#Betha Molaga #### Corpus of Electronic Texts Edition ### Background details and bibliographic information Betha Molaga ============ Author: Unknown --------------- ### File Description J. G. O'KeeffeElectronic edition compiled by Elva Johnston , Mavis Cournane , Donnchadh Ó Corráin , Beatrix Färber 1. First draft.Extent of text: 3550 words#### Publication CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt (2015) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland. Text ID Number: G201004Availability [RESTRICTED] Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only. #### Sources **Manuscript sources**2. B: Brussels, Bibliothèque royale, MS 2324-2340, folio 130, by Michael O'Clery in Cork in 1629. 3. A: Dublin, Royal Irish Academy, MS Stowe A 4 1, p. 41, written in Cork by Domhnall Ó Duinnín in 1627. 4. F: Dublin, Royal Irish Academy, Book of Fermoy p. 89a, written in or about 1453. **Editions and translations**2. A Latin translation was published in Louvain by John Colgan 1645, Acta sanctorum veteris et majoris Scotiae seu Hiberniae ... sanctorum Insulae, reprinted Dublin 1947. **Literature**2. Pádraig Ó Riain, 'Traces of Lug in early Irish hagiographical tradition', ZCP 36 (1977) 138–56. 3. Pádraig Ó Riain, Beatha Barra, Saint Finbarr of Cork: the complete Life, ITS 57 (London 1994) 40–52. 4. Máire Herbert, Observations of the Life of Molaga in J. Carey, M. Herbert & K. Murray (eds), Cín Chille Cúile: texts saints and places: essays in honour of Pádraig Ó Riain (Aberystwyth 2004), 127–40. 5. Pádraig Ó Riain, A dictionary of Irish Saints (Dublin 2011), 480–82 (with bibliography). **Internet availability of O'Keeffe's edition**2. http://www.ucc.ie/academic/smg/CDI/PDFs\_textarchive/IrishTexts3\_pt1.pdf 3. http://www.ucc.ie/academic/smg/CDI/PDFs\_textarchive/IrishTexts3\_pt2.pdf **The edition used in the digital edition**2. **J. G. O'Keeffe**, Betha Molaga in Irish Texts, Ed. J. Fraser and Paul Grosjean and J. G. O'Keeffe. , London , Sheed and Ward, 31 Paternoster Row (1931) fasciculus 3 page 11–22 ### Encoding #### Project Description CELT: Corpus of Electronic Texts #### Sampling Declaration The electronic text covers pages 11–22 #### Editorial Declaration ##### Correction Text has been proof-read three times. ##### Normalization The electronic text represents the edited text excluding footnotes. The text is edited from B with variants from A and F. The electronic edition represents only the text and no variants are cited. Word-divisions and capitalisation are normalised in accordance with CELT practice. Expansions are marked in italics in the edition. Characters supplied by the editor are integrated into the electronic text. ##### Quotation Direct speech is not enclosed in quotation marks. ##### Hyphenation When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word (and punctuation). ##### Segmentation div0=the life; div1=the section (numbered in sequence throughout the chapters). Metrical quatrains are marked and numbered. ##### Interpretation Personal names and place names have not been tagged. #### Canonical References This text uses the DIV1 element to represent the section. ### Profile Description Created: By unknown monks in Irish scriptoria (Middle Irish Period?) #### Use of language ##### Language: [GA] The text is in Middle Irish. ##### Language: [LA] Some words are in Latin. ##### Language: [EN] The translated title is in English. ### Revision History * (2015-07-15) Beatrix Färber (ed.) * File proofed; expansions marked up; structural markup added to; file parsed and validated, SGML and HTML files created. * (1996-04-16) Elva Johnston (ed.) * List of manuscripts compiled. * (1996-04-05) Elva Johnston (ed.) * Checking of word segmentation and mark-up; introduction of mark-up for Latin in text. * (1996-01) Donnchadh Ó Corráin (ed.) * Segmentation of words and checking of structural mark-up. * (1995-06) Mavis Cournane (ed.) * Structural mark-up applied. * (1992-04-12) Students at the CURIA Project (capture) * Data capture. --- #### Corpus of Electronic Texts Edition: G201004 ### Betha Molaga: Author: Unknown --- p.12 Mo Lacca di*diu* d' Feraibh Muighe Feine a chenél .i. do Uibh Cúscraidh .i. do Cloinn Luchta an ti h-i-sin do sunnradh, ar ro bhattar --- p.13 tri fine aireghda do Uibh Cuscraidh an tan-sin .i. Clann Luchta & Clann Dedhadh & Clann Dímma, & as óna finib-sin ro ghenair triar onórach i n-nimh & i t-talmain .i. Cuana mac Cailchin meic Dimma meic Findbhairr meic Findlogha meic Dece meic Fili meic Cúscraidh ro genair im*morro* a Cloinn Dímma .i. Cuana. Mo Chuilli mac Diuchuill meic Comain meic Degha meic Buidhi meic Colla meic Cuscraidh ro genair o Cloinn Degha .i. Mo Chuilli. O Cloinn Luchta im*morro* ro genair Mo Laga .i. Mo Laga mac Duibh Dlighidh meic Duibh Deochain meic Duibh Cuille meic Luchta meic Colla meic Cúscraidh meic Fir Ailche meic Buain meic Mogha Ruith. I n-Uibh Cumhscraidh di*diu* ro genair Mo Laga .i. h-i l-Liathmuine uair ro bháttar a thuistighe-siumh i n-aimritteacht go a seann-dataidh .i. Dubh Dlighidh & Minchollaitt, ben-séin do Cænraighe uair nocha berthi clann doibh & ro chinnset-somh de sin beith i n-aentaidh bethamhnais chena & gan beith i n-aentaidh colluidhi ar ro bhensat ceill do cloinn, & ro bhattar isin t-suidhiuccudh-sin go cenn *trich*at bl*iadhan*, amhail as-bert an file: > 1. Ro bái Minchollaitt ga comhall > > gan coll riaghla > > fo leith gan a ceile caemhda > > tri *deich* m-bliadhna. > I n-araile ló tra téitt Dubh Dlighid & a bhen do craobhadh iomaire lín do let*h*-táibh dess ráin an bhealaigh re h-Ath Cros atuaidh aniú go facattar cuca Cuimmin Foda mac Fiachna & Comhdhan mac Da Cerda go m-buidhin móir do cleircibh immaille friú. Is annsin as-bert Cummain: A senóir truaigh an tre tochar dhuit fri Día nach fil occat mac no úa not-saorf*adh* don monar-sin? --- p.14 At-bert Dubh Dlighidh nach derna gaitt na gái na eissimul. Usaide linn cairdes frit ar coimhett na firinne duit, ar Cuimín. {folio 130v} At-bert Dub Dlicchidh: Ata cena biodba do Dhia i l-leith mo guirt & seacht mic aicci. Nachat geibhedh formatt fris, ar Cuimín, ar raghait for neimhfní a chlann-sin úair na derna réir n-Dé. Do-ní Dubh Dligidh aentaidh fri Cuimín annsin go ros-bennachsat an dís an lánomhain. Ro thirchan iarumh Cuimín go n-geinfedh mac sainemhail uaidhibh budh cenn & budh comhairleach do lucht na tíre & na talman uile, & adubairt go m-bér*adh* an chailleach do Chaenruidhi seacht mhíosaidh budh laindeach lé & go madh eisen féin no-bhaistf*edh* & ní bá do uiscce dobhráin na lachan ná a fothraccadh ban na laochr*aidhe* Líathmuine ro baistfidhi é acht a hess do shruth Iordanáin & adubairt go m-biadh fri leighenn iar sin & go madh h-i Tulaig Mín an Muighe in ard-ruire no bíadh féin. Adubairt an senoir íar sin na ro shaoil geinemhain úadha eter ge ro thairngirset na cleirigh dó & ro raidh: A cleirigh ror-bennach-ne fein. At-bert Cuimín: Bennachfat-sa an dís ó n-geinfe an mac mór rathmar ata ettorra & nemh ar at umhla do Dhía iatt & ad-bert Comdhán: > 1. Dubh Dlighidh is Minchollait > > is Cuimín ar c-cenn > > an oinmitt dia lenamain > > i mullach na m-benn. > Tiagait iar sin na cleirigh for a c-cuairt i n-deiscert Erenn. Adubairt im*morro* Dubh Dlighidh fria bhann-sccail: Eircc-si budhes go h-Ath Cairn Chuilind, risa n-abar Ath Cros aniú, & raghat-sa go h-Ath Ichtair Fhedha, risa n-abar Ath na c-Caérach aniú, dus an tochradh do neachtar de úainn lánamhain fora n-erailfimís coimhriachtain, ar ro thirchan Cuimin an ghein do-dingéntai ind uair-si go madh lán Éiri & Albu dia clú. Do-ronsat iarumh amhlaidh-sin díblínaibh acht ni tarla doibh lánamhain dia n-earbtais sin & fa --- p.15 doiligh ón leo-somh sin ar ní ro shaoilset itir geinemhain uaidhibh fein ara fhad ro bháttar h-i f-fégm*us* coimhleaptachais. Ro iompoiset iar sin for cúla gusan ion*adh* as a t-tangatar {folio 131r} et at-bert Dubh Dligidh fria-si: Cia thusa, a ingen? Minchollaitt sunn, ar issi, do chétt-séitigh ó thosach do bhethad. Masa thusa fil ann, ar eissiumh, as beouccudh nó náidhentacht fil fort ar iss edh tuccadh for mh' aire gurbho inghen ócc chorr-chigheach & a pudrall comh-ard fria clúais tainic cuccam as in raith. Is edh sin, ar issi, tuccadh ar mh' aire-si gurbho gillae amhulcach ócc tusa & do púdrall comh-ard frit cluais. Is annsin as-bert-somh fria-si: > 1. Tairr a chailleach, > > ar Dubh Dligidh, > > re toiscc fia. > > findgart fúa. > > bhes as duinn > > do-ridhnacht Día. > 2. Densat naidhin > > f*or*sa roænaid > > gein garta g*ra*dhuill. > > ni lag luaidhim > > g*ur*bat lanamhain > > óg alainn. > Ba firt amhra iarumh dona næmhaibh ro thircansat an ghein-sin & don mac naemh ro tirchanadh ann. Et an lánamhain-sin d' feidhliughadh i n-óitid o sin amach go cenn seacht mís .i. no co ruccadh Mo Laga naemh díar' bo cet-ainm Lachin. O 't-cúala tra Cuana mac Cailchin an lánamhain n-aésmair sin do theacht i ndáididh & an c-cailligh do beith alachta tre rath an spirtu naémh tucc*adh* chuicci dia lesuccudh íatt ar onóir an mhic ro tirchanadh ann & do-beirthi cuibhreann coiccir doibh gach n-oidhche dá gach biadh & da gach lind no caiththe ann & bó bhalláin os í bith-bliocht tria bithe doibh dia frithailimh & ro ba da trian muirir do Chúana fir Erenn ag saighidh do dechain na lanamhan ar n-dol i n-óicce dorísi. Et ro ba mór an rath do Mo Laga a airdercugadh amhlaidh-sin riana ghein. O ro genair tra Mo Laga ruccadh dia bhaistedh do saighidh Mo Chuille & Dubh Dlighidh lais co rochtattar Áth an Chairn & --- p.16 do-chuattar tar an ath budhthúaidh & is annsin tainic Cuimín Foda mac Fiachna cona cléircibh seach Carn Cuilinn indes ar ammus an átha cétna & at-bert Cuimin: cuideachta romhainn, ar se, & timthirecht aingel úasta ó nimh go lár. Dubh Dlighidh sin, ar Comhdán, & a mhac tairngertaidh aicce. As día bhaisttidh berar, ar Cuimín, d' ionnsaighe Mo Chuilli & na léigem uainn daigh as sinn ro-thairrngir & as linn a bhaistedh. Fostaighter iarumh íatt ag Croiss in Tuinidhi {folio 131v} i m-beola an róitt fri h-Ath Cros anúas. Et o do-ruachtatar aén-ionadh at-bert Cuimín: Masa mac tairngert*idh* Dé an mac-so & ma ata ag Día ferta & miorbuile do denam dó siredh féin dó uiscce as a m-baistf*idh*er ar ni ba h-uiscce ele raghas tairis amail ro thirchansaim-ne feacht oile. Berar iar sin in náidhe tre forchongra Cuimine gusan torpán luachra at-conncatar na cleirigh isin phurt don leith atuaidh don ath. Et coraigther os é fáon ann é & ro shín iar sin an naoidhe a lamha amach & do-ralatar dí shimhin gacha lámha dó & do-ratt a ghreich as re h-airiucc*adh* an fhuachta & ro tógbadh in náidhi do lár iar sin & at-ract suas. Feacht da rainic Mo Lacca do Chathair Lemhainchi in Armumain bail i r-raibe moir-sheiser do gheinntibh cona muinntir ag adhradh díabul {folio 132r} co n-dechattar bás ar lár a c-cathrach & go ro h-adhnaicthi innte & go ros-féimdetar naeimh Erenn a t-taithbeouccudh go t-torr*acht* Mo Laga, amail as-bert an fili: > 1. *Co* taithbeoaigh > > in moir-sheiser > > geinnti granna reimenn > > triallaidh luaidim > > ó ros-feimdetar > > naeimh Erenn. > Feacht di*diu* do-rala Mo Colmog & Mo Laga do tigh Cathail mac Aedha Flaind Cathrach rí Muman. As eisidhe lá do-rala ecc mná an righ do breith meic go c-cualattar na cleirigh cai an mheic. Cia do-gní an chái? ar na cleirigh. Mac becc ruccadh don rígh & as dia breith as marbh a mathair. As cúi meic gan mathair, ar Mo Cholmog. Bidh é a ainm, ar Mo Laga, Cúi Gan Mathair. Conidh de ro len --- p.17 Cúi Gan Mathair. Geallaidh Mo Cholmócc annsin nemh don mnai & tathbeoaighidh Mo Laga h-í on tráth go céile. Gabaidh tra an mac-sin iartain righe Mumhan tria bhennachtain Mo Laga .i. Cúi Gan Mathair mac Cathail, conidh uadh Eoghanacht Glendamhnach. Feacht ann di*diu* gabaidh galar trom an ri-sin i medhon a righe go ro díchuir uadha a n-gialla do cach go ro thionolsat fir Muman go h-aén-baile & ro fiarf*aidh*set don righ. Cidh ara n-diochrae uait do righe? Secht fingala do-rónus, ar eisiumh, & maith lim dol dom ailithre. Go ro troiscset fir Muman fair gu ro gabhadh a righe úair dar leó ní fuighbittis rí badh amhra inás. At-bert im*morro* Cúi Gan Mathair na geb*adh* uatha go t-tardtha dó a rogha anmc*h*arat. Cia eissein? ar firu Muman. An t-í Mo naemh-Lagga, ar eisium, ar ro-fettamar conidh onorach ag Día an fer dianat umhla na h-aighi allta, amail as-bert *an fili*: > 1. Is maith lem, ar Cúi Gan Mathair, > > moiltha deiblen > > loichi lind-bán > > an fínd-mál > > for-osnai an ednén. > Tiagait tra fir Muman iar sin h-i c-coccur im chomairci do therman Mo Laga & do-níatt trosccadh for Mo Laga go ro gabadh Cúi Cen Mathair ar a shoiscela im trocaire. At-bert Mo Laga nach geb*adh* go tárdta dó sáire {folio 132v} a thermainn & co tardtha dó eidire fris & co tístais fir Muman ina thimchell .i. ó Dharaigh Mo Chua go h-Inis Gubain ag Uinnsinn don taoibh-sin & ó Fheirn Leabáin go h-Uinnsinn don taoibh thoir & ó Ath na Lec go Dairmagh ar medhón & do-radad sin dó, & it íad na h-eidire .i. Cuan mac Amalgaidh ri Áine Cliach & Conaing Ua Daithil comarba Ailbe tar cenn an t-slúaigh ó Cláire go h-Echtge im comhalladh, Cúi Gan Máthair im*morro* & Ruisine mac Lapai comarba Bairri o Claire budhdes, Cuimín --- p.18 Foda mac Fiachna di*diu* & Fursa isin eidires cetna & Victor aingeal & Patraicc do thichtain do nimh día naidm & naidmidh di*diu* Patraicc annsin for Mo Laga teacht dia accallaimh gach dardáin for nemh. Slécht*aidh* tra Cúi Gan Mathair do Mo Laga iar sin & do-bert almsana dó .i. a dá each & a err*adh* & cuach lán d' arccat & mías óir thairis & dealg lán-eccoir & seisr*ech* gacha bliadhna & airmitti anmc*h*arat righ Muman do grés for a comharba & caingen a cluicc do denamh ria gach clog acht clocc Pattraicc. Geallais im*morro* Mo Laga nemh tar cenn a comhaill-sin do ghrés da gach righ no gebhadh Caisel go brath & gan dul d' écc gan anmchairdes fair tria rath Mo Laga. Isin aimsir-sin di*diu* tainicc Flann mac Eirc ri Gabhra do acallaimh Con Gan Mathair co socraitte móir lais go Tulaigh Airthir i t-termonn Mo Lagga gur gabh longport ann & ba fercc la Mo Laga sin. Madh íar m' écc-sa, ar sé, ni comaillfidher anní ro gealladh frim. Teid Mo Laga iar sin forsna h-aigibh alltai do díchur an t-sluaigh. O ro-síacht iarumh Mo Laga ro criotn*aigh* an talamh fon sluagh & ro gabh eccla Flann go ro luigh fó charpat Mo Laga & go t-tainic fo seacht an carpat thairis. Bennachais tra Mo Laga annsin Flann mac Eirc & fáccbaidh seacht riogha dia shiol for Mumhain & a fhlaithes fein aga shíl do grés & gerait ghaiscc*idh* for a feraibh coidhche. Luid di*diu* Mo Laga iar sin do Charn Sidai h-i Corca Baiscinn. {folio 133r} Is annsin tairnic lasin m-Buidhe Conaill lucht an tire do dith acht ceithre nonbair d' feraibh & ceithre móir-sheisir do mnaibh. Et ro aincestair Día íatt ar dáigh Mo Laga don teidm-sin gan nech dib d' écc go rócht a síl go naoi cétaibh & ro moradh ainm Dé & Mo Laga don firt-sin. Is h-i im*morro* cathair as mó do bí ar sccath Mo Laga isin aimsir-sin --- p.19 .i. Carn Cuillenn gurab an tan-sin tangattar tri druidh Guaire mic Colmain righ Connacht cona c-cliaraibh do chuingidh neich for Cuana mac Cailcin .i. laoch Liathmuine, co nar gabsat ní úadh acht an baile d' argain doibh nó a glámhadh. Deonaighidh tra Cúana crodh an bhaile dona druidhibh-sin .i. do macuib Lir .i. Fiach et Erriach et Eniach. Móa im*morro* do-ronsat-somh ina amail do deonaig*edh* doibh ar ro múrsat uile an baile et ro loisccseat et ro marbhsat a dhaeine acht aen-bhen ro élo uaithibh & lámh a leinimh triana taobh iarna guin. Slánaighis Mo Laga an mnaoi-sin & cuiridh lamh an leinib anunn et geallaidh gomadh h-í an lamh-sin no muirfedh Cuana iarttain, et is edh ón ro comhallnadh. Is iar sin tra ro comhalladh gach tairingire do-rinne an drai .i. Grona Ilceolach mac Buain sen Corca Mogha, do Mo Laga fada riana gheinemhain. *Co n*-ebert: > 1. Ticfa buanadach > > do Síl mor-Mogha > > a cind ceirt-fhichet > > 's dá c*et* ceirt-bliad*an* > > tar ar n-eisi-ne > > caindel cosnamha > > cach fó chumachta > > cumd*ach* *(?)* caemh-relig > > im Charn Cuillindglas > > > --- > > p.20 > > > fer non-díchuirfe > > m*a*c Eoin il-crothaid > > go trí caém-drúthaibh > > m*i*c Lir ledartaigh > > olca iartaighe > > do chuain chumh*acht*aigh > > cet*h*rair *conn*trachtaigh > > dichur deg-Tailgind > > don luaim laitine > > Grona Il-ceolach > > m*a*c Buain bríathar-gloin > > is e thirchan*us* > > gein an Táilginn-so > > *acht* co tocomla > > bim fo cum*acht*aib > > luag a tharrngire > > glais becc bunadh-glan > > ticc seach garbh-thulaigh > > ría athuaidh thairisfes > > is chumass a caémh-reilecc > > ainm tri codarsna > > trid bús onorach > > iar c-cuairt cæmh-relic > > da chuairt choimlíonfas > > a tír feisine > > fó fer nos-tig.Ticfa. > {folio 133v}Iar losccadh tra an baile dona druidhibh et iarna múradh amail ro raidhsemar romhainn tainicc díghal cíach forsan tír .i. ro mheab*aidh* saighnen a h-ifern for lar Liathmuine .i. sruam teinedh ag losccadh an talman go c-cluinte a fuaim fon tír & ro bái go fatta amhlaidh-sin go n-dernadh sit*h* fri Mo Laga. Do-chúaidh tra Mo Laga for deabhaidh & ar imghabail a criche trena argain amlaidh-sin go rocht go Coindire i n-Ulltoibh co n-deachaid lá ann fri toiscc tar Fertais Camsa & ní fhuair curach acht --- p.21 cliabh gan seiche. Teitt-siumh ind, et téitt tairis cosaibh tiormaibh & sóais for cula fon ionnas cedna. Faccbais tra Mo Laga clocc dia cloccaibh annsin i n-dermat et tainicc tri míle ceimenn úadh an tan ro cuimhnigh et is e-sin termonn an cluicc o shin ille in cech mudh a m-bi. Luidh Mo Laga i nd-Albain iar sin go t-tuccadh balbh shecht m-bliadan n-dég cuicce. Bennachais Mo Laga iar sin é et ticc a erlabra dó. Teitt iar sin Mo Lacca do saighidh D*aui*d Cille Muine et luidh dalta do D*aui*d dia fritholamh et as-bert-séin mí-fhocla fri Mo Laga. Benaidh aignedh Mo Laga fris et téitt bás eter an cuchtair et an aracal. Foda la D*aui*d ro bai et foillsighther dó oididh a dalta et ticc féin do fherthain fáilti fri Laithin. Bidh an dalta-so aga bhar frithalamh. Nibu h-e itir bhías, ar Laithin, ag ar frestal acht an fer táinic ar tús. As i an cóir, ar Dauid. Is h-í, ar Laichin. Bás acc adhnacol an dalta annsin et araidhe tathbeoaighis Laichin é et bái occ frithailimh Laichín go mattain et tétt bás íar mattain. Do-ghniatt iar sin an aéntaidh D*aui*d et Laichin et rob e Mo Laga. Brethnach im*morro* ainm an dalta at-bath ann et tuccadh an t-ainm-sin for Laichin do comalladh na h-aéntadh etturra et Dauid, conidh de sin rod-len Mo Laga Laichin o sin ille é. Do-rad di*diu* D*aui*d clocc do Mo Laga annsin .i. Boban Mo Laga & at-bert an t-aingel risiumh tiachtain go Cluain Mic Nois & go madh ass {folio 134r} do-ghniadh sith fria bunadh-cenel féin. Tainicc iar sin roimhe go Dun Duibhlinne go h-Ath Cliath. Is annsin do-ratt-somh an Boban frisan aillsi bai for gruaidh righ an dúine go ros-íc et ro len an aillsi don clucc. Ro chinn iarumh an rí pinginn gacha srona i n-Ath Cliath gacha tres bliadhan do Mo Laga annsin et baile h-i Fine Gall .i. Land Bechaire uair is innte-sin ro fost Mo Laga na beocha do-rad Mo Domhnócc lais tairis anall dochum n-Erenn & for-feimidh féin a fastadh. --- p.22 Do-riacht tra Mo Laga go Cluain Mic Nóis iar sin & ro-chualatar Fir Muighe anní-sin & do-chuattar a firu ara chenn et ro ghealsat comhadha móra dó et ni tainic leó et do-chuatar a macaimh & ni tainic leó et do-chuatar a mna iar sin et nochtait a cíche fris & ro ghabhsat-sein forra gach ní ro geallsat na buidhne rompa do comhall & a c-cuid féin .i. sgrepall gach aén-duine gacha bliadhna et caoga bó a c-coitcennus uaithibh uile le taobh almsan et duthracht cena amail ass-bert an file: > 1. Dlighidh Mo Laga d' Feraibh Muighe > > mine riaghla > > caecca bo bith-bliocht bána > > gacha bliadhna. > Do-deochaid tra Mo Laga lasna mnaibh & tangattar Fir Muighi uile ina comhdail go Tulaigh Mín & ro ghabhsat do laimh gach ní ro gheallsat féin & a macaimh & a mná do chomall fri Mo Laga & fria comharbaibh do grés tara éissi.