadh hé, a táinic as 216] dod muintir-si ní thicfadís, & bráthair dam-sa atá ann & --- p.8 217] is timcroidhi lium a beith 'na aenar & dob áil lium dul 218] do cong*n*amh leis.’ ‘Dá ndeachair,’ ar rí an domain, 219] ‘cuinngim-si ort tacht dá innisin dam an lín thuitfeas 220] lium d'fhianaibh Érenn gach lae, & dá tuiti a beac leó 221] dom sluagaibh, techt dá innisin dam cé lé tuitfid.’ 222] ‘Cuinngim-si ort-sa,’ ar Glas, ‘gan neach dod shluagaib 223] do licean a tír acht mar adér-sa nó co tí fiana Érenn chugainn. 224] Ocus ó nach fhuil urgairdiugadh ele againn aniubh,’ ar 225] Glas, ‘tabraidh comlann énfhir dúinn.’ 226] Ocus do cuiredh dias allmhurach cucu in lá sin & táraidh 227] Conn Crithir an tabhaill taíbleabhar & cuiris cloch cert 228] cudruma innti & tuc urchur cert coimdhíreach co tarrla 229] a tul édain a fhir comraic co rug in inchinn ina caib 230] cró tré cúl a chinn. Fuaradar iommorro an dias sin bás 231] leó & do siredar dias allmurach doc*h*um gach fir acu. 232] Frith uatha co hathlum an aiscidh sin. Tógbhais Conn 233] Crithir in cealtair coimhreamar chatha {folio 2b 2} & tuc urchur 234] áith athlum urmaisneach don fir ba neasa do acu gur 235] bhean a mullach a ochta co ndeachaidh tríd, & mar do-connairc 236] in fer ele sin, do theith do leith aroma in tí arar 237] teilgedh an t-urchur, co ndeachaidh an tslegh tríthu araen 238] co fhuaradar bás de, & do thuitedar a dhias fén le Glas 239] faí sin. Do thuitedar dano trí nónbair leó rí n-oidhchi, 240] & ba créachtach Conn Crithir ón ló sin & adubairt sé re 241] Glas: ‘Tángadar triar ban chugam-sa ó tráigh Mara 242] Tibir anoir & do gealladar damh, gé marbthaí gach lae 243] mé a cath Fhinntrágha, gumadh beó arnamárach mé, & 244] in neach budh annsa lium d'fhianaibh Érenn co fuigheadh 245] mar sin. Ocus coiméd-sa an cuan anocht co ndeachainn-si 246] dá fhis.’ Ocus téit dá fhis & do cuiredar fón tobar 247] slánícidh é & táinic co himlán as. --- p.9 248] Imthúsa Glais mic Dreamhain téid aran chuan. ‘A rí 249] an domhain,’ ar sé, ‘atá cara agam aran loinges .i. Madan 250] Munchas mac Duinn rí na Gaethlaighi, & is edh adubairt 251] sé sa domhan mór thoir gur leór duit-si é fén do gabáil 252] Érenn & co mbéradh a ngéill ar áis nó ar éigin chugad-sa, 253] & cuinnchim-si ort-sa a leigen chugam-sa am aenar anocht, 254] co fhéchamis cia hagainn is ferr choiseónas Ére.’ 255] Ro innsaigheadar dano an dias sin a chéli & do-rinnedar 256] comhrac fíchdha fortamail feidmlaidir. Acht énní, ní 257] hann sin do bhí a ndán bás d'fhagáil do Glas, & fuair rí 258] na Gaethlaigi bás leis. Ocus gairid 'na dhiaidh sin an 259] uair táinic Conn Crithir cuigi & do bí Conn ag molad an 260] gníma sin do-rinne Glas & 'gá comh*m*aídem co mór, 261] is ann sin do-conncadar trénfer fian Érenn cucu .i. 262] Taisteallach Trénfer. ‘A óga,’ ar sé, ‘cia na cinn úd 263] agaibh ósin ár?’ ‘Ceann rígh na hEspáine ceann dibh,’ 264] ar Conn Crithir, ‘& is lim-sa do thuit. Ceann rígh na 265] Gaethlaigi an ceann ele & le Glas mac Dreamain do thuit.’ 266] ‘Scéla Finn & fhian Érenn agad-sa dúinn?’ ar siad. ‘Do 267] fhágbus-*s*a ac Snám Dá Én thuaidh iad,’ {folio 3a 1} ar 268] Taistellach. ‘Éirigh-si dá n-innsaighi’ ar siad, ‘& tigid 269] chugainn dá mberdís anar mbeathaidh orainn.’ ‘Dobadh 270] nár dam-sa sin,’ ar in trénfer, ‘.i. dá rígh do ríghaibh an 271] domhain do tuitim libh-si araen & gan mo lámh do dergadh 272] damh-sa ré ndul ón cuan orrtho.’ Ocus téid aran cuan. 273] ‘A rí an domain,’ ar sé, ‘atá sunn trénfer fhian Érenn ag 274] iar*r*aidh comhlainn.’ ‘Is dam-sa is cóir an trénfer úd 275] do fhreagra,’ ar Coimleathan mac Toithim .i. trénfer rígh 276] an domhain. Ocus táinic a tír a cédóir. Is amlaidh iommorro 277] do bhí an fer sin & deich ferdhuirn fiched ana airde & an 278] urdail cédna 'na lethni, & is amlaid do bhí fós arna fhot*h*racadh 279] a folaib dreagan & leoman & loisceann & nathrach --- p.10 280] neime, & fuathróg fhairsing úrleathair um deanacht a 281] c*h*uirp. 282] Ocus ro innsaigedar na tarbhlaích sin a chéili ana 283] tréitibh taíbhtheann*a* tonnbhorba troighleathna tarrlúthmara 284] tailcíchtaracha, & do maelgormaighedar na 285] maelshúili mórliatha malachgharbha & do comhdrannt-aigheadar 286] na cláirfhiacla craebhghlasa cnáimreamhra 287] cogantacha craesfhairsinga & do chasadar na cromsróna 288] cuasleathna comtharrthacha craebhshilteacha & ro inn- sa*ighe*dar 289] na laích sin a chéli & ro iadhadar na dódlámha 290] dublaidire doleónta daingeangreamacha dosca*í*lti tarna 291] dromannaibh & tucadar trodchuir tréna thulgánacha 292] d'aroili. Is ann sin iommorro tuc trénfer rígh an domhain 293] fáscadh fortill fírchalma ar Thaistellach cor theilg braen 294] fola forruaidhi ar barr gach meóir dá méraibh & lia 295] dubhfhola tara bhél, & cuiris 'na easclainn aird adhbhail 296] ara ghualainn é & cuiris ina rith é co hairm a raibhe rí 297] an domain. Ocus ad-bert Taistellach: ‘A anam a 298] Choimhleathain, créd dob áil leat do dénamh rim?’ 299] ‘Do breith co rígh an domain,’ ar sé, ‘& do cheann do 300] tharraing as do cholainn & a cur ar cuaille a fhiadhnaise 301] fer an domhain.’ ‘Olc an comairle sin,’ ar Taistellach, 302] ‘uair is ferr duit mo leigen sís co sléchtainn duit a 303] fhiadna*i*si sluagh an domhain. Ocus do sléchtadar {folio 3a 2} 304] tréinfir Érenn uili dam-sa & do-ghénaid duit-si mar sin, 305] & is maith duit fós a beith rena innisin isin domhan mór 306] thoir agad gurab taesca do ghabhais féin géill tréinfer 307] Érenn ná do ghabh rí in domhain a ngéill.’ ‘Is cubhais 308] dam-sa,’ ar Coimlethan, ‘co ndingean sin rit.’ Ocus leigis 309] sís ar lár hé. Cromais Taistellach a cheann dó-sum. Dóigh 310] leisum fa sléchtaine dó féin sin. Sínis Taistellach *a lámha* 311] ana thimcheall & ro fáisc co fortill fearglaidir co ráinic ar --- p.11 312] ard a ghualann, & an líg chloichi do bhí a comfhoccus dó, 313] tuc urchur de uimpe co nderna smirspairti fola *&* cró dá 314] curp a medón a croicinn, & tuc an chois thailc troighleathan 315] rena ghualainn dó & do tharraing an ceann dá cholainn & 316] do comh*m*aídh an gnímh. 317] ‘Atré buaidh & beannachtain,’ ar Conn Crithir, ‘& éirigh 318] romad anocht co teach m'athar-sa co Teamair Luachra 319] .i. Bran mac Feabail, & abair re Bran Tuatha Dé Danann 320] do thimsachad uili dar cabhair, & éirig as sin amárach 321] co fianaibh Érenn.’ Ocus táinic Taistellach roime tar 322] éis an comraic sin co dúnadh Brain mic Feabhail & do 323] innis a scéla uili co himlán dóibh. 324] Do-chuaidh iommorro Bran mac Feabhail do thinól & 325] do thóicheastal Thuaithi Dé Danann & do-chuaidh co 326] Dún Seasnáin Seanghabhra a nÍbh Conaill Gabhra, & do 327] bhí fleadh agá caitheam ann & mórán d'ógaibh Tuath 328] Dé Danann ann, & do bádar trí saermacáim Tuath Dé 329] Danann ann .i. Ilbreac mac Manannáin & Némhannach 330] mac Aenghusa & Sighmall hua Midir, & ro cuirsed fáilti 331] re Bran mac Feabail & dob áil fhosaig do dénamh dó. 332] ‘A óga,’ ar Bran, ‘atá éigin is mó ná sin orainn.’ Ocus 333] do gab ag innisin a scél dóib & ac innisin an éigin a raibhi a 334] mac .i. Conn Crithir, ‘An-sa agam-sa anocht,’ ar Seasnán, ‘& 335] rachaid mo mac .i. Dolb mac Seasnáin, co Bodhb Derg mac 336] an Daghdha, & timsóchaid Tuatha Dé Danann chugainn.’ 337] Ocus do-rinnedar amlaid sin & do-chuaidh Dolb mac 338] Seasnáin roime co Síth {folio 3b 1} Bhan Fhinn ós Feimeanmuig 339] & is ann do bhí Bodhbh Derg mac an Daghdha an tráth 340] sin, & ro innis Dolbh na scéla sin do. ‘A óig,’ ar Bodhb 341] Derg, ‘ní sinne dlighes Érennaigh do chabair ón éigin sin.’ 342] ‘Ná habair *sin*,’ ar Dolb, ‘uair ní fuil mac rí ná --- p.12 343] rodhamna ná taísech féine d'fhianaibh Érenn gan bhean 344] do Tuathaibh Dé Danann nó gan a máthair nó a buime 345] nó a maicleannán díbh & is mór dábar cabair-si do-rinnedar-san 346] riam gach uair bu éigin díbh.’ ‘Is cubhais dúinne ámh,’ 347] ar Bodhb Derg, ‘gura cóir do f*h*reagra let fheabhas do 348] theachtaire.’ Ocus do cuiredar teachta uatha ar Tuathaibh 349] Dé Danann a fhail a rabhadar & tángadar uili co hairm 350] a raibhi Bodhbh Derg & tángadar co Dún Seasnáin. Ocus 351] do bádar ann an oidchi sin & ro éirigheadar co moch 352] arnamárach & ro ghabhsat a léinti saera sídamla umpu & 353] a n-inair amlacha iublaidi ilgrésacha & a lúireacha tiugha 354] taíbhleabhra taitnemacha & a cathbarra clochórdha 355] cumdaigh & a scéith scáthuaine & a cloidhme troma 356] taíblethna toirteamla & a sleagha slípt*h*a slinnleathna. 357] Ocus is iad fa rígha & fa ro*fh*laithi dóib an tráth sin 358] .i. trí Gairbh Shléibhe Mis & na trí Léith Luachra & na trí 359] Mhuiredhaigh Mhaidhi & na trí Shichairi Siúiri & na trí 360] hEochaidh �ine & na trí Laegairi Licdherga & na trí Conaill 361] Clomraighi & na trí Finn Fhinnabrach & na trí Scáil Brogha 362] an Scáil & na trí Rodanaigh Raighne & trí Discertaigh 363] Droma Fornochta & trí mic Aedhain Easa Ruaidh mic 364] Bodhuirn & Táthbuillech Shléibhe Cairn & Sochearn 365] Muighi Sainbh & an Seaghsa a Seaghais & Fear Dron a 366] Laighis & an Glas a Bruinne Breagh & Airgedlámh ó 367] Sinainn & Ograidhe a Maenmach & an Suirgeach ó Leamhain 368] & an Seancha ó Sinainn & Midir a Brigh Léith & Feilim 369] Nuacrothach mac Nocheadail & Donn a Sídh Beacuisce & 370] Dreagan Dronuallach & Fer an {folio 3b 2} Bérla Bhinn ón 371] Bhóinn & Cathal Crithchosach rí Berrnáin Éili & Donn 372] Fritgrine & Donn Duma & Donn Teimeach & Donn 373] Seanchnuic & Donn Chnuic an Dois & Brat Riabhach & 374] Dolb Dédsholus a sídhaibh & cúic mic Fhinn a Sídh Cairnn 375] Chaín & Finnbharr Meagha Siúil & Sighmall ua Midir --- p.13 376] & Ilbreac mac Manannáin & Némannach mac Aenghusa & 377] Lir Síthi Finnachaidh & �bhartach mac Illathaig, & mórán 378] eili do maithibh Tuath Dé Danann nach áirimhter ann so. 379] Táinic dano na sluaigh & na socraide sin a críchaib 380] Ciaraighi Luachra & co Sliabh mongruadh Mis & as sin 381] co cuan Finntrágha. 382] ‘A Thuatha Dé Danann,’ ar �bhartach, ‘éirgedh méid 383] meanman & aignedh indaibh re hagaid chatha Finntrágha, 384] uair biaidh sé lá & bliadain 'gá cur & biaidh gním gach énfir 385] díb 'gá innisin co deireadh an domhain, & comaillidh na 386] briathra móra do-bherthaí isna tighibh n-óla.’ ‘Éirig, a 387] Ghlais mic Dreamain,’ ar Bodhbh Derg mac an Daghdha, 388] ‘d'fhógra catha dam-sa co rígh in domhain.’ Do ghluais 389] Glas roimhe mar a raibhe rí in domhain. ‘A anam a 390] Ghlais,’ ar rí an domhain, ‘in iad fiana Érenn súd?’ 391] ‘Ní hiad,’ ar Glas, ‘acht drem eili d'feraibh Érenn nach 392] lamhann beith ar uachtar talman acht beith a sídhbroghaibh 393] fo thalmain .i. Tuatha Dé Danann, & d'fógra catha dóibh 394] tánag-sa.’ ‘Cia freageóras Tuatha Dé Danann dam?’ ar 395] rí an domhain. ‘Rachmaid-ne cucu,’ ar dá rígh do ríghaibh 396] an domain .i. Comur Cromgenn rí Fer Conchenn & Caitchenn 397] rí Fer Caitcheann, & do bádar-séin cúic catha armruadha 398] eagair & tángadar a tír a cédóir ana ruadbuinnedhaibh 399] romhóra. 400] ‘Cia do dingémadh rí Fer Conceann dím?’ bhar Bodbh 401] Derg. ‘Rachad-sa chuigi,’ ar Lir Síthe Fhinnachaidh, 402] ‘& gidhedh, do chuala mé nach fhuil sa doman mór duine 403] is ferr lámh ná sé.’ ‘Cia dingbhus rí Fer Caitcheann díb?’ 404] ar Bodhbh Dearg. ‘Dingébhad-sa,’ ar �bartach mac 405] Illathaigh, & gabhais lúirech trom treabhraidh taitneamach 406] uime & cathbarr cíorach coinnlech ceithircimsach & 407] cloideamh ... {RIA MS 29§}*--- p.48 {folio 328} ‘Diongbhad-sa é,’ ar �dhbhartach mac Ioldaithche, agus gabhas a lúireach tsaidhbhir taitneambach uime agus cathbhar*r* cíorach coinnleach ceatharchiumhaiseach uime a cheann agus cloídheamh deargfhaobhrach doifhreastail fána c*h*léthaobh agus dá chraoisicc cheannghorma chodroma chatha ionna láimh chlí. Agus táinic sé san gcath ámhalaidh sin & do ghaibh dá n-ár agus dá n-oirleach agus dá n-athchuma.* Air sin tárla dá chéile Lir Síth Fionnchaidh agus Rígh bhFear gCoincheann, agus tugadar treasa doilghe díthchillíghe dothuaras-gabhála dá chéile. Agus as gairid do bhí *Lir* san ccómhrac an tan do bhí sé dá chlaoidheamh ann. Ó do c*h*onna*i*rc Bádhbh Dearg sin, asé adubhairt: ‘Is trúadh liom t'faicsint san éigionn sin, a Lir,’ air sé, ‘agus éirgeach neach éigin agaibh dá chabhair.’ Air sin téid Ilbhreac mac Mannannáin agus an Néamhannach mac Aongusa san gcómhrac agus tugadar fíorghoin gacha fear aco ar Rígh bhFear gCoincheann. Freagrais Rígh bhFear gCoin- cheann cumaoin a ngona dóibh sin & níorbh f*h*eár*r*de do Lir é. Ó do chonna*i*rc Badhbh Dearg sin, asé adubhairt: ‘Is dursainn liom t'faicsin san éigin sin, a Lir,’ air sé, ‘agus cia do-ghéabhainn do chúnamh leis?’ {folio 329}‘Rachad-sa do chúnamh leis,’ air Siomall ua Méidhir. --- p.49 Agus téid sé go háit na hiomreasna agus tug doghonadh air Rígh bhFear gCoincheann. Freagrais Rígh bhFear gCoincheann cumaoin a ghona do san go hol*l*amh & níor leóimh Lir a cheann do thógbháil súas ó*na* sgéith agus do léig osna éagchómblainn as árd as. Ó do chonna*i*rc Badhbh Dearg sin, asé adúbhairt: ‘Is truadh liom chroidhe Lir d'faicsint san éigionn úd, agus a óga, éirge dá chabhair go lúaith.’ Air sin tángadar chúig mhic Fhinn ó S*h*íth Chairn Chaoin go láth*a*ir na hiombhúailte agus go hionnad na hiomreasna, agus tug síad goin gacha fear aco air Righ bhFear gCoincheann & do g*h*oin seisionn gach fear aco sin agus d'freagair a chómhrac do Lir air gcédna. Gídheadh tángadur trí naoinamhuir oile do Th. D. D. chúcha agus do ghoin gach fear aco sim Rígh bhFear gCoincheann agus ní hiomdha goin díobh sin d'imthig gan goin ionna háighidh ó Rígh bhFear gCoincheann, agus do bhain osna éagchómhlainn as Lir tórsa uile. Iomthúsa �dhbhartach mac Ioldaithche do thuit Rígh bhFear gCatcheann leis agus do chúalaig sé osna Lir san gcómhlann, agus táinic 'na réim ró-reatha chuige agus do rug léim le crann na craoisighe go ttárla a dhá throig air ghualainn Lir aige & do rug an darra léim idir Lir agus Rígh bhFear gCoincheann. ‘Seachain an cómhrac, a Lir,’ air �dhbhartach, ‘agus léig eadrom-sa agus an Rígh feasta é.’ Cuireas �dhbhartach mac Ioldaithche a chloidheamh san láimh chlí agus *a* chraoiseach san láimh dheis agus tug goin d'ionnsuíghe brollach lúiríghe Rígh bhFear gCoincheann. {folio 330} Tógbhus Rígh bhFear gCoincheann a sgiath súas d'imdhíghean a bhrághad gurbadh ann sin do bhuail �dhbartach dá chloídheamh fán íochtar é gur theilg a dhá chois óna ghlúinibh síos de, agus do thuit an sgíath leis sin síos do Rígh bhFear gCoincheann & tug �dhbhartach an darra béim do gur sgar a cheann & a chollann rena chéile. --- p.50 Air sin do ghabhadar na Coincheannaig raon maidhma chúcha agus géarbh iad T. D. D. do sheasaibh an ball an lá sin, ba hadhbhal a n-easbadh fá dheóigh, & tugadar a lucht croinn agus crólíghe leó dá síththrogaibh féin. Iomthúsa Fionn mac Cúmhaill & Fíanaibh Éirionn an lá *san* do bhádar ag snámh ag �th Éin budh thua*i*dh ag Soinninn & iad air talamh ós túaith Teamhrach, agus do-chonna*i*rc siad Taisdiol Tréanfhear chúcha. Agus táine Fionn féin ionna chuin*n*e & ionna chómhdháil, óir ba béus leis an tí do chuireach dtiarraidh sgéula, teacht do féin dá innsint nó dá agallamh, ionnus dámo drochsgeula do bhíoch aige go ttiubharradh sé féin cumaoin ortha nach tiúbhrach an t-óglách, agus dámo sgéula matha do bhíoch aige go mbeárrd*e* a mblas é féin dá n-innsint. Agus d'innis Taisdiol mur do thángadur Ríodha an Domhuinn Mhóir uile go cúan Fionntrágha agus a ngníomhurtha ann go nuige seo. ‘A Fhíanaibh Éirionn,’ air Fionn mac Cúmhaill, ‘do fúaireamhuir mórán d'olc na hÉirionn agá cosnamh riamh, agus as beag gach mórolc dár fríth aiste d'féuchaint an uilc gheabhthear anois aiste ón dream táine inte, agus cosnaigh go {folio 331}maith riú í.’ Air sin ro éirgiodar Fionn agus Fíanaibh Éirionn a moch lae & lántsoillse air na mháireach agus ro ghaibh síad a n-airm ádhbharacha iomghuineacha óirghréasacha umpa agus do chóruígheadair a gcarbaid leó agus tángadur tar Sruth attúa*i*dh agus a n-Aoibh Chonnuill Gábhra agas a gcríochaibh Chíarruídhe Lúachra, agus do Thragha leabhair bháin láimh chlí le Cathair na Claonrátha síar. Agus do bhádar an fhian an oídhche sin ag Innbhir Labhroinne .i. Labhroinn inghín Mhíledh hEaspáine do báthadh leis an ttuinn sin agus is annsin oilleán sin do hadhnacadh í agus is uaithe tugadh an t-ainnim sin uirthe, agus as Innis Catha anois í. Agus do chuir Fionn mac Cumhaill a órdóg fána dhéid fhios agus taidhbhreadh fios & fíoreólus do agus adúbhairt Fionn: ‘Tiocfa*i*dh aimsir ann,’ ar sé, ‘agus beith toillcea*n*d .i. cléire, annso ag foghnamh don Tarnnguireach uilechómhachtach beó & marbh, don Mhac --- p.51 is fearr rugadh nó béarrfar, d'ardrígh nimhe & talmhann, agus beith árus clog & cléireach ann.’ Asa haithle sin adúbhairt Usgur le Caoilte & le Mac Lúidheach: ‘Tige liom, a óga,’ ar sé, ‘go ndeachamaois d'fios na díse deaghlaoch .i. Conn Crithir agus Glas mac Dreámhuinn dá mbeirim ionna mbeatha ortha ionnus go ndeargfaimís ár n-airm air na hallmhúrachaibh sul do thiocfadís an fhían chúghain*n* amáireach.’ Agus rángadur riompa go Fionncharnn na Faire os cionn Fionntrágha. Agus táine {folio 332} mian codalta d'Usgur ann sin. ‘Anaigh agom, a óga,’ ar sé, ‘go ndearrnainn beagán suain óir dob fhearrde liom chum catha é’ Agus do luígheadur air an gcarnn, Caoilte dá leath deas agus Mac Lúidheach dá leath clí. Air sin adúbhairt Ardrígh an Domhain rena theaghlach teacht a ttír & creachadh do bhreith chuige sul do thiocfadís Fionn mac Cumhaill agus fíanaibh Éirionn air an gcarnn. Tángadur sluagh Rígh an Domhuinn a ttír air sin, tríar air chaoga*i*d laoch & tugadar gáir mhór os árd asta & do thógbhadur gáir mhór ag sluagh Rígh an Domhuinn air bórd a longa dá ccómhfhreagra, agus bo hiongna le gach *aon* dá gcualaidh na gárttha sin gan dul re gaoith & re gealtachas dóibh. ‘Do shiubhlas an dómhunn mór uile fá t*h*rí,’ air Caoilte, ‘agus as bríathar dham nách cúala an uiread sin do goithibh daona daoine a n-aon ionnad ríamh.’ Air sin do sginn Usgur feadh naoi n-iomuire ón gcarnn amach agus d'eirge go prap arís agus do ghaibh a ruaimneach chatha ina láimh chlí & a chloídheamh inna láimh dheis & tug dá bhuille a gcuinne a chéile dá chloídheamh & dá luirg chatha. Agus adeirid daoine nách tuga*dh* aon bhéim roimhe ríamh ná ionna dhíaig as mó léar treasgra*dh* daoine leis ná é, óir do háirmheadh naoi naonamhuir a gcrólíghe dá éis dár threasguir dá nguail*l*ibh, dá nglúinibh & dá {folio 333} n-uillinnaibh. Agus téid 'na ruathar ró-thréan luaithreatha air *sin* d'ionnsuídhe mhuinntire Rígh an Domhuinn. Annsin do chúalaigh Conn Crithir agas Glas mac Dreamhainn an bhéim sin agus tángadur a gcuinne an churradh a gcéadóir --- p.52 agns táine Usgur ionna ruathar a ttiompchioll chaith na n-allmhúrach ionnus nách sgaoilfeach aon aco ó chéile, agus táine fúthaibh donna dhiagh sin ionna ruathar ró-reatha gur cior*r*badh cuirp & gur treasgradh cinn & gur leadradh lúireach leis agus ba samhuilte sin re buinne rábharta ag rith an ruathar rug futha*i*bh, acht cheana ní dheacha*i*dh aon as díobh le sgéulaibh gan tuitim le Usgur sul táine an oídhche. Is annsan do-chonna*i*rc na hallmhúraibh Fianaibh Éirionn ag teacht dá n-ionnsuídhe ionna ruadhbhróinntibh rómhóra, agus do sháith síad a bpobull d'Fionn mac Cumhaill air an Ráith os cionn Fionntrágha gonna Ráith Fhinn a hainnim ó sin a leith. ‘A rígh féine,’ air Oisín, ‘an d'aontaobh do chuirfim caith risna hallmhúraibh?’ ‘Ní budh hé,’ ar Fionn, ‘óir do mhúchadís iomarcadh na sluagh sinn agus ní budh fearr fear uásal ná anúasal aguinn. Gidheadh cuirfiod-sa mac rígh nó árdfhlatha gach lá ag cómhrac le Rígh an Domhuinn gona shluagh, agus cóireóchad-sa caolrinn air mo chaith féin & deireadh leathan ionnus go sgaoilfe caolrinn mo chatha-sa na hallmhúraibh ó chéile {folio 334} agus nach léigfeadh an deire leathan a ndlúthúghadh rena chéile arís. Agus ná deargach aon duine agaibh 'arm acht air thríath nó tighearna *óir* an úair thuitis an tríath nó an tíghearna, is maidhm dá mhuintir é.’ Agus adúbhairt Fionn mac Cúmhaill mic Tréanmhóir uí Bhaoisgne: ‘Cia do-ghéabhainn chum an chatha amáireach?’ ‘Do-ghéabhair mise,’ ar Fionn mac Dubháin .i. rígh féine an Fhian Mhuimhneach. ‘Ní racha*i*r cheana,’ ar Fionn, ‘óir teasbeántar dhómh-sa ná fuil séun catha amáireach ort, óir ní dheachaigh aon duine a gcaith uaim ríamh nách aithneóchuinn a ttiocfach sé taranais chúm arís.’ Adúbhairt Fionn mac Dubháin: ‘Air shéudaibh na beatha uile dámo thairigsi dhómh-sa arís go bráth íad, ní locfuinn ó*n* gcaith do ghabhus do láimh tré dhroch-fháistinne --- p.53 air bith do dhéanamh dham, agus as air mo thír féin do-rinneadar an chéaddiobháil agus as mé féin do dhíoghalfas ortha é air ttúis.’ Air *sin* téid Fearghus Finnbhéil d'*fh*ógra catha d'Fionn mac Dubháin go Rígh an Domhuinn. ‘Cía fhreagaras Fionn mac Dubháin dham?’ air Rígh an Domhuinn. ‘Freagaród-sa é,’ air Margréta Mór Rígh na Gréige, ‘agus atáid trí catha agus fithche laoch agam ann so.’ Agus téid Fearghus File {folio 335} go mac Dubháin agus go ttí a dhá mhac mheannamnacha do bhí mur aon fhris .i. Fáilbhe & Máine agus an fhian Mhuímhneach uile fairiú. Agus rugadar ruathar rachtmhar ró-olcach a g*c*uinne agus a gcómhdháil a chéile agus ni lúgha ná céad laoch do thuit le saint chum a rochtainne chum a chéile agus *níor* fhan siad go rángadur ucht le hucht. Is annsan tug Rígh Gréag urchur urm*aisne*ach áitheasach don chraoisig cheannghorm chómh-reamhur chatha d'Fionn mac Dubháin gur tharlaigh idir órdruinn agus imlinn d'Fionn mac Dubháin í gur bhris a dhruim fada sliosgheal árd ann go ná raibh fáith leágha ná leighis air dá éis. Air sin cuiris Fionn mac Dubháin a fheidhm air an sleagh agus tarangas as í agus cuiris 'na ruathar eagcobhsaidh go Rígh Gréag í óir níor fhéad éirg*h*e ionna sheasamh air mbrisi a dhroma ann don urchar, agus cuiris a láimh ann a chloidheamh c*r*osórdha cúmhaduighthe agus tug buil*l*e do Rígh Gréag gur theasg an caithchrios agus gur leada*i*r an lúireach agus go ndearrnaig dá chuid chodroma dhe, gur chómthuiteadar an dís deaghlaoch sin. Agus do claoidheag feart d'Fionn mac Dubháin os cionn Fionntrágha, gurab amhalaidh sin do t*h*uiteadar na tréanfhir úd bonn re bonn & beól re beól {folio 336} ar an láthair sin, agus do thógbhadur trí gártha móra troma taidbhseacha ag sluagh an domhuin agus ag fianaibh Éirionn ag cómhuídheamh na díse deaghlaoch sin. --- p.54 Annsin adubhairt Fionn mac Cúmhaill: ‘Is truagh liom Teamhair Luachra do bheith gan Fionn mac Dubháin innte, óir ní dheachaidh duine diombuídheach aiste riamh re bhúr linn, agus an té nách fuilinge am dhún-sa ná *a* ndún Chormaic mic Airt mic Cuinn Chéadchatha do dheich seachtmhuine, do-ghéabhadh cion & ceól a ndún Finn mhic Dubháin ar feadh bliadhna, agus do-bheirim-si ainnim at*h*ar air Fháilbhe ionnus nách beith Teamhair Lúachra re bhúr linn gan Fionn mac Dubháin inte.’ Mar sin dóibh go maidionn air na mháireach. ‘Agus cía do-ghéabhainn chum an chatha aniogh?’ air Fionn. ‘Do-ghéabhair misi,’ ar Goll Garbh mac Rígh Alban, agus doba inghín do Gholl mac Mórna a mháth*a*ir, agus air mhair do chlannaibh Mórna an tráith sin, as faris do bhídís, agus as beag dá bpríomhlaochaibh do mhair an tan sin acht Conán mac Mórna amháin, óir do marbhadh Goll glacláidir roimhe sin tré fheall & tré fhionnghall le Fionn mac Cúmhaill & {folio 337} le fianaibh Éirionn. Air sin d'éirge Goll Garbh mac Rígh Alban & ro ghaibh a iorradh glasleabhair gríosmháilleach chatha uime & do chomhéirge colg an chaithmhíledh sin ionnus go n-anfach mionúbhall nó móráirne air bhar*r* uachtarach gach ruibe dá f*h*olt agus dá fhion*n*adh agus do shluig súil dá shúilibh a gcuas íoghachtaraig a chinn chasfholtaig agus do mhearlas an tsúil eile 'ge go nár mhó maoldorn míledh ná re faicsint na n-allmhúrach dó. Agus as iad táine an' aighidh .i. trí Ríghthe ó thuargabháil gréine anoir .i. Dubhcheartainn mac Fearmais, Uilleann mac Faobhair Ghlais agus Cuilleann mac Fearlúaith gonna ttrí cathaibh cródha cómhóra. Agus téid mac Rígh Alban fúthaibh, agus an neach do chéadfhéuch air níor fhéad 'athfheicsint arís le méid a fheirge, & gabhais dá n-ár & dá n-éirleach & dá n-athchumadh gur ba lía a marbh ná *a* mbeó go ttáirfios dóibh air sin a gcoirp agá gcíorbadh agus a muinghíl ag[macr ] maol*l*eadra & a bhfuil ionna bhfaonluíghe & a mbeoil a*g* blasmearna agus a gcluasa ag clismearna go ndeachaig a gcíal*l* & a gcuimhne --- p.55 uatha. Agus do chruinnighidar cáirde chúghcha & tugadh sin dóibh agus dob í a gcómhairle annsan a ttrí Ríghthe do ghabháil agus a ttabhairt do mhac Rígh Alban do chion*n* imtheachta agus léigionn dóibh féin. Air sin táine mac Rígh Alban go mórmheannamnach mur a raibh Fionn {folio 338} mac Cúmhaill & fíanaibh Éirionn & na braighde sin mur aon fhris agus do díthcheannuidheadh a bhfíanuise an rígh féine Fionn mac Cumhaill iad. Agus mur tháine an lá air na mháireach chúcha, adúbhairt Fionn mac Cúmhaill: ‘Cía do-ghéabhainn chum chatha aniu?’ ‘Do-ghéabhair sinne,’ air Osín & air Usgur mac Oisín, ‘agus clanna Baoisgne uile farrainn óir as *s*inn cuid is fearr d'aoibhneas Éirionn agus as dúin*n* as cóir a cosnamh mar sin.’ Air sin téid Fearghus d'fógra *catha* ó Osín mac Finn & ó Usgur mac Osín go Rígh an Domhuinn. ‘Cia fhreagras clanna maicne an rígh féine dham ?’ air Rígh an Domhuinn. ‘Freagoród-sa íad,’ air Bolcán Rígh Fraingc, ‘óir is chúcha tángus a nÉirinn, & tuitfid liom agus Fionn féin ionna ndiaig óir ó thuiteas préamhacha an chrainn, tuitfidh an crann féin asa háithle sin.’ Air sin éirgeas Bolcán Rígh Fraingc & a chei*th*re catha armrúadh mar aon fris agus do ghabhadar a n-ear*r*adha catha uile umpa & tángadar a ttír fá chéadóir. Agus ro éirge do*n* leath eile Osín armnímhneach mac Finn mhic Chúmhaill mhic Tréinmóir uí Baoisgne & Usgur anglonnach mac Osín & clanna maicne Baoisgne ó sin amach. Agus do ghabhadar a léinteacha saor*a* síodhamhala suaicheanta úmpa agus a sgíatha sgáthúaithne agus a starghaibh stuadhghlana agus a gca*th*bharra dubhdhaith*t*e agus a --- p.56 gcloidhimhe troma taobhleabhaire toirteamhla agus a sleaghaibh slíopa slinnleathana slinnghéura. Cía trácht do chromadur na catha ceachtardha fána chéile inna rúadhbhróintibh rómhóra agus ionna ndrongaibh toirteamhla líonmhur*a* {folio 339} gur marbhadh mórán re hathaidh n-aithghairid eatortha. Is ann san do mhearlas an mhuir mhearthonnach mheasgaitheach d'innsint uilc an chatha sin agus do chriothnaig an talamh trómfhódach fána gcosaibh & do chómhbhéiciodar cairgeacha cinngharbha agus do bhorblabh- aradar badhbha beóldearga bonnlúaithe & brainfhéich bhorbdhubha bheólchaínteacha & ba cómhór do labharadís clocha na talmhann ionna ttíompchall agus coillte tean*n*troma agus easaibhne éadroma agus linnte labharthacha lomlúaithe, agus tugadar na dúile úachtaracha trómgháir d'aontaobh ortha d'innsint na n-éacht agus na n-easbadh sin óir do nualladís cruinn agus clocha, aeghar & firmemente dá chéile d'innsint uilc na húaire sin gur chlos fá cheithre chual*l*aibh an domhuinn an díoghalt tug Usgur air caith na n-allmhúrach an tan sin, agus ba samhuiltíghe sin le ga*i*rbh*e*as glórach garbhlinnteach ag cómhdhortadh tré chaol-charruig*e*acha chómhtheanna nó mur bhuinne borbruadh breaclasarach tré mhullach ríghthíghe etc. § --- p.14 408] *Rug* {folio 4a 1} Oscar ardruathar fo cath na n-allmurach 409] & ba samalta sin re gairbheas nglórach ngairbhlinnteach 410] ngráineamhail ac comdortadh tré chaelcharaidh comthana, 411] nó mar bhuinni mborbruadh mbreaclasrach tré mullach 412] rofhairsing ríghthighi, nó mar thonnghail tuinne ceannghili 413] cneasuaine cainntighi cuipghili treathanmóiri 'na timcheall, 414] is é sin sreat*h*adh & scaíledh & slisbualadh & sreangleadradh 415] & saebcuma tuc Oscar arna hallmurchaibh don ruathar sin. 416] Is ann sin do-riacht Bolcán rí na Fraingci & Oisín doc*h*um 417] a chéli & ro sáidhsead an dá meirgi maethsróill isin tulaig 418] taebhuaine & ro thógaibhsead an dá sciath áilli ilbuadhacha 419] a n-aicill a chéli & ro nochtadar a cloidhme creatbláithi 420] comtharrachaa & do-rinneadar urrlaidhi urrlamh ainiarmartach. 421] Ocus do bhí an comrac ag dul tara chéili ann 422] sin uair do bás ac clódh Oisín ann, & do-connairc Oisín 423] mac Oisín sin & táinic chuca & tuc béim do rígh na Fraingi 424] & do-rad an rí bém dó-san & do freagair a comlann d'Oisín. 425] Ocus do-con*n*airc dá mac ele Oisín sin .i. Échtach & 426] Uladh, & ro ghonadar rígh Frangc & do gon-san gach 427] neach díbh-sean a cumain a ghona, & do bean osnamh 428] éccomlainn a hOisín tairsib uili. Ocus do-connairc Mac 429] Lughach sin & do-rad rodghuin do rígh Frangc & do-rad 430] an rí béim dó-som & do freaga*i*r a comlann d'Oisín. 431] Tángadar iommorro trí caeca laech do Clannaibh Baíscne 432] chuigi & ro ghon gach énfhear acu hé & ro ghon-san gach 433] énfer acu-san, & do bean osnam éccomlainn a hOisín 434] thairsibh uili. 435] Do-chuala iommorro sin an tuir nár traethadh & an 436] leoman luathfhergach & an nathair neimhélach & an 437] onchú irghaili & an tonn rabharta & an bráth tar bruachaibh 438] & an chathbearna céd & an lámh nach lamthaí & an croidhi 439] nach cumscnaidthí & an troigh nach ruc aenchéim ar --- p.15 440] cúlaibh riamh roim {folio 4a 2} uathadh nó sochaide .i. Oscar 441] anghlonnach. Ocus ba hingnadh leis cia do lémadh an 442] éigean sin ara athair, & táinic dá n-innsaighidh ana 443] fheargruathar reachtaigmhéil & ba samalta re caeca each 444] ac torannbhualadh & ag crithbhualadh na trágha an 445] crithbhualadh tuc uirri. Ocus do-connairc rí Frangc 446] chuigi hé & do-chuaidh a c*h*ruth & a chaemhdénamh de & 447] téid a ghal & a ghaisceadh ar chúl & smuainis nach roibhi 448] ar talmain dídin aigi muna deachadh a n-aer nó a 449] firmaiminnt, & féchais suas arna néllaibh & smuainis 450] gumadh dín dó eaturra & táinic édtruma chélli & aigeanta 451] dó & tuc síneadh ara c*h*olainn ó talmain co ndeachaidh 452] re gaíth & re gealtacht a fhiadhnaisi sluagh an domhain 453] & nír thoirn don baetheitill sin co ráinic Gleann mBolcáin 454] a n-oirrthear na críchi sin, & tucadh gáirthi adhbulmhóra 455] ag sluaghaibh an domhain 'gá chaínedh & ac fianaibh 456] Érenn 'gá commaídheamh. 457] Do bádar iommorro fiana Érenn mar sin co táinic an 458] oidhchi, & adubairt Finn: ‘Is cumthach aithmélach atá 459] rí an domain anocht,’ ar sé, ‘& do-bhéra amas longpuirt 460] oruibh. Ocus cia hagaibh do-ghiabhainn d'foraire an chuain 461] anocht?’ ar sé. ‘Do-ghiabhair misi,’ ar Oisín, ‘& an 462] lín cedna do bhí ac cur catha aniubh mailli rim, óir ní 463] furáil linn lá co n-oidhchi do dingmháil d'fhianaibh Érenn.’ 464] Ocus tángadar aran cuan. Ocus is i sin uair & aimser 465] adubairt rígh an domhain: ‘Dar linn, a fhiru an domhain, 466] ní maith bhar sén catha aniubh,’ ar sé, ‘& éirgeadh dream 467] éigin agaibh do thabairt amuis longphuirt ar fhianaibh 468] Érenn.’ 469] Is ann sin ro éirgedar naí mic Gairb mic Tachair .i. 470] Donn Mara mac Gairbh & Lonnmar mac {folio 4b 1}Gairbh 471] & Lodra mac Gairbh & Iuchra mac Gairbh & Troigleathan --- p.16 472] mac Gairbh & Tarraing Trén mac Gairb & Tola mac Gairbh 473] & Tomna mac Gairbh & Dolar Durtha mac Gairbh rí 474] Mara nIcht & sé céd dég a shocraidi. Ocus tángadar a 475] tír uili acht seinnser na clainni sin Gairb .i. Dolur Durbha, 476] & do freagradar Clanna Baíscne co hathlum imghonach iad 477] & tángadar do tréntuarcain a chéle gur leadradh lámha ann 478] sin & gur teascadh taíbh & gur cirrbadh cuirp, & do bádar 479] isin irghail sin co táinic an maiden mochsolus. Acht énní, 480] ní roibh beó sa maidin neach doba thualaing a arm d'imirt 481] díbh leath ar leath acht triar do clannaibh Gairbh & Oisín 482] & Oscar. Ocus ní drud ó chele do-rinnedar acht tucadh 483] sithi ara chéli acu & ro innsaigh dias díb Oscar & ro innsaig 484] an treas fear & Oisín a chéli, & ba cruaid coimnert cutruma 485] an comrac sin. Ocus fuaradar a dís fén bás le hOscar & 486] do thuitsedar taisi & táimnélla báis air fén & ba lór do 487] laighdiugadh Oisín sin. 488] Ro theilg iommorro Oisín & an t-allmurach a n-airm asa 489] lámaibh & ro dúnsat a righthi reamra ríghdha romaiseacha 490] tar caelaib corp a chéle & tucsad cuir fhearrdha fhírcalma 491] d'aroile. Acht énni, dobo theachta ó oirrther an domhain 492] co Críchaibh na Fhuinedhach d'fhéchain comraic na deisi 493] sin. Is ann sin tuc an t-allmurach tarraing tulcalma ar 494] Oisín doc*h*um na fairrgi, óir ba maith a snámh & a onfais 495] féin. Tuc iommorro Oisín tarraing air sin óir nír fhiú 496] leis a inad comraic do seachna dó. Rángadar iommorro 497] araen sa fhairrci & do bídís ac combáthadh a chéile co 498] téighdís {folio 4b 2} co grian & co grinnell an glanmara. Ba 499] crád cridhe iommorro leisin fhéin Oisín do beith isin éigin 500] sin. ‘Éirigh, a Fhearghuis Fhínbhéil,’ ar Finn, ‘do moladh 501] mo mic dam & dá greasacht.’ Téid Fearghus co hoirear an 502] chuain chuipghléghil. ‘A anum a Oisín,’ ar Ferghus, 503] ‘is maith an comlann sin do-ní & is imdha fiadhnaisi air --- p.17 504] uair atáid sluaig an domain móir uili & fiana Érenn 'gut 505] fheitheamh, & médaig do menma & cuimhnigh na comlanna 506] maithi do-rinneadh roime leat.’ Do cumhnaigh iommorro 507] Oisín a áithesa móra mince 'mun ngreasacht sin tuc 508] Fearghus air, & do éirigh a aignedh & do médaigh a menma 509] & ro dúnastair na dódláma doleónta um chael droma an 510] allmuraigh & rug les co grian an glanmara hé & tuc a 511] druim re grian dó & a bél a n-airde & níor lig anís hé gur 512] scar a anam fria corp, & tuc a tír hé & ro scar an ceann & 513] an colann re' chéli & táinic féin co coscrach commaídmtheach 514] co fianaibh Éirenn. 515] Ro éirigh iommorro seinnser na clainni sin Gairbh mic 516] Thacair .i. Dolar Durba rí Mara nIcht. ‘A rí an domhain,’ 517] ar sé, ‘is truagh duit gan mo leigen d'éntaíbh rem 518] bráithribh co fianaibh Érenn, uair dá mbeinn-si féin 519] fariú, níbudh tualaing fiana Érenn ar marbadh & dígheólad-sa 520] co maith iad uair mairbhfead-sa céd fear n-armach 521] gach lae díb nó co tair lim iad uili, & is briathar dam,’ 522] ar sé, ‘dá faghar-sa neach do sluagaibh an domhain 523] do deargadh a airm ar neach díb, co n-imér bás air.’ Ocus 524] táinic a tír & do tshir comhlann céd aran fhéin, & tucadh 525] gáir fhochmaididh & fhanámaid aca-san uime & do cuiredh 526] céd chuigi an lá sin. Cidh tráth acht ba ruathar leomain 527] bhuirb barbardha a ghnímartha-san orro & dorcradar leis 528] gan áladh gan fordergadh do thabairt air fén & do-rinne 529] cairn dá ceann- {folio 5a 1} aibh & duma dhá collaibh & 530] fadhbcharn dá n-édaighibh. 531] Iar sin tráth ro theilg an t-allmurach a eirredh catha 532] de & do ghabh eirredh suaicnidh somhaiseach uime & do 533] gabh camán & liathróid & ro bhuail an liathróid ó iarthar --- p.18 534] na trágha co 'hoirrther & do ghabh 'na deasláim ré toirrnemh 535] hí & do chuir ara troighidh hí an dara feacht & do lig 'na 536] ruathar hé ó iarthar na trágha co 'hoirrther & sé ac teilgean 537] na liathróide don troighidh 'na chéile gan lámh do bhuain 538] ria & gan isi do bhuain re talam, & cuiris ara ghlún hí an 539] treas fecht & reathais gusan cenn ele don tráigh & sé 'gá 540] cur don glún 'na chéle gan buain re lár. Teilgis iommorro 541] ara ghualaind hí & ruc ruathar ba samalta re gaíth Márta 542] ón cheann 'na chéili don tráigh & sé ag teilgean na liathróidi 543] don ghualainn dá chéile gan láim do bhuain ria & gan 544] isi do bhuain re talmain. Ocus greannaighis an fhian uili 545] uman cles sin do dénamh. Fóbrais iommorro Oscar & 546] Mac Lugach techt do dénamh an chleasa sin. ‘Anaidh, 547] a óga,’ ar Finn, ‘uair ní dearrna & ní dhingne Éirennach 548] an cleas úd acht éntriar amáin .i. Lugh mac Eithleann a 549] cath Mhuighi Tuiredh & do-rinne Cú Chulainn a Tailltin 550] hé & ticfa macámh ele do Connachtaibh do-ghéna hé.’ 551] Téid trá an t-allmurach ana luing ana dhiaidh sin, & 552] táinic arnamárach & do shir comhlann céd. Nír fríth neach 553] dá fhaemadh sin nó co nderrna an fhian crannchur & an 554] céd ráinic chuigi an lá sin ní tháinic fer innisti scél díbh 555] & torchradar leis fo cédóir, & do-chuaidh ana luing an 556] oidhchi sin. Táinic arnamárach chuca, acht énní, ní 557] fhacadar an fian chuca riamh d'iarraidh comhlainn neach 558] re budh mó a ndoicheall ná sé, & ba seac leó an cranncur 559] do dénamh ar teithedh a fhreagartha, & an céd dá ráinic 560] dul chuigi an lá sin, ro fhágsad imchomarc beathadh & 561] sláinti ac fianaibh Érenn, uair ba dearbh leó nach ticfaidís 562] tara n-ais arís. Táinic an t-allmurach chuca & do bhí 563] do méd a fheirgi ní hairm tuc les {folio 5a 2} an lá sin acht rug 564] ruathar fútha, & an fer fa neasa dó díbh, do ghabhadh ar 565] chael choisi hé & do-beredh rodbhuilli dímór de fá cheann 566] an fhir ba neasa dó, & do thuit an céd sin leis & do leig --- p.19 567] a ghuth míledh a mullach a chinn ac commaídem an áir 568] & do-chuaidh 'na luing an oidhchi sin. 569] Do-clos iommorro fo ceithri cúilibh Érenn scéla an 570] allmuraig sin & an díl tuc aran fhéin. Do-chuala iommorro 571] Fiachra Foiltleabar rí Uladh sin & adubairt: ‘Is truagh 572] lium,’ ar sé, ‘méd an éigin a fuilid fian Érenn & gan mo 573] beith féin inchatha leó.’ Ocus ní roibhi do chlainn aigi 574] acht énmac amháin a cinn a trí mbliadan déc, & dob é 575] adhbar rígh dob fearr dealbh & eineach do bí a nÉrinn é. 576] ‘Maith do-déntá-sa sin,’ ar an macámh, ‘.i. ógbaidh Uladh 577] uili do cur lium-sa cucu ó nach inchatha tú féin.’ ‘Ná 578] habair-si sin,’ ar an rí, ‘uair ní hincomraic leanamh trí 579] mbliadan déc, & dámadh edh, dobadh eadh thusa.’ Ocus 580] do thuig an rí nárbh áil leisin macám anmain gan dul 581] co fianaibh Érenn. Do gabadh iommorro leó hé & do 582] cuireadh a seomra fo iadhadh hé & dá macám dég do 583] macaibh rígh & rofhlatha Uladh do bhí 'na comaltadhaibh 584] aigi leis. ‘A óga,’ ar an macámh, ‘is maith do-ghénadh 585] sib-si techt lium-sa co fianaibh Érenn, ar gin co fuil bhar 586] n-airi-si re ríghi nUladh, dobadh maith díb clú maith 587] dábar rochtain fén. Uair gin gur gabh Conall Cearrnach 588] mac Aimirghin ná Cú Chulainn mac Subhaltaigh náid 589] mic uaisli ághmara Uisnigh ríghi nUladh, is beac má ba 590] oirrdearca Concobhar agá roibhi ríghi Uladh ná siad 591] tréna ngnímarthaibh maithi fén, & is cubhais dam-sa fós,’ 592] ar sé, ‘nach racha proinn nó tomaltas am bél-sa coidhchí 593] ar ulcaibh rib-si innas co fhuiger-sa bás & co ngéba rí 594] eachtrann ríghi Uladh tar éis m'athar-sa & co ruca 595] ainbreatha oraibh-si.’ 596] Do-chuaidh iommorro an comhrádh sin fona macámaibh 597] & an tan do chodail an rí, do-cuadar-san fo teach na séd 598] & tuc- {folio 5b 1} sad sciath & cloidheamh & cathbarr & dá 599] craísigh chatha & da chuilén mílchon gacha macáimh leó --- p.20 600] as, & tángadar rompu tar Eas Ruaidh mic Badhuirn 601] atuaidh & tré crichaibh craebhtorthacha Cairbri co 602] coimdíreach & tré chúigedh clannlínmar Connacht & tré 603] Chailli an Chosnuma rea n-abartar rogha gacha ríghi & 604] fíronóir gacha filed & tar sruth Anaighi & a Ciarraighi 605] Luachra & láim re Cathair na Claenrátha siar & as sin 606] co cuan Finntrágha. 607] Is í sin uair & aimsear tarrla an t-allmurach .i. Dolar 608] Durbha, aran tráigh ac grísadh & ac imdergadh na féni, 609] & do ghabh adhnáiri mhór Oisín uime sin. ‘A fhiana Érenn,’ 610] ar sé, ‘do thuit mórán dar sluagaibh le Dolar Durbha & 611] ní shaílim a beac againn do dhul beó ó chath Fhinntrágha, 612] & má tá a ndán dam fén bás d'fhagháil ann, is fearr lium 613] bás d'fagháil le Dolar Durbha & comrac maith do dénam 614] ris ná beth ac féchain an díla do-bhéra sé aran féin gach 615] laí.’ Ocus ro tógbadh tromgháir truagh tuirseach trom-neimélach 616] ag ógbaidh na féine & agá n-aes ciúil & oirfididh 617] & ealadna óna briathraibh sin Oisín. 618] Is í sin uair & aimser do-conncadar an buiden óg ildealbach 619] san oirear anoir gach ndíreach chuca. ‘An agam, a mic,’ 620] ar Finn ‘co fhinnainn cúich an bhuidhen óg illealbach 621] do-chím is ferr écosc do-connac aran domhan riam.’ Ocus 622] tángadar chuca faí sin & leigis mac rígh Uladh a glún 623] deas faí a fhiadhnaise an ríghféinidh & beannaighis co 624] cunnail céillidi dó, & freagairter mar an cédna hé & 625] fiarfaighis Finn scéla díbh, cúich iad fén & caidhe a n-árus. 626] ‘Eamhain Macha ar n-árus,’ ar an macám, ‘& is dím féin 627] goirther Goll mac ríg Uladh, & comaltadha dam na macáim 628] úd aili ad-chíthi-si.’ ‘Créd ro ghluais sib an tráth sa?’ 629] ar Finn. ‘Sluagh an domain móir uili ad-cios dúinn ac 630] cathachadh ribh-si gach laí & dob áil linne cleasa goili 631] & gaiscidh d'fhoghlaim {folio 5b 2} uaibh-si, & dá mbeidís macáim --- p.21 632] óga uaisli mar sinne faré rí an domhain, dob áil linne, 633] a rífhéinidh, ar coimlín fén do dingmháil díd-sa dib ó 634] nach aíseach sinn re comrac prímlaech.’ ‘Mo-chean-sa 635] bar tacht & bar torrachtain,’ ar Finn, ‘& gidheadh,’ ar 636] sé, ‘dobadh scél mór énmac h'athar-sa do leigean doc*h*um 637] na n-allmurach & gan adhbhar rígh d'Ulltachaibh acht sé.’ 638] Is ann sin do leig an t-allmurach a ghuth míledh a 639] n-uachtar a chinn do coimgrennugadh na féine. ‘Créd an 640] laech úd ad-chím?’ ar mac rígh Uladh. ‘Laech súd ac 641] iar*r*aidh comhlaind céd,’ ar Conán mac Morna. ‘Créd 642] do-ber gan comhlann éinfhir d'fhagháil dó?’ ar an 643] macámh. ‘Truagh sin,’ ar Conán, ‘uair do thuiteadar 644] cúic céd laech don féin re cúic lá a ndiaidh a chéili leis & 645] ní fagar uathadh nó sochaidhi anois dá freagra.’ ‘Ingnad 646] an clú atá oruibh-si,’ ar an macámh, ‘& énlaech sa domhan 647] d'éra um comhlann daíbh, & rachad-sa cuici,’ ar mac rígh 648] Uladh. ‘Ná habair arís sin,’ ar Conán, ‘uair dar ar 649] mbréithir, na cúic céd torchair leis, do dingébadh gach 650] énfher díbh thusa.’ ‘Nír aithnidh dam-sa an fhian roim 651] aniubh,’ ar an macámh, ‘& dar lium is tusa fear míblais 652] & mí-urrlabra na féine, a Conáin mic Morna.’ ‘Is rim 653] ráitir,’ ar Conán mac Morna. ‘Is briathar dam-sa,’ ar 654] mac rígh Uladh, ‘dá mbeitheá-sa & an laech úd & na 655] cúic céd sin d'éntaíbh, nach bérainn-si céim ar cúl romaibh 656] uili.’ Ocus éirghis an macámh d'innsaigidh an allmuraigh. 657] ‘A Chlanna Rónáin,’ arsa Finn, ‘cuirim ar bhar cumairce 658] & ar bhar n-eineach gan mac rígh Uladh do leigean 659] doc*h*um an allmuraigh.’ Éirghis Caílti & clannmaicne 660] Rónáin uili, & fa hobair mór dhóibh uili a congmháil & 661] do cuireadh glais & géibhinn fair. Ocus an céin do bás 662] 'gá ghabáil-sén, do-chuadar a dhá chomalta décc do 663] comrac risan allmurach, & nír airigh an fhian iad gur 664] {folio 6a 1} thuitsed leis & gur bhean a dhá cheann déc díbh, & --- p.22 665] do leig a ghuth míledh a n-uachtar a chine ac commaídem 666] an ghníma sin. ‘Créd fá ndénann an t-allmurach so?’ 667] ar mac rígh Uladh. ‘Is truagh duit-si an t-adhbhar,’ ar 668] Conán mac Morna, ‘.i. ac commaídem do dhá comalta 669] déc-sa atá.’ ‘Truagh an scél sin, a dhuine,’ ar mac rígh 670] Uladh, ‘& a fhiana Érenn,’ ar sé, ‘budh fada a fholtanus 671] díbh mo congbháil mar so uair do-ghiab-sa bás d'feirg 672] & d'aithmhéla & is oraibh-se bhias a fholtanas,’ ar sé, 673] ‘& budh eascaraid sibh & Ulaidh dá éis choidhchi, & dobo 674] beac a díth díbh-si tuitim leisan allmurach úd dam-sa 675] suil do congbadh sib mar so mé.’ 676] Do-chuaidh iommorro an comrádh sin fo fianaib Érenn 677] & ro scaíledh aca de. Is ann sin ro ghabh an mac sin arm 678] a shean & a sheinnsear & ro ghabh scúirdléine sróill & 679] gormlúireach grísmáillech glaisleabar & órsciath imealchorcra 680] & coilér cumdachta caelreangach cimasgel & dá craisigh 681] cheannghlasa cheannlethna cróremra & cloidheamh crosórdha 682] cumdaigh, & ruc ruathar a n-aghaidh an allmuraigh 683] fón innus sin. Ocus meabais gean gáire aran allmurach 684] ima fhaicsin chuigi & do thógbadar sluaigh an domhain 685] móir uili gáirthi scigi & fanámhaid dó, & ba móidi a menma 686] leisan macámh sin uili, & rángadar sé gona uadha aran 687] allmurach suil do gonadh hé féin. Ocus ro fearsad comrac. 688] Féigh fuileach forbartach coimnert calma croidheamhail 689] ruibhnech reachtmar rodghonach treasach taíbhderg 690] tulgánach aigmhéil ingnadh anaithnidh iachtach urrlamh 691] osnadach láimderg léidmeach luathghonach dígháir dlúth-mear 692] dásachtach cneadhach crannruadh croidemail comrac 693] na deisi sin. Uair dá sirthí ó imlibh oirrtheracha Innsi 694] Cirb a medón Mara Romoir Ruaidh co Tír na Fhuinedhach, 695] ni fuighthí eat*u*rru sin comhrac deisi budh ferr ná in --- p.23 696] comrac sin. Ocus do bádar sluaigh an domhain mhóir 697] uili & fiana Érenn 'gá coimgreasacht. 698] Ocus ar techt na hoidhchi trá & ar tairgsin a n-arm & ar 699] scoltadh a sciath, {folio 6a 2} ní drud ó chéili do-rónsat amhail 700] bu gnáth do comrac sgur ó thicfadh adhaigh acht 701] rucadar ruathar foirtill fergadhbal a comdáil a chéle 702] & ro dúnsad a lámha luatha léidmheacha tara chéli & 703] tucadar cuir ána athluma d'aroile gur brúighedar an 704] gealtrácht gainmidhi. Ocus do bádar isin comshuathadh 705] sin co táinic an lán mara & gur leath eaturra & tír, & do 706] bhí do méd feirgi na deisi sin nár sheachnadar a n-inadh 707] comraic co táinic an lán mara tarsta & gur báidhedh araen 708] iad a fhiadnaisi sluagh an domhain & fian Érenn, & tucadh 709] gáir adhbhalmhór ac sluaghaibh an domhain & ag fianaibh 710] Érenn ac comchaíneadh na deisi sin. Ocus is ann do 711] fríth arnamhárach iad aran tráigh & a lámha arna 712] cruadhcheangal um chaeldromannaibh a chéili & cuach-shnadmanna 713] dá cosaibh tréna chéili, & srón meic rígh Uladh 714] a mbél an allmuraigh & a smeig-sim a mbél an macáimh, 715] & dob éigean an t-allmurach do leadradh acá scarthain 716] re' chéili. Ocus ro hadhlaiceadh mac rígh Uladh & do 717] claidheadh a fheart & do tógbadh lia osa loidhe, & do 718] feradh a chluithi caínteach le fianaibh Érenn, & nír thuit 719] leisan fhiangaisceadh riam mac dobo comhchoitchinne 720] cuma iná sé. 721] ‘Cia do-ghiabhainn d'*fh*oraire an chuain anocht ?’ ar 722] Finn. ‘Rachmaid-ne chuigi,’ arsa naí nGairb na féine .i. 723] Garb Shléibhi Mis & Garb Shléibhi Cua & Garb Shléibhe 724] Cláir & Garb Shléibhi Crot & Garb Shléibhi Muice & Garb 725] Shléibhe Fuaid & Gairb Sléibhe �tha Móir & Garb Dúine 726] Dealgan & Garb Dúine Sobairci & a fhiana fén fariú. --- p.24 727] Gairid iommorro do bádar ann an tan do-conncadar Iruath 728] mac Dreagan mic Duilli rígh Fer nDreagan chuca, & do 729] innsaigheadar a céili & do bádar ag ár & ag oirrlech aroili. 730] Acht énní, ni fédtar a comhraic uili d'faisnéis nó d'innisin 731] & ní fétar a tuarascbáil do thabairt uair ní raibhi 'na 732] seasam ar chinn an lae díbh acht trí Gairbh dona Garbaibh 733] & rígh Fer {folio 6b 1} nDreagan, & ní ar tlás ná ar time do-chuaidh 734] aca méd an áir 'na timchell acht ro cromadar 735] na cinn & ro luathaighedar na lámha & do ben gach neach 736] díbh ciall dá anmain, uair do sáidheadar na craíseacha 737] isna corpaibh co rucadar urranna caebacha cubhardearga 738] cró tré dromannaibh na ndeachlaech gurba comthuitim 739] don ceath*r*ar sin bonn re bonn & bél re bél aran láthair sin. 740] Asa aithli sin iommorro do-connairc Ferghus Fínbhél 741] mac Finn urmór fhian Érenn ar tuitim & do-chuaidh 742] gan cead gan comairli dóib co Teamraig na Rígh mar a 743] raibhe Cormac mac Airt airdrígh Érenn & do innis dó 744] an t-éigen a raibhi Finn & fiana Érenn. ‘Maith lium-sa,’ 745] ar Cormac, ‘Finn do beth isin éigin sin, uair ní lamhann 746] neach dá fuil fúm d'aes na treabaire muc ná míl ná breac 747] ná bradán ná óglaegh allaidh dá fhagadh marbh a cinn 748] gacha conairi, ní lamhann a thógbáil do lár le smacht & 749] ní lamhann neach d'aes na treabaire teacht ón buailid 750] gusan seanbhaili gan sgreaball d'Finn & ní lamhthar bean 751] díb do thabairt d'fhir nó co fhiarfaighear di an mbiadh 752] fear nó leannán a fhianaib Érenn aici, & muna rabh, is 753] éigin screaball do thabairt d'Finn ré ndul doc*h*um fir 754] di. Ocus is mór do drochbr*e*athaibh beiris Finn orainne 755] & dobadh ferr linn treisi ac allmurchaibh ná aigi.’ 756] Téid iommorro Fearghus aran fhaithchi mar a raibe 757] Cairbri Lifeachair mac Cormaic ac cluichi lúibe & liathróidi. 758] ‘A Cairpri Lifeachair,’ ar Ferghus Fínbél, ‘is olc an --- p.25 759] cosnamh ar Érinn duit beith ac baethcluichi gan buantarbha 760] & si 'gá buain díb ac allmurchaibh.’ Ocus do bí 'gá greasacht 761] & 'gá imdergadh, & gabhais adhnáire mór Cairbri Lifeachair 762] tríd sin & teilgis a chamán uadha & táinic fá Thuathaib 763] Teamrach. Ocus do timsaigh an óghaidh uili co roibhi 764] deich céd fiched ar maidin, & tiaghaid rompa gan ced 765] gan comairli do Cormac mac Airt nó co rángadar cuan 766] Finntrágha. Ocus téid Ferghus rompa a pup- {folio 6b 2} aill 767] Finn & fiarfaigis Finn scéla de & do innis Ferghus dó 768] Cairbri Lifeachair do theacht leis, & ro éirgedar fian Érenn 769] uili a n-agaidh Cairbri & ro fearsad fáiltidha ris. Adubairt 770] Finn: ‘A Cairbri,’ ar sé, ‘dobadh fhearr linn do theacht 771] cugainn an tráth do beidis aes ciúil & oirfididh & aes dána 772] & mná & bannála ac aíbhnes ort ná in tan do biadh éigean 773] catha orainn amail atá anuis.’ ‘Ní do choimidacht ort 774] thánag-sa,’ ar Cairbri, ‘acht do thabairt m'fheadma catha 775] leat.’ ‘Nír ghabhus-*s*a óglach nua riam re hucht chatha,’ 776] ar Finn, ‘uair is minic leisan neach tig mar sin a dhul a 777] n-inadh báis d'fhagáil, & ní háil lim-sa m'óglach nua do 778] thuitim trím.’ ‘Is cubhais dam-sa,’ ar Cairbri, ‘co 779] tibear-sa cath as m'ucht féin dóib muna thucar as t'ucht-sa 780] é.’ Ocus téid Fearghus Fínbhél d'fógra catha ó Chairbri 781] Lifeachair ar rígh an domhain. 782] ‘Cia fhreageórus mac rígh Érenn dam?’ ar rígh an 783] domhain. ‘Rachad-sa chuice,’ arsa Sligeach mac Sengairb 784] rígh Fhear Ceapdha, & táinic a tír & a trí ruadhchatha 785] romóra. Ocus táinic Cairbri 'na n-agaidh & *a* ógbaidh 786] uili fa lia a fharradh Cairbri ann sin. ‘A Cairbri,’ ar fear 787] dá muintir ris, ‘gabh cridhi maith chugad don cath sa 788] uair ní ferr leisin fhéin cuid maith agad-sa de ná ag 789] allmurchaibh. Uair is é do sheanathair-si do marb Cumall 790] mac Trénmhóir athair Finn & is cumain leó-san sin gin 791] gur cumhain leat-sa é.’ 'Gá chluinsin sin do Cairbri, ruc --- p.26 792] ruathar fá cath na n-allmurach & do gabh 'gá slaidhi 793] & 'gá sleachtadh gurba taebhtheascaighi treóin dá treas 794] & gurba mughaighi maithi dá mórghleó co tarrla chuigi 795] *an* fer feargach forránach .i. Slig*e*ach mac Seanghairbh, 796] & gér é sin, ba bás urrlam & fa écc obann & fa hoideadh 797] áirighi teagmháil rena comlann. Ocus tuairgis cách a 798] chéle díbh & do congbhadar an dá sciath áilli ilbuadhacha 799] frisin aicill & do cromadar na haighthi arda oscurtha 800] a crislaigibh na sciath mbreacard mbordchuanna & do 801] imreadar na lanna límt*h*a gurba cliatha tolla teascaidhthi 802] na taíbh ón trénurrlaidi sin. {RIA MS 29§}*{folio 355} --- p.56* ... agus do chromadur na haighthe osgurdha a gcrioslaídhibh na sgíath mbreacárda mbordchuanna agus d'imridur na lanna líomhtha leathanghéura gur ba cliatha tollta teasgaithe --- p.57 na taoibh aco ón ttréantuargaint sin gur ba dóirsi báis na béimionna calma cómhléidm*h*eacha tug Cairbre air an allmhúrach, gur thuit a bhfóircheann an chómhraic sin leis, agus táine féin go mbuadh gcosgair go Fionn mac Cúmhaill agus go fíanaibh Éirionn. As a haithle sin adubhairt Fionn mac Cumhaill: ‘A fhianaibh Éirionn,’ air sé, ‘ní fhaicim féin mac rígh ná rófhlaith ná taoiseach féine d'fhíanaibh Éirionn gan caith do thabhairt as 'ucht féin, agus fógartar lá mórchatha eattrom-sa agus Rígh an Domhuinn.’ ‘Léig dhómh-sa caith do thabhairt d'allmhúrcha,’ air Caoilte mac Rónáin. ‘Atá sin do ghoil agus do ghaisge ionnat,’ air Fionn mac Cúmhaill, ‘air son nách ceárd mhic óglaoich dul do chur catha le hárdríghthibh, agus dá mbeitheá-sa a líon catha do chur, do léigfinn chuige thu.’ ‘Atáid fithche céad agam annso,’ air Caoilte. ‘As maith an tsochraid mhic óglaoich sin,’ air Fionn, ‘agus a fhianaibh Éirionn,’ air sé, ‘is maith do dhlíghfeach dhíbh cúngnamh sluagh do thabhairt do Chaoilte mac Rónáin, óir as é chongbhus gacha bliadhain agus gacha treas bliadhain sibh óir atá seacht ttighthe n-aoigheadh ag cómhfhreagra age d'fearaibh Éireann.’ ‘Do-bhéur féin céad do,’ air Usgur. ‘Do-gheabhaidh sé céad eile úaim-si,’ air an fhian Mhuimhneach. ‘Do-gheabhaidh sé céad úaim-si,’ air Goll Garbh mac Rígh Alban. ‘Do-gheabhaidh sé céad uaim-si,’ air Druim Dearg mac Dollair .i. rígh féine an fhian Ulladh. ‘Atáid {folio 356} cheithre céad fhithchiod agom anois,’ air Caoilte mac Rónáin, ‘& níor theasta úaim do ghnáithlíon catha acht sé chéad, agus bíoch an chuid sin don chaith oram féin am aonar.’ Air sin téid Fearghus d'fógra *catha* do Chaoilte mac Rónáin go Rígh an Domhuinn. ‘Cía don fhéin do thig chum an chatha aniogh?’ air Rígh an Domhuinn. ‘Óglách atá a bhfíannuígheacht é,’ air Fearghus. ‘Is mó badh c*h*eárd do mhac óglaoich brughachas agus biadhtachas do dhéanamh ná *dul* do chur catha re hárd-ríghthibh, Agus cía fhreagórus mac Rónáin dam?’ air Rígh an Domhuinn. ‘Rachad-sa chuige,’ air Troighleathan mac Rígh --- p.58 na hEaspáine. ‘As córuide dhuit a dhul,’ air Fearghus, ‘óir is ann atá an té do mharbh t'athair .i. Conn Crithir mac Brain mic Feabhaill.’ Agus do ghaibh gráin mhór Fearghus le méid an adhmolaidh agus le had*h*uaibhreacht a innill, agus táine mur a raibh Caoilte mac Rónáin agus d'innis sin do. D'ionnsuidheadur cách a chéile donna mbrosnach beódha agus ionna ndubhdhortaibh díleann agus do cuireadh ár adhthallm*h*ór re hathaidh n-aithghairrid eattortha, & tárluig Caoilte mac Rónáin agus mac Rígh na hEaspáine air a chéile agus do bhádar ag tréantúargaint a chéile. Agus as í sin uair agus aimsir do-chonnarcadar fíanaibh Éirionn loingeas mhór fán gcúan. ‘Is truadh sin,’ air Fionn mac Cumhaill ‘óir is tuil*l*e cabhartha atá ag teacht chum na n-allmhúrach, agus as daoine caillte sin*n* feasta.’ Air sin féuchas Oisín seacha ortha agus adubhairt: {folio 357}‘Dob annamh leat-sa do m*h*ealladh adt aithne, a rígh féine,’ air sé, ‘agus ní hallmhúraig íad súd acht dream d'fearaibh Éirionn atá ann agus as dod mhuinntir-si íad súd .i. Fiodhach mac Righ Breatan agus an Fhian Bhreathnach agus Dubhán mac Nuadhat mac Rígh Craige Léithe a dTuamhainn .i. dearbhráithir do mháthar féin.’ Air sin tángadar na slóighte a ttír agus do-chonnarcadar na héachta dá ccur agus d'aithníghidur suaitheantas *&* meirge Chaoilte ann, agus gach nduine do thigeach do láithir, do-bheirioch béim do mhac Rígh na hEaspáine, agus níor bréagnuidheach na seanfhocail leo .i. luighe iolair ar uathadh. Agus do thuit mac Rígh na hEaspáine leó. Air sin do thiomsuídheadar urmhór fhíanaibh Éirionn go haonionnad agus adubhairt Fionn mac Cúmhaill: ‘Éirge, a Fhearghus, mur a bhfuil Rígh an Domhuinn agus gaibh lá mórchatha dhomh-sa fris.’ Air sin téid Fearghus mur a raibh Rígh an Domhuinn --- p.59 agus canais aitheasg Fhinn mhic Cúmhaill fris agus d'órduígheadur an treas lá a ndiaidh an lae sin chum an m*h*órchatha sin do chur. Do bhádhas immorro ag teacht tar na sgéulaibh sin go coitcheann ar fud Éirionn uile agus go háirighthe do bhádhas an oídhche sin ag trácht air an gcaith a mbrúgh Thaidhg mic Nuadhat Rígh Craige Léithe a tTuadhmhumhainn. Agus así bean do bhí ag Tadhg .i. Caoiltabhair inghín Rígh Thíre na bhFear bhFionn, agus ba dhearbhchom*h*alta dhi Rígh an Domhuinn agus mac inghine dhi Fionn mac Cúmhaill. Agus do bhí san mbrúgh céadhna Muirinn {folio 358} M*h*ongchaoin inghin Thaidhg mic Nuadhat agus Labhraidh Lámhfhada mac Taidhg mic Nuadhat. ‘A anam a Chaoiltabhair,’ air Tadhg mac Nuadhat, ‘cía dona hárdríghthibh so do shíleas tú do theacht beó ón mórchaith so nó an ttiocfa ceachtar dhíobh?’ ‘Is truadh sin,’ air Caoiltabhair, ‘óir dá mbeidis fir an domhuinn uile a n-aighidh Dháire Dhuinn mic Loisginn Lómghlúnaig .i. Rígh an Domhuinn, ní thraochfadís é, agus ní bhfuil cumus ag armaibh an domhuinn aon ruibe dá fholt do leadarradh agus ní bhfuil fíacail ionn*a* cheann acht aonchnámh daingean & ní bhfuil easna 'na chorp acht aonchlár cóimhreámhar cnámha. Agus an oídhche do geineadh Dáire Donn do taidhbhre*adh* do Bhulcán Gobha a n-ifrionn go ngeinfíghe mac an oídhche sin do ghéabhach an domhann uile go hÉirinn agus nách déanfach arm ar bith fuilliúghadh ná --- p.60 fóirdhearga air acht an t-arm do bainfíghe as an míanach do bainfíghe an oídhche sin, agus do rinne*adh* leis san ló céadhna sgian agus ga agus cloídheamh. Agus an tan do bhí Dáire Donn ag gabháil an domhuinn, do fuair Righ na Fúarígheachta fios na n-arm dho agus do rug Rígh an Domhuinn go teach m'athar-sa iad .i. Rígh Thíre na bhFear bhFionn, a oide féin, agus atáid a gciste cloiche age.’ ‘A Chaoiltabhair,’ air Tadhg mac Nuadhat ‘do badh maith dhuit-si dul lead dhraoigheacht féin ag iarraidh na n-arm sin do chabhair mic h'inghíne féin .i. Fionn mac Cúmhaill.’ ‘Is truadh sin,’ air Caoiltabhair ‘óir dá mbeidís anmanna Shíl �dhaimh a ngeall {folio 350} ris sin, ní badh tu*a*la*i*ng neach ar domhunn teacht ó Thír na bhFear bhFionn go Cúan Fionntrágha *a* n-iarthar Éirionn fó cheann trí lá, & dá mbeidís na hairm agom-sa annso, ní thiubhrainn úaim íad a n-aighidh mo chomhdhalta féin, an té do hoileadh air aon chíoch liom .i. Rígh an Domhuinn.’ Adúbhairt Labhraidh Lámhfhada mac Taidhg mic Núadhat rena atha*i*r: ‘Tabhair-se cúngnamh draoidheachta damh-sa go ndeachuinn d'iarraidh na n-arm dá mbeith mo chuid ionna bhfagháil óir asé as truadh liom an té is triaith agus as tíghearna dham agus mac mo dhearbhcsiubhrach féin do dhul fá chaoighil cloidhimh an allmhuraig úd agus nách déanfuig airm ar bith fuiliughadh ná fórdhearga air.’ Air sin tángadur air an bhfaithche amach & do cuireadh Labhraidh a riocht iolair adhbhallmhó*i*r annsan. Air sin tógbhus Labhraidh air go húréadrom tar Muir Toirrian agus tar Muir Nirtgheal agus tar gach líonmhuir eile go ráinig faoi mheódhan laoi air na mháireach go dún a sheanathar .i. Righeacht na bhFear bhFionn. Agus do chúa*i*dh iona riocht féin annsan agus téid don dún anonn air sin agus beannuídheas don Rígh go connail céillidhe --- p.61 agus fearais an Rígh fíorchaoin fáilte roimh Labhraidh agus dob áil leis a fhastógh ionna fhochair féin. ‘Ní chun cómhnuighthe tángus don turus-*s*o,’ air Labhraidh, ‘acht ag iarra cúmhanta agns cómhairle ort-sa atáim .i. bean laoich do Th. D. D. do líomhnuídheag oram agus ní gabhthar úaim gan cómhrac fána ceann, {folio 360} agus atáid airm séanta ag *an* té atá chun comhraic liom do rin*n*e Bhulcán Gobha a n-ifrionn do agus as ag iarraidh na n-arm atá agad-sa *tángus-*s*a*,’ air Labhraidh. ‘As truadh sin, a Labhraidh,’ air an Rígh, ‘dá mbeidís fir an domhuinn dá n-iarraidh oram-sa, ní thiúbhrainn úaim íad agus gan fhios agom nách a n-aighidh mo dhalta .i. Rígh an Domhuinn do béarfaoi íad.’ ‘Ná habair sin.’ air Labhraidh ‘óir as é an treas fhear as annsa liom-sa dá bhfuil air druim an domhuinn é .i. tusa & é féin agus Tadhg mae Nuadhat, agus ní bhfuil fáith catha ná comhla*i*nn air feasta óir do ghaibh sé Éire amhuil gach críoch eile agus do bhronn sé Éire do mhac inghine t'inghine-se .i. Fionn mac Cumhaill.’ Cia trácht créad do chan síad eatorrtha, tuga*dh* na hairm do Labhraidh agus tugadh éadromacht na ngasán sanaise ionnta agus do-chua*i*dh Labhraidh a riocht iolair adhbhallmhóir annsan agns do cheangail sé na hairm do bhun a sgíathán. Agus táine tar na hiomarchaibh céadhna arís go ttáine a ttráith ghairm an choiligh go dún a athar féin .i. Rígh Craige Léithe a dTuadhmhumhainn, agus do thuit taise agus támhnéula báis air féin annsan. Agus gabhas Tadhg fáilte roimh Labhraidh agns tógbhus asteach san mbruíghin é agus tug losa Th. D. D. do .i. beatha agns sláinte. ‘A mhic,’ air Tadhg, ‘as maith an teachtaireacht sin do rinnis óir ní dearrnadh a comhmhaith sin do theachtaireacht a nÉirinn ná air an ndomhunn riamh.’ ‘Is beag an tairbhe sin dómh-sa,’ air Labhraidh, ‘agus nách féidir liom na hairm so {folio 361} do thiodhalacadh go Fionntrágha chum Fionn mac Cúmhaill fá thráith catha --- p.62 amáireach.’ Agus d'éirge an lá ortha faoi sin. Air sin do-chonnarcadur Mac Éibhin .i. cumasach sármhaiseach do Th. D. D. chúcha agus ba comhlúaith re gaoith Mhárta é go meódhan lae agus ba comhluaith re cách ó sin amach é. ‘As maith an tráith a thánguis, a chara,’ air Labhraidh, ‘agus triall leis na hairm so go Fionn mac Cúmhaill fá thráith catha aniogh go Fionntrágha.’ Do ghluais mac Éibhin etc. § 803] {folio 7a 1}‘... leisna harmaibh si co Finn fo tráth catha 804] aniubh.’ 805] Do ghluais iommorro Mac Éimin roime amail luas 806] ainnli nó feirbe nó iarainne nó mar sithi gaíthi glanuaire 807] ag rochtain tar ceann mhachaire nó maighshlebi co ráinic 808] fo tráth éirghi do ló co cuan Fhinntrágha. Is í sin uair & 809] aimser do bhí Ferghus Finbél ac gabáil láma aran féin 810] dochum an mórchatha & is ed adubairt: ‘A Fhiana Érenn,’ 811] ar sé, ‘dá mbedís seacht samlá a n-énló agaibh, atá a 812] n-obair aniub acaibh-si, uair ní dearnadh & ní dingéantar 813] a nÉrinn co brách obair énlae mar an lá aniubh.’ 814] Ro éirgeadar iommorro fiana Éirenn ann sin & mar do 815] bádar ann, do-conncadar Mac Éimhin ana ruathar roreatha 816] chuca. Ocus fiarfaigis Finn scéla de & do fhiarfaig de can 817] asa táinic. ‘Ó Brugh Thaidhg mic Nuadhad thánac,’ 818] ar Mac Éimhin, ‘& dot fhis-sa do cuireadh mé dá fhiarfaighe 819] dhíd cinnas fhóbraidh dul a n-agaidh rígh an domhain & 820] nach deargann airm nó ilfhaebair air.’ ‘Is cubhais dam-sa,’ 821] ar Finn, ‘muna deargaid m'airm-si air, co mbrúidhfidir 822] lium a corp a medhón a lúirighi.’ ‘A rífhéinnidh,’ ar Mac --- p.27 823] Éimhin, ‘atáid agam-sa ann so na hairm neime dá fhuil 824] a ndán dó bás d'fhagáil, & tuc Labhraidh Lámfhada, 825] derbráthair do máthar-sa féin, chugad iad tre dolb draídh*e*achta.’ 826] Ocus tucadh a láimh Fhinn iad & do bean a 827] cumdaighi díb & ro éirgedar saighnéna teinntidhi & bolga 828] bithneimneacha díb, & nír fhédadar ógbaidh na hairm sin 829] d'*fh*échain. Ocus táinic trian do ghal & do ghaisceadh 830] & do menmain & do mórcroidhe dá gach énfhear d'fianaibh 831] Éirenn le faicsin na n-arm sin ag Finn, uair na caertha 832] teinedh do theilgdís díb, ní gabhadh eirr*e*adh ná eideadh 833] riú co téighdís tré corpaibh na ndaíne fa neasa dóib ana 834] saighdib sithneimneacha. Ocus adubairt Finn: ‘Tairre, 835] a Ferghuis Fínbél,’ ar sé, ‘& féch*t*ar lat cá méd maireas 836] don fhéinn doc*h*um an mórchatha aniubh.’ �irmis 837] iommorro Ferghus Fínbél iad & adubairt re Finn: ‘Éncath 838] eagair amáin mhaireas don fhéinn,’ ar sé, ‘& is imdha 839] ann sin fer comlaind triair & fer comlainn nónbhair & 840] fer comlainn tríchad & fear comlainn céd.’ ‘Éirigh más 841] edh,’ ar Finn, ‘mar a fhuil rígh an domhain & abair ris 842] láthair an mórchatha d'innsaighi feasta.’ 843] Téid Fearghus co rígh an domhain & is amlaidh do bhí 844] an {folio 7a 2} rígh ana imdhaidh & ceóla crota & cuisleanna 845] ciúil agá seinm dó. ‘A rígh an domhain,’ ar Fearghus 846] Fínbél, ‘is fada an codladh sin a fhuili & ní guth ort uair 847] budh é do chodladh déideanach hé, & ro innsaigedar 848] an fhian a n-inadha catha & freagair-si iad.’ ‘Is dóigh 849] lium-sa,’ ar rí an domhain, ‘nach fhuil acfainn catha aca 850] am' agaidh-si. Ocus cá méd maireas d'fhianaibh Érenn?’ 851] ar sé. ‘Éncath egair amáin,’ ar Ferghus, ‘& cá méd maireas 852] do shluagaibh an domhain?’ ‘Deich catha fiched 853] tánac-sa a nÉrinn,’ ar sé, ‘& torcradar fiche cath le 854] fianaibh Érenn díb & is eadh maireas díbh deich catha 855] armruadha egair, & gidheadh atá ochtar díbh-sin & dá --- p.28 856] *m*bedís fir an domhain uili am' agaidh-si do dingémthaí 857] leó iad .i. mé féin & Conmhael mo mac mórghnímach & 858] Ógarmach ingen rígh na Gréigi, an lámh is ferr sa domhan 859] am' fégmais-si féin, & Finnachta Fiaclach mo thaíseach 860] teaghlaigh-si féin, & rí Lochlann & a trí derbráithri .i. 861] Caiseal Clúmach & Fornne Glangér Gaiscedach & Tocha 862] & Mongach an Mara.’ 863] ‘Is cubhais dam-sa ámh,’ ar rígh Lochlann cona 864] bráthribh, ‘dá ndeach énfhear do shluaghaibh an domhain 865] romainne chuca, nach racham-ne, uair ní biadh toisc 866] dergtha faebair againne orrtho & ní bhérmaís ar díl ar 867] sainnti díbh uair is geis dúinn ó dergmaid ar n-airm gan a 868] sáith fola & fulrachta d'fhagáil dóib.’ 869] ‘Rac*h*ad-sa am ' aenar chuca,’ ar sósar na clainni sin 870] .i. Forne mac rígh Lochlann. Ocus do ghabh a ghoirmeirredh 871] grísneimneach gráineamail uime & táinic fá fianaibh 872] Érenn & cloidemh dergfaebrach gacha lámha dó & do-beredh 873] an bráthbéim re 'chéile orrtha & ro heasairc an tucadh 874] dá n-ógaibh & do tanaig an trácht dá trénferaibh & ro 875] lín an learg dá laechaibh. Ocus do-connairc Finn sin 876] & ba crádh croidhe & ba baegal báis & ba heasbaidh anma 877] leis an díl tuc an t-allmurach aran féin, & do bí ag 878] coimgreasacht na féine chuigi. Ocus ro éirigh Ferghus 879] Fínbhél & is edh adubairt: ‘A fhiana Érenn,’ ar sé, ‘is 880] truagh tarrla díbh a méd d'éigin & d'anforlann d'*fh*uilngeabhair 881] um ceann Érenn 'gá cosnamh & énlaech 'gá 882] buain díb aniubh & nach fuiltí acht amail bhís ealta minén 883] ar fud craíbhe {folio 7b 1} éigin 'gá n-imdídean ó bhís seabhac 884] ara tí. Sibh-si ag dul ar scáth Finn & Oisín & Oscuir & nach 885] cinneann neach ara chéli agaib & nach tabhair neach 886] uaib agaidh aran allmurach.’ ‘Dar mo chubhais,’ ar 887] Oisín, ‘is fír uili an forgeall sin & ní fhóbair neach againn 888] seach a chéili a dingmháil,’ ‘Ní fhuil neach is ferr ná --- p.29 889] 'chéili agaibh,’ ar Ferghus. ‘Biaidh anois,’ ar Oisín 'gá 890] leigean 'na thorainn thinneasnaigh d'innsaigid an allmuraig. 891] ‘An agam, a laích,’ ar Oisín, ‘co ferainn comrac rit tar 892] ceann na féine.’ ‘Is briathar dam-sa guma gerr an cairde 893] sin,’ ar mac rígh Lochlann. 894] Do thógadar iommorro an dá sciath imealchaín aladhbreac 895] a n-aicill a chéili & ro imreadar na craíseacha 896] créchtaidbhli comaigmhéile & na cloidme iarannbhláithi 897] órcumdaigthi, & do-rinnedar urrlaidhi tric thinneasnach 898] re hathaidh fhada. Do bhí iommorro an comhrac ac dul 899] tara chéili ann sin uair do bás ac clódh Oisín ann & do 900] bhean osnam éccomlainn as. Ocus ba druim re saegal 901] trá & fa bhuain chéilli do cabhair leisan fhéin Oisín do beith 902] isin éigin sin & tucadh gáir acaínteach os aird uime. 903] ‘Is cubhais dhamh, a fir dhána,’ ar Finn re Ferghus, 904] ‘gurab truagh duid an greasacht thucais ar mo mac 905] doc*h*um an allmuraigh, uair dob usa lium-sa bás 906] d'fhagáil dam fén & d'fianaibh Éirenn uili ná a faicsin 907] isin éigin a fhuil. Ocus éirigh d'adhmoladh mo mic dam 908] cumadh móide leis a menma hé & gumadh calmaidi a 909] comthuarcain.’ 910] Téid Ferghus gusan maighin a rabhadar na curaidh 911] isin comlann. ‘A anam a Oisín,’ ar Ferghus, ‘is adhnáir 912] leisan fhéin ísli h'inaid-si isin comlann sin & is imdha 913] taisteallach sibhail & echlach urláir ó ingenaibh rígh & 914] rofhlatha Érenn ag feitheam do comlainn.’ Gabhais 915] méid menman Oisín 'mun greasacht sin tuc Ferghus air 916] & ro éirigh a aigneadh & do médaigh a menma re a mholadh, 917] & tuc sínedh ara cholainn co toillfedh mac mís idir gach 918] dá asna dó, & do-chualadar an fhian uili coimghéisedh a 919] chnám ag drud ó chéili, co tuc urchur don craísigh cródeirg 920] chatha baí fora inchaibh co tarrla an craíseach a mbrollach --- p.30 921] na lúirighi co ndeachaidh fod ferlámha dá crann cruaidh 922] cheathardruimneach ar slicht a glaisiarainn tréna druim 923] siar seachtair {folio 7b 2} co fuair bás de. Ocus táinic féin co 924] fianaibh Érenn dá éisi. 925] Iar sin iommorro do tógbadh gáir adhbhulmór ag 926] sluaghaibh an domain 'gá chaínedh & gáir eili ac fianaibh 927] Érenn 'gá commaídem. Ní ar tlás ná ar time iommorro 928] do-cuaidh 'gá bráithribh-sean an laec*h* sin do bhuain 929] díb, uair nír miadh nó maisi leó a thuitim le firgaiscedhach 930] na féine. Iar sin trá ro éirigh an fírlaech fergach forránach 931] dárbo comainm Tocha mac rígh Lochlann & táinic a tír 932] do dhíghailt a bráthar. Ocus is amlaidh do bhí an fer 933] sin & circaill cithneimneach cláriarnaighi uime ó a bhonn 934] co a bhathais. Dob athearrach aignidh iommorro d'fir 935] a fhéchain gin co n-innsaiged é, & fa dubadh dealba do 936] dheidhmhíledaib & ba tréigean feadma le fírlaechaibh & 937] ba claechlódh céille le curadhaibh a fhaiscin. Ocus nír 938] an ina n-imeal nó co ráinic a certlár na féine & do lig 939] ingheilt dá loinn límtha leaturrthaigh ar curpaibh curadh 940] & ar formnaibh feróglach & ar guaillibh galgad & ar righthibh 941] ríghmhíledh, & tucadar uili a ndruim risin allmurach & 942] do-chuadar a raen madma & teithidh reme. Gér imnár 943] trá in t-éigean sin, nír ghabh neach do láim mac rígh 944] Lochlann do dhingmháil nó gur impó Mac Lugach ris. 945] ‘An agam, a rímílid,’ ar Mac Lugach, ‘co ferainn comrac 946] rit tar ceann na féine ó nach fóbraid uili do frithólam.’ Ba 947] recht aignidh iommorro le mac rígh Lochlann a impódh 948] don dergruathar ara raibhi, & gérbh edh, nír fiú leis a eineach 949] d'uirbernnadh .i. éra ar neach fá nimh um comrac. 950] Ro feradar iommorro an dias sin ardcomrac aigméil 951] ilgonach anaithnidh gan turbaid gan tairgsin, gan rún 952] tláis ná time ná teithidh ar ceachtar díb, gur combladhadar --- p.31 953] a craíseacha sa chathirghail & gur lúbadar na sithlanna 954] 'gá sírbualadh & gur scan*n*radar a scéith ó faebraibh na 955] cloidem corrgér curata. Ocus ar n-easbaid a n-órsciath is 956] ann ba sanntaighi an sárcomlann, & tucadar a n-aenfheacht 957] dá athbhéim uaibhrecha aigméili ainiarmartacha gur 958] combhuaileadar na cloidme a caelfhaebraibh a chéili co 959] ndeachaid cloidem Mic Lugach tré cloidem an allmuraig, 960] & tuc an dara béim dó gur coimbris an cathbarr & gur 961] dianteasc an dlúthtúireach & gur scoil*t*eastair an sciath & 962] gur comroinn an croidhe co cudruma don choílbéim sin. 963] Ocus táinic féin co menmnach {folio 8a 1} móraigentach co 964] fianaibh Érenn. 965] Is ann sin do éirigh an mac merrda míchéillidi mór-croidheach 966] aili do macaibh rígh Lochlann dárbo comainm 967] Mongach an Mara & do bádar sluaig an domain uili ac 968] éirghi leis. ‘Anaidh, a fhiru an domain,’ ar sé, ‘uair ni 969] sibh dhlighes curpéraic mo bráithrec*h*-sa, & ó nach sibh, 970] ligidh dam fén dul d'agra na cédérice ar fhianaibh Éirenn.’ 971] Ocus táinic a tír, & is amlaidh do bhí & súisti imreamhar 972] iarnaighi ana láim lesa rabhadar secht caera athleaghta 973] iarainn & caeca slabhradh iarnaide eisti & caeca ubhall 974] gacha slabraidh & caeca dealg neime an gach ubhall. 975] Ocus ruc ruathar fútha mar sin dá silbhualadh & dá 976] sreingleadrad & dá saebcuma, gurba samalta re healta 977] minén ag teithed roim seabac an scaíled & an scannrad 978] tuc arin féin ana timcheall. Ocus do ghabh adhnáire mór 979] laech d'fhianaibh Érenn uime sin .i. Fidhach mac rígh 980] Breatan & adubairt: ‘Tairre doma mholad, a Ferghuis 981] Fínbhél,’ ar sé, ‘co ndeachainn do comrac risan allmurach 982] innus gumadh móidi mo menma & m'aignedh & gumadh --- p.32 983] calmaidi mo comlann thú doma molad.’ ‘Urusa do molad, 984] a mic,’ ar Ferghus, & do bhí re hathaidh fhada 'gá molad. 985] Ro innsaighedar iommorro an dias sin a chéile co 986] briatharbhorb barbarrdha baethéicciallaidi. Ocus is ann 987] sin do thógaib Mongach an Mara an súisti imremar iarnaide 988] & tuc béim co talchar tinneasnach d'innsaighi mhic rígh 989] Breatan, & ruc mac rígh Breatan saibhléim lúith a n-airde 990] do lethtaíb chlé an allmuraig & tuc béim cloidim don 991] allmurach co tarrla tar cael a dhá lámh gur coimtheasc 992] in dá láim & ní hacu ro anastair an ghormlann gérloinnearrdha 993] acht ro roinn co cudruma an cathmhílidh fá a 994] certmedón, & ag tuitim dó, tarrla ubhall iarnaidhe do*n* 995] tshúisti cona dhealgaib nemi ar dedhbhél mic rígh Breatan 996] co rug an teanga & na fiacla & finnchaeb chró don inchinn 997] tre chúl a chinn siar, gur comtuitedar an dís sin bonn 998] re bonn & bél re bél aran láthair sin. 999] Is ann sin ro éirigh seinnser na clainni sin rígh Lochlann, 1000] & ba hé sin an bráth nach fulangthí & an dubdhortadh 1001] díl*e*ann & an chliathbearna céd & an bráth tar bruachaibh 1002] & an tonn rabharta & an fear nach ruc céim ar cúl riam 1003] roim uathadh ná sochaidi .i. Caiseal Clúmach airdrígh 1004] Lochlann féin, uair ní táinic díthugad daíne nó uathughad 1005] aicme mar sin a nÉrinn riamh. Ocus do bhí sciath neime 1006] ar dearglasadh aigi do-rinne gabha {folio 8a 2} ifrinn dó & dá 1007] curthaí fo muir hé, ní báit*h*fedh énlaem dá lasair & níba 1008] teóidi hé fein hí. Acht énní, ó do ghabhadh air hí, ní 1009] lamadh cara ná neamchara techt feadh a urchair féin 1010] a comghar dó. Ocus táinic fá fhianaibh Érenn mar sin 1011] & ní thuc dh'arm leis acht cloidem dá imdhídean uair ní 1012] d'imirt airm orrtha táinic acht do leigean neime a scéith 1013] fútha, uair na caera teinedh do theilgedh fútha, ní gabhadh 1014] arm ná earradh ná éideadh riú gan dul tré curpaib na laech 1015] ana saighdibh sithneimneacha co mbiadh an fer díbh ar --- p.33 1016] derglasadh a medón a arm & a éididh, & an uair do beanadh 1017] neach eili ris, do ghabhadh an lasair sin hé, uair ní ferr do 1018] lasadh scolb do dharaigh díleann do biad re bliadain re 1019] deataigh ná do lasfad gach neach díbh idir arm & eirredh 1020] & éidedh. Ocus dobo bheag gach mórolc dá táinic a nÉrinn 1021] riamh ag féchain an uilc sin. 1022] Gurab ann sin adubairt Finn: ‘Tógaibh bar láma, a 1023] fhiana Érenn,’ ar sé, ‘& tabhraidh trí gáirthi beannacht 1024] don tí do cuirfeadh anmuain éigin aran allmurach innus 1025] co ndeachadh dream éigin againn uadha do thoradh a 1026] reatha.’ Ocus do tugadar fiana Érenn na gáirthi sin fo 1027] cédóir. Meabhais iommorro gen gáire aran allmurach 1028] re cluinsin na ngáirthedh sin. Is ann sin do bhí Druimdherg 1029] mac Dolair mic Dorchaidhi, rífhéinnidh fhian Ulad a 1030] comgar don allmurach & do bhí sleagh neime aigi do bhí 1031] ag Clannaibh Rugraidhi a ndiaidh a chéili & an Cróderg 1032] fa hainm di. Ocus do fhéch ar rígh Lochlann & ní fhaca 1033] gan éidedh de acht a bhél & sé urfhoslaici ag gáire fán 1034] fhéin. Is ann sin tuc Druimderg urc*h*ar don Cróderg 1035] chuigi gur certamais ana bhél hé gur aidhbli a hurgráinne 1036] do leith a chúil nás do leith a aighthe. Ro thuit iommorro 1037] a sciath & ro báidh a lasair ó da thuit a thigerrna, & ráinic 1038] Druimdherg chuigi & do scar a cheann re a c*h*olainn & ro 1039] maídh an mórghním. Ocus is í sin cabhair is fearr leisan 1040] féin fuaradar leisan fhianghaisceadh riamh. 1041] {folio 8b 1} Asa aithli sin iommorro do brúchtdhoirtedar na 1042] catha ceachtarrdha coimdhícra comdhúthrachtacha sin 1043] fo 'chéili ana coilltibh comdhlútha & ana mbloiscbéim 1044] brodla & ana ndubdhortaibh díleann co grod & gu garb 1045] & co gáibhtheach, co borb & co badhbha & co bráthamail, 1046] co dána & co dian & co deithfireach, & rob imdha ann sin --- p.34 1047] fead cloidim re cnáimh & trost cnámha agá chirrbadh & 1048] colla arna créchtnugad & súili arna saebdallad & dóidi arna 1049] ndruimgerradh, & máthair gan mac & bean chaemh gan 1050] chéili. Ro freagradar iommorro na dúili uachtaracha a 1051] comdáil an chatha leó d'faisnéis na n-olc & na n-imneadh 1052] budh cinnti do dhéanamh isin ló sin, & do merlabhair an 1053] muir d'faisnéis na n-easbadh & do thógadar na tonna 1054] tromgháir truaghadhbal dá sírchaíneadh & do bhúiredar 1055] na piasta dá piastfhaisnéis & do ghéisedar na garbhchnuic 1056] le gábhadh na greisi sin & do crithnaigh*e*adar na coillti 1057] do chaíneadh na curadh & ro gáireadar na glaschlocha ó 1058] ghnímaibh na ngér-reann & do ghuiledar na gaetha ag 1059] admháil na n-ardécht & do crithnaigh an talamh ac 1060] tarrngaire an tromáir & do gormbrataigh an grian le 1061] gáirfeadhaigh na nglas-sluagh & do niamdhubadar na 1062] neóill re hathaidh na huaire sin & do chomgháireadar coin 1063] & cuanarta & badbha & geilide glinne & arrachta aieir & 1064] faelcoin na fidhb*a*idhe dá gach aird & dá gach oirchinn 1065] ana timcheall & sreath deamnaide diabalta do lucht aslaig 1066] uilc & écórach dá coimgreasacht a ceann a céili. 1067] Is ann sin iommorro ro smuain laech d'fhianaibh Éirenn 1068] gur mór dh'ulc & d'égóraib do-rinne féin & a chineadh & 1069] a chlannmaicne ar Clannaibh Baíscne, & dob áil leis 1070] gnímartha maithi do dhénamh dóibh ara shon, & dob 1071] é sin Conán mac Morna. Ocus do luathaigh a lámha le 1072] a lannchloidem & do tholl dá thiubhghonaibh taebha gan 1073] teasargain & ro leadair lámha ba lánchalma & do dhíthaigh 1074] dá dheadhcolg dúili ba dreachálainn & ba hadbal re innisin 1075] a ghnímartha aran ruathar sin. 1076] Do bhí iommorro Finn ós cinn an chatha ann sin ac 1077] coimgreasacht na féinne & ac greasacht {folio 8b 2} Chonáin 1078] seach cách & rí an domhain don leith eili ac greasacht na 1079] n-allmurach. Adubairt Finn re Fearghus Fínbhél: ‘Éirigh 1080] do molad Conáin dam gumadh móidi leis a menma hé --- p.35 1081] uair is maith an easargain do-ber sé ar mo bhidhbadaibh-si.’ 1082] Ocus téid Ferghus dá innsaigid. Do ghabh iommorro 1083] teasaidh*e*acht Conán ann sin ó imarcaid na hirghaili 1084] & do-chuaidh amach do ligean na gaíthi faí. ‘Is fír sin, 1085] a Conáin,’ ar Ferghus Fínbhél, ‘is maith is cumain let-sa 1086] seaneascairdeas Clainni Morna re Clannaibh Baíscne, & 1087] dobadh deóin leat-sa bás d'fagáil duit féin ann so dámadh 1088] díth do Clannaibh Baíscne hé.’ ‘Ar grád h'einigh rit, 1089] a fhir dhána, ná himderg mé gan fhochuinn & do-ghén 1090] obair maith ar allmurchaib acht co roistir isin chath.’ 1091] ‘Dar mo chubhais ámh,’ ar Ferghus, ‘dobadh maith an 1092] airighi dá dénamh sin thusa,’ & tuc treas adhmolta ann 1093] sin ar Chonán. Téid iommorro Conán aris fón cath & níba 1094] measa a gnímartha don turus sin, & téid Ferghus Fínbhél 1095] co hairm a raibe Finn. 1096] ‘Cia anois is fearr isin chath?’ ar Finn re Ferghus. 1097] ‘Dubhán mac Cais mic Cannáin,’ ar Ferghus, ‘.i. mac 1098] óglaích dod muintir-si, uair ní tabhair béim do neach 1099] acht énbhéim & ní térnóidhthear beó ón béim sin & 1100] adrorcradar trí nónbair & ochtmogha laech leis gus anois.’ 1101] Do bí iommorro Dubán Donn mac Nuadhad, mac rígh Chairrgi 1102] Léithi, rí Tuadhmuman, aran láthair sin & is 1103] ed adubairt: ‘Dar ar cubhais ámh, a Ferghuis,’ ar sé, 1104] ‘is fír uili an forgheall sin, uair ní fhuil isin chath mac 1105] rígh nó tigerna chinnes ar Dubán mac Cais mic Cannáin, 1106] & do-ghébhad féin bás ann nó cinnfed air.’ Ocus do lig 1107] ana thorainn tinneasnaigh tréasan cath amail buinne 1108] mborbruadh mbreaclasrach fá chnoc ardmhór aiteangharb 1109] nó mar thuinn reachtmhóir rabartha ac bualad um 1110] ghealtrácht ngainmidi, is é sin trá ár & easargain & ollcuma 1111] tuc arna hallmurchaib, & táinic naí cuarta fó*n* cath & 1112] do marbh naí nónbair gacha cuarta díb. --- p.36 1113] Ocus do fhiarfaig Finn d'Ferghus: ‘Cia anois is ferr 1114] isin cath?’ ar sé. ‘Dubán Donn mac Nuadhad, mac 1115] rígh Chairrgi Léithi, rí Tuadmuman,’ ar Ferghus, ‘uair 1116] nír chinn neach air ó chinn a seacht mbliadan anuas 1117] & ní chinneann anois.’ ‘Éirigh-si dá adhmolad,’ ar Finn 1118] re Fearghus, ‘cumadh móidi leis a menma hé.’ ‘Cóir a 1119] adhmoladh,’ ar Ferghus, ‘uair dar leat is sluagh ac rochtain 1120] dína roim tromfhleachadh mar a- {folio 9a 1} táid na hallmuraig 1121] ag rith roime tar gach leath.’ Ocus téid Ferghus mar a 1122] raibhi Dubán Donn & do ghabh ag moladh a nirt & a ghoile 1123] & a ghaiscid & ac molad a lúith & a lámaigh & a ghnímarthadh 1124] archeana, & táinic féin mar a raibhe Finn arís & adubairt 1125] Finn: ‘Cia anois is fearr isin cath, a Ferghuis?’ ar Finn. 1126] ‘Oscar ilbuadhach,’ ar Fergus, ‘& ní a n-énchath re 1127] cách atá, uair do cuireadh ceithri céd cuigi féin ar leith 1128] .i. dá céd Frangcach & dá céd d'feraibh Gairian & Fiac*h*ra 1129] Foiltleabhar rí fer nGairian féin, & atáid sin uili ac 1130] comtuargain scéith Oscuir, & ní tuc laech díbh-sin guin 1131] air nach tuc-san goin 'na haghaidh.’ ‘Cia réim nó ruathar 1132] do-chí ar Chaílti mac Rónáin?’ ar Finn. ‘Fuil sunn gan 1133] ro-éigean tar éis an deargruathair rug,’ ar Ferghus. 1134] ‘Éirigh-si chuigi,’ ar Finn, ‘& abair ris dream éigin 1135] dona allmurchaib do dhingmháil d'Oscur.’ Téid Ferghus 1136] chuigi. ‘A Chaílti,’ ar sé, ‘is mór an t-éigean úd do-chí 1137] ar do charaid .i. Oscur, fa bhéimnigh na n-allmurach, & 1138] éirig do thabairt fhortachta éigin dó.’ 1139] Téid Caílti gusan maighin a raibhe Oscur & na hallmuraig 1140] & tuc béim cloidim fona comhair gan choigill don tí ba 1141] neasa dó co ndearna dhá chuid cudruma de. Tógbhais 1142] Oscur a cheann & féchais air. ‘A Chaílti’, ar sé, ‘dar lim 1143] nír lamais do chloidem do deargadh ar neach eili nó gur 1144] dingmhais aen dá raibhi a comair mo chloidim-si. Adhnáir --- p.37 1145] duit fós fir an domhain mhóir & fiana Érenn uili a n-énchath 1146] & gan comlann d'fhagháil ann nó gur chuidighis mo chuid 1147] chatha orum-sa, & is cubhais damh-sa,’ ar sé, ‘cor áil 1148] lium do chur isin cosair cró ara shon.’ Do chlaechlóidh 1149] sin iommorro a chiall & a chonn do Chaílti & tuc a agaid 1150] ar chath na n-allmurach arís & ruamna na feirgi ana 1151] ghnúis & ana ghealagaid, & torcradar ochtmoga laech leis 1152] don ruathar sin. 1153] Is ann sin iommorro táinic Oscur ana ruibnedhaibh 1154] rodhiana reatha a timcheall a chatha féin & do ghabh ag 1155] drud & ag dingi & ag dlúthceartugad na n-allmurach a 1156] ceann a chéili, & táinic féin fútha dá éis amhail théid 1157] sruth seagmar sestánach tar chladhaibh clachísli camcharadh, 1158] nó amail do beith tréd caerach ar mórmuigh 1159] & cú allaid ana ceartlár agá coimleagadh & nochar 1160] smachtamhla aran tréd hé ná Oscur arna hallmurchaib, 1161] & nochar tana sílc*h*ur na trágha óna fearaib 'na faenluighi, 1162] uair {folio 9a 2} cebé 'gá raibhe síneadh saegail tar éis an chatha 1163] sin, ní ag neach do chuid Oscair do bhí, & torcradar na 1164] ceithri céd sin leis & tuc a aghaidh arís aran mórchath & 1165] do-chuaidh fútha amhail leoman luathfheargach & do 1166] ghabh ag imirt a fheirgi orrtha. 1167] ‘Cia anois is fearr isin chath?’ ar Finn re Ferghus. 1168] ‘Do mac móirmenmnach féin,’ ar Ferghus, ‘.i. Oisín 1169] ilbuadhach, & atá sé a tiublár na n-allmurach 'gá luathmharbhadh.’ 1170] [*gap: Hyphenated word carried up to previous line*] 1171] ‘Cidh tuarascbháil fuil aran chath anois?’ ar Finn re 1172] Ferghus. ‘Truagh sin,’ ar Ferghus, ‘uair ní táinic & ní 1173] ticfa neach budh tualaing a innisin nó a fhaisnéis anois. 1174] Uair is cubais dam-sa,’ ar sé, ‘nach dlúithi & nach daingne 1175] na coillti dlúithi dosbarracha doscaílti is dlúithi & is 1176] do-imt*e*achta a n-iarthar na hEórpa anáid anois, uair 1177] atáid irsi a sciath & brollaigi a lúireach a lámaib a chéile. --- p.38 1178] Ocus is cubhais eili dam,’ ar Ferghus, ‘dá mbeith an 1179] darna fer nó an treas fer dá fhuil isin chath & athainneadha 1180] teineadh a láimh gach aín díb acá mbualadh fá 'chéili, 1181] nach budh ai*dh*bhsigi splangcach theinedh uatha a 1182] n-airde ná a tig do theinntigh a cimsaibh a clogat & a 1183] cathbharr & a cat*h*lúireach ó fhaebraibh tana tiubhthuagh 1184] & chloidem corrgér curata. Ocus is cubais eili dam,’ ar 1185] Ferghus, ‘nár fhear a ló fhoghmhair cith ferthana is truma 1186] ná an cith fola fhearus forna sluaghaibh anuas arís do 1187] teilg gaeth & siangearán na n-arm & golgháirfeadhach na 1188] sluag a n-aer & a fhirmaiminnt. Cubhais eili dam fós,’ 1189] ar Ferghus, ‘nár theilg gaeth dá táinic óna dúilibh riamh 1190] do dhuilleabar do mórcoill urdail ar theilg gaeth aniubh 1191] a néllaib & a n-aer d'fholtaibh fada finncasa forórdha & 1192] do chiabaibh case círdubha & d'urrladhaibh leabra 1193] lánmaiseacha arna teascadh do bhiaillibh imleathna 1194] infhaebracha, uair do múchadar na fola & na fuilt sin 1195] fearas forna cathaibh leath ar leath iad nach samalta 1196] co fhuighthí sa bith neach d'aithneóchadh aen díb seach 1197] a chéili muna tucadh aithne ara n-urrlabraibh. Ocus is 1198] imdha laech ac tuargain scéith Oisín & Oscu*i*r, & an 1199] laech is lugha éigean {folio 9b 1} a fianaibh Éirenn, atá nónbar 1200] allmurach ac tuargain a scéith, & is imdha laech dhíbh 1201] fós ara fhuil caeca laech nó seasca nó ochtmhogha, & 1202] atáid cúic céd ac tuargain scéith Oisín & Oscuir & Chaílti 1203] & is mór an t-éigean a fhuilead seach chách.’ 1204] ‘Éirigh-si chuca, a Ferghuis,’ ar Finn, ‘& tabhair treas 1205] adhmolta ar gach aen díbh-sin fo leith gumadh móidi a 1206] menma & a n-aigned leó hé.’ Téid iommorro Ferghus 1207] gusan maighin a raibhe Oisín & Oscur & maithi Clainni 1208] Baíscne a ceartmheadhón an chatha ac cirrbhadh na 1209] curadh & ac marbadh & ac mugadh na miled, & do ghabh --- p.39 1210] Ferghus ann sin ac commaídheam na curadh & ac laídheadh 1211] na laechraidhe & ac greasacht na ngalghadh & ac adhmoladh 1212] na n-ánradh & ac maídem na míled & ac brostadh na 1213] mbuidhean & ac foráil an anta & ac teannadh an tairisim 1214] & ac aslach na hinnsaighi co tabradh-san iommorro tuilled 1215] meanman & aigeanta dá gach énfhear d'fianaibh Érenn 1216] gérbo sainnt & gérbo dúthracht leó féin calma do dénamh 1217] roime sin. Ocus táinic Fergus arís mar a raibe Finn. 1218] ‘Cia anois is fearr isin chath?’ ar Finn re Ferghus 1219] Fínbhél. ‘Dar mo chubhais ní cara duit-si an tí is fearr 1220] ann,’ ar Fergus, ‘.i. rí an domhain .i. Dáire Donn mac 1221] Loiscinn Lomghlúinigh, & táinic ana ruathar roreatha 1222] amhail luas ainnli nó feirbi nó iarainne, nó mar sidhi 1223] gaíthi géiri glanuaire ac rochtain tar ceand machaire nó 1224] maighshléibhe dot iarraidh-si & dot iarmóracht trésan 1225] cath, & níor fhágaibh sé cúil nó cearnn nó aird nó oirchinn 1226] nó aireanach don cath gan iar*r*aidh duit-si, & tángadar 1227] trí chaeca laech dá theaghlach do lucht chúlcoiméda 1228] leis isin chath, & do-conncadar dá fhianghaisceadhach 1229] dot fhéin-si iad .i. Cairell Cathbhuilleach & Aelchinn 1230] Cruachna, & do indsaigheadar rígh an domhain, uair nír 1231] áil leó a leigin chugad-sa gan fordergadh dóibh fén air, & 1232] do thuitedar lucht cúlcoiméda an rígh leó & nír deargadar 1233] a n-airm air fén & do thuitedar-san araen leisean & is mór 1234] an chathbhéimneach chatha atá air ar fhud an chatha 1235] ac rochtain chugad-sa.’ 1236] Táinic iommorro rígh an domhain chuca faí sin & ní 1237] raibhe {folio 9b 2} a fharradh Fhinn ann sin acht Daelgus mac 1238] righ na Gréigi, & is ris aderthaí Arcallach na Tuaighi Duibhe 1239] .i. is é cédduine tuc tuagh leathan ar tús a nÉrinn hé 1240] & is hí ba harm dó ann sin. ‘Tucas mo briathar,’ ar sé 1241] ‘nach ligfinn Finn romam a cath nó a comlann co brách.’ 1242] Éirghis Arcallach & tig builli barbarrdha don leathantuaig --- p.40 1243] bai 'na láimh don rígh gur theasc an minn rígh co ráinic 1244] an folt, & ní tuc braen fola asa leathar uair do impóidh 1245] a bél aran tuaigh & tángadar caera teineadh fón fhaithc*h*e 1246] don b*u*illi sin. Ocus do-rad an rí béim dó-sum & do-rinne 1247] dhá chuit chudruma de. 1248] Is ann sin iommorro ráinic airdrí oirrdeirc uasalghnímhach 1249] teann tréntalc*h*ur tarcaisneach neartmar neimneach 1250] naimhdeamhail data díghainng dubhgusrúnach an domhain 1251] & an cing cabarthach clannlínmhar ceartbreathach flaith*e*amhail 1252] fíreólach Finn, & do-riachtadar an dana omna 1253] áigh sin & an dá beithir gan baeghlachadh & an dá 1254] mathgamain mórghlonnacha & an dá leoman luathfheargacha 1255] co háit na hirghaili. Ocus do-connairc rí an domain 1256] an cloidheamh nemhe arna nochtadh a láimh Fhinn & ro 1257] airigh an tshleigh nithghalaigh neimhe & an scian, & do 1258] athain na hairm neimhe dá raibhe a ndán dó féin bás 1259] d'fhagáil & ro lín uaman & imeacla uili hé & do-chuaidh a 1260] cruth & a caemhdénamh de & do meirbligheadar a meóir 1261] & do crithnaighedar a chosa & do saebadh a rosg & a 1262] radharc le faicsin na n-arm sin a láimh Fhinn. Ro 1263] nochtadar iommorro an dá chathmílidh a cloidhme altgorma 1264] iarannbláithi órcumdaighi & ro innsaigheadar a chéile co 1265] dianborb dlúthmar dásachtach & co mórbhuilleach 1266] malltroightheach merlaidir & co trénteann tulbhorb 1267] tinneasnach, & do-rinneadar na hairdríghi an irghail co 1268] hingantach, uair do beandaís tuirt & tromchaepa a taebhaibh 1269] & a torcasnach a chéili, & nír bec an ní ris ba samalta 1270] torannchleasa na deisi sin amail budh é sidhi gairbgreasach 1271] gaíthi na geamoidche arna roinn co ceart cudruma do 1272] thiucfadh anoir & aniar a n-airrcis a chéili, nó amail budh 1273] hí an Mhuir Romhair reachtaigeantach Ruadh ar ndénamh 1274] dá leath co lánceart di do bhánbhéim a ceann a chéili, nó --- p.41 1275] amail do beitís dá laithi borbghnímacha bhrátha ac 1276] imchos- {folio 10a 1} nam an talman co tinneasnach re 'chéili. 1277] In té iommorro nár chleacht a créchtnugad riamh 1278] reimhe sin, do bás 'gá anmainniugad co mór sa comhrac 1279] .i . rí an domhain, uair nír fuiligheadh d'arm riam air 1280] coruigi sin. Do thógadar iommorro an dá cathmílid sin 1281] an dá láim ághmara aigméili a n-énfheacht leisna 1282] béimeannaibh co tarrla cloidheamh rígh an domhain a 1283] sciath Finn co ruc an trian uachtarach as & gur leadair an 1284] lúireach ó a cris sís & ruc leithead boisi míled d'fheóil & 1285] d'fhinnleathar a leisi leis co talmain. Tarrla iommorro 1286] cloidheamh Finn a n-oscail uachtarach scéith rígh an 1287] domhain gur scoilt an sciath & gur theasc cloidheamh an 1288] chathmhíled, & do bhean an builli cédna a cois chlí an 1289] rígh co ndeachaid tríthi co talmain, & do-rad an t-athbhéim 1290] dó gur scar an ceann & an caembhruinne re 'chéili. Ocus 1291] do thuit Finn féin a taisibh & a táimnéllaib & mórán do 1292] chneadhaibh & do créchtaibh & do cróshlighibh báis air. 1293] Is ann sin ro ghabhastair Finnachta Fiaclach .i. taíseach 1294] teaghlaich rígh an domain, an minn rígh & ro reathastair 1295] leis mar a raibhi Conmhael mac rígh an domain & gabhais 1296] minn a athar fá a cheann. ‘Cuma sén catha & comlanna 1297] imdha duit-si sin, a mic,’ ar Finnachta. Ocus tucadh 1298] airm rígh an domain dó & táinic ar fud an chatha d'iar*r*aidh 1299] Fhinn & do thuit caeca ar céd laech leis don fhéin don 1300] ruathar sin. Do-connairc iommorro Goll Garbh mac rígh 1301] Alban hé & ro indsaigh hé, & ro fersad comrac. Fíchdha 1302] fergach fortamhail dlúthmar dána dofreastail iachtac*h* 1303] urrlam osnamhach cneadhach crannruadh croidheamhail 1304] an comrac sin. Ráinic iommorro béim ó mac rígh Alban don 1305] mac sin rígh an domain fo sceimeal a scéith ana taebh 1306] clé co ndearrna dá chuit cudruma dhe. --- p.42 1307] Do-connairc Finnachta Fiaclach sin & ruc sidhi arís 1308] arin minn rígh & beiris leis hé co hairm a raibe Ógarmach 1309] ingen rígh na Gréigi. ‘Gabh an minn rígh umad,’ ar sé, 1310] ‘a Ógarmach, uair atá a ndán don doman bean dá ghabháil 1311] & ní huaisli bean dá ngébha hé ná thusa.’ Ocus tucadh 1312] a gairm rígh gosaird. ‘Cá fear*r*de dam-sa sin,’ ar 1313] Ógarmach, ‘& nach maireann d'fhianaibh Éirenn ní ara 1314] ndígheólainn-si rígh an domain {folio 10a 2} do marbad.’ Ocus 1315] táinic d'iarmóracht Finn fón cath & do-connairc Ferghus 1316] Fínbhél hí & táinic co hairm a raibhi Finn. ‘A ríféinidh,’ 1317] ar sé, ‘cuimnigh an cathugad maith do-rinnis re rígh 1318] an domain cotrásta & cuimnigh h'áithusa móra mince 1319] riam coruici so, & is mór an t-éigean atá anois cugad .i. 1320] Ógarmach ingen rígh na Gréigi.’ 1321] Táinic iommorro an bhanghaiscedhach chuca faí sin. 1322] ‘A Fhinn,’ ar sí, ‘is olc an t-íc dham thú annsna ríghaibh 1323] & annsna tigerrnaibh do thuit leat & led muintir, & gidheadh,’ 1324] ar sí, ‘ní fhuil agad-sa íc ann is mó ná thú féin & a maireann 1325] dod chlannmaicne.’ ‘Níba fír sin cheana,’ ar Finn, ‘& 1326] cuirfead do cheann-sa sa chosair cró a cumaidh cháich.’ 1327] Ocus ro innsaig an dias sin a chéili amail dá leomun 1328] loinnmeara nó amail do eireóchaidís do múchad a chéile 1329] craebhthonna cladhanfaidh cuipgheala Clidhna & Tonn 1330] thaíbhleabar toirismeach Thuaighi & Tonn romar reachtaigeantach 1331] Rugraidhi, ba samalta sin risin cirrbadh & 1332] risan chomthuargain thuc an dís sin ara chéili. Ocus 1333] dob é imthúsa an comraic, gér fada baethcomhrac na 1334] bangaiscedhaighe, do-riacht béim ó Finn di gur theasc an 1335] minn rígh gurb é brollach na lúirighe do ghabh risan 1336] cloidheam, & tuc an dara béim gur scar an ceann & an --- p.43 1337] cholann re 'chéili. Ocus do thuit féin isin chosair cró & 1338] ba marb hé asa aithli acht gé dho éirig arís. 1339] Do thuiteadar iommorro slu*a*igh an domhain & fiana 1340] Érenn leath ar leath ann sin, & ní raibhe 'na sheasam dona 1341] cathaibh ceachtarrdha acht Mac Crimhthainn na Cuan 1342] .i. dalta d'Fhinn, & taíseach teaghlaig rígh an domhain .i. 1343] Finnachta Fiaclach. Ocus táinic Finnachta Fiaclach fón 1344] ár & do bhi ag tógbháil chuirp rígh an domhain leis ana 1345] luing & adubairt: ‘A fhiana Érenn,’ ar sé ‘gidh olc do 1346] sluagaib an domain móir an cath sa, badh measa dhíbh-si 1347] hé, uair géabhad-sa an doman mór thoir & a b*f*os ó do 1348] thuiteabair-si leath ar leath.’ Do-chuala iommorro Finn 1349] sin & sé 'na luighi sa chosair cró & maithi Chlainde Baíscne 1350] ana timchell & adubairt: ‘Is truagh lium nac*h* bás 1351] fuaras suil do cluinfinn an t-allmurach ac rád na mbriathar 1352] so & hé ac rochtain beó sa doman {folio 10b 1} mór arís d'innisin 1353] scéil, & ní fearrde lium gnímh ná écht ná áitheas dá nderrna 1354] mé féin ná énduine d'fianaibh Érenn & fer innisti scéil do 1355] dhul beó as dona hallmurchaib, & an fhuil énduine beó 1356] a comgar dhamh?’ ar sé. ‘Atáim-si,’ ar Ferghus Fínbhél. 1357] ‘Cia réim nó ruathar fuil aran cath anois?’ ar Finn. 1358] ‘Truagh sin, a Fhinn,’ ar Ferghus, ‘is briathar dam-sa 1359] ó do chumaiscedar na catha sa maidin aniubh ara chéile 1360] nach ruc allmurach ná Érennach céim ar cúl re 'roili nó 1361] gur thuit*e*adar uile bonn re bonn, & is cubhais dhamh,’ 1362] ar Ferghus, ‘nach léir re feadh radhairce gráinne gainim 1363] ná feóir aran trácht sa thís le corpaibh curadh & cathmhíled 1364] ana fhaenluighi ann, & is briathar eili dhamh,’ ar sé, ‘nach 1365] fuil neach dona cathaib nach fhuil isin chosair cró sin 1366] acht madh taíseach teaghlaig rígh an domain & do dhalta-sa 1367] féin .i. Cael mac Crimthainn na Cuan.’ ‘Éirigh-si dá 1368] fhis, a Ferghuis,’ ar Finn. --- p.44 1369] Téid Ferghus co hairm a raibhi Cael & do bhí 'gá fiarfaige 1370] dhe cinnus do bhí sé. ‘Truagh sin, a Ferghuis,’ ar Cael 1371] ‘is briathar dham dá mbeantá mo lúireach & mo chathbharr 1372] dím & m'éideadh uili, nach fhuil dúil dom dhúilib nach 1373] tuitfeadh ó 'chéili, & is cubhais dam gura doilghi lium 1374] an laech úd ad-cím ag dul beó dona hallmurchaib ná mé 1375] féin do beith mar atáim, & fágaim mo beannacht agad-sa, 1376] a Ferghuis,’ ar Cael, ‘& tógaibh leat ar do mhuin mé 1377] doc*h*um na fairrgi co ndénainn snámh a ndeagaidh an 1378] allmuraig & ní bia a fhis aigi-sean nach neach dá muintir 1379] fén mé. Ocus táinic snáithi mo shaegail cheana & dobudh 1380] maith lium dá tuitedh an t-allmurach lium suil do scarfadh 1381] m'anam rem corp.’ 1382] Tógbhais Fearghus leis dochum na fairrgi hé & ligis 1383] ar snám a ndeagaid an allmuraig hé. Anais an t- allmurach 1384] ris ar rochtain na luingi dó uair do shaíl gumadh dá muintir 1385] fén hé. Éirghis Cael iommorro ar gabalshnám láim risan 1386] luing. Sínis an t-allmurach a lámh chuigi. Gabhais Cael 1387] ar chael cruibh hí & dúnais na dóide daingeangreamacha 1388] doscaílti uime & tuc tarruing fherrdha fhírchalma air 1389] co ruc tar bord amach hé. Ro dhúnadar na laechlámha 1390] leadurthacha tar {folio 10b 2} corpaibh a chéili & rángadar 1391] araen grian & grinneall an ghlanmhara, & ní facus ceachtar 1392] díbh ó sin a leith. 1393] Is ann sin tángadar mná & bannála & aes ciúil & oirfididh 1394] & ealadna fhian Érenn d'iarmóracht & d'adhlacadh rígh & 1395] ro*fh*latha na féine & do breith gach aín budh inleighis 1396] díbh co háit a leighis. Ocus táinic Geilghéis ingen Mic 1397] Lugach .i. bean Chaíl mic Crimthainn na Cuan & do-clos 1398] fo oirear na críche uili na faídhedha fainne & na foscadha 1399] fírthruagha do lig gosaird ac iar*ra*idh a caímhchéili a 1400] measc an áir. Ocus mar do bhí ann, do-connairc sí an --- p.45 1401] chorr léna & a dhá hén & an fiadhach fochealgach risa 1402] n-abarthar an sinnach ar tí a hén, & an uair do fóbradh 1403] sisi én díb do teasargain, do beiri*o*dh-san sithi aran én 1404] eili gur éigean don chuirr a síneadh eaturra araen & gur 1405] usa lé bás d'fhagáil & d'fulung ón confhiadh allaid náid 1406] na heóin do marbadh dó. Ocus tuc Geilghéis sin da húidh 1407] co mór & adubairt: ‘Nír ingnadh dam- sa,’ ar sí, ‘grádh 1408] dom chaemleannán ó atá an t-én becc isin airc úd uma 1409] hénaibh.’ Ro-chuala iommorro damh allaid ar Druim 1410] Ruighlenn ós cinn an chuain & do bhí ac caíneadh na 1411] heillti co dearmháir ón chnoc co 'chéili, uair do bádar 1412] naí *m*bliadna a fharradh a chéili & do luighdís a fidh 1413] do bhí re cois an chuain .i. Fidh Léis, & do marbad le Finn 1414] an eilid sin & do bhí an dam sin naí tráth dég gan fér gan 1415] uisce do blasacht ac caíneadh na heillti sin. ‘Ní guth 1416] dam-sa,’ ar Geilghéis, ‘bás d'fhagáil do cumaidh Chaíl 1417] ó atá an damh ac timdibhi a shaegail do chumhaidh na 1418] heillti.’ 1419] Tarrla Ferghus Fínbhél di a measc an áir. ‘Scéla Caíl 1420] agad dam, a Fhearghuis?’ ar sí. ‘Atáid iommorro,’ ar 1421] Fearghus, ‘uair do báidh sé a chéile & taíseach teaghlaigh 1422] rígh an domhain .i. Fiannachta Fiaclach.’ ‘Beac an 1423] t-ingnadh dam-sa,’ ar sí, ‘Cael & Clanna Baíscne do 1424] chaíneadh uair is trén chaínid na heóin & na tonna iad.’ 1425] Ocus do-rinne an laídh ann sin: > 1. 1426] 1] Géisidh cuan > > 1427] 2] ardbhuinne ruadh Rinn Dá Bhárc, > > 1428] 3] báthadh laích Lacha Dá Chonn > > 1429] 4] is edh chaíneas tonn re trácht. > > > --- > > p.46 > > 4. 1430] 5] Luinchidh corr > > 1431] 6] a seisceann Droma Dá Trén, > > 1432] 7] sisi 'gá buaidreadh do bhí, > > 1433] 8] sinnach dhá lí ar tí a hén. > 5. 1434] 9] Truagh an t*s*éis > > 1435] 10] do-ní damhán Droma Léis, > > 1436] 11] marb eilid Droma Síleann, > > 1437] 12] géisidh dam díleann dá héis. > 6. 1438] {folio 11a 1}13] Truagh an fhaídh > > 1439] 14] do-ní an smólach a nDruim Chaín, > > 1440] 15] & ní neamhtruaighi an scol > > 1441] 16] do-ní an lon a Leitir Laígh. > 7. 1442] 17] Is saeth lium > > 1443] 18] bás an laích ro luigheadh lium, > > 1444] 19] mac na mná ó Dhoiri Dá Dos > > 1445] 20] beith anos is cros fá 'chinn. > 8. 1446] 21] Truagh an gháir > > 1447] 22] do-ní tonn trágha re tráigh, > > 1448] 23] ó adbath fer ségh*dh*a saer > > 1449] 24] saeth lium Cael do dhul 'na dáil. > 9. 1450] 25] Truagh an tres > > 1451] 26] do-ní an tonn sa tráigh si theas, > > 1452] 27] misi ro tharrnig mo ré, > > 1453] 28] misdide mo ghné, ro feas. > 10. 1454] 29] Ceatha troma > > 1455] 30] do-níd tonna Thulcha Léis, > > 1456] 31] misi nochan fuil mo maín > > 1457] 32] ó ro maídh an scél ro géis. > > > --- > > p.47 > > 13. 1458] 33] Marbh an ghéis > > 1459] 34] dubhach a heóin dá héis, > > 1460] 35] mór do-ní domenma dhamh > > 1461] 36] an dogra ro ghabh an ghéis. > 14. 1462] 37] Ro báidheadh Cael mac Crimthain, > > 1463] 38] nochan fuil m'inmhain dá éis, > > 1464] 39] is mór triath do thuit le a láimh, > > 1465] 40] a sciath a ló gháidh ro ghéis.Géisidh. > 1466] Is ann sin do scar a hanam re' corp do Gheilghéis do 1467] chumaidh Chaíl mic Crimthainn, & do claidheadh a feart 1468] ós cinn Fhinntrágha & do tógbadh lia ósa luighe & ro 1469] feradh a cluithi caínteach ann sin. 1470] Conadh hé Cath Finntrágha conigi sin gan imarcaidh 1471] gan easbaidh. 1472] Finit. 1473] Arna scríbadh d'Fhinnlaech Ó Cathasaidh do thSaidhb 1474] ingin Taidhg hí Mháille .i. saí mhná ar ghaís & ar eineach 1475] & gheanmnaigh*e*acht et reliqua.