#Betha Farannáin #### Corpus of Electronic Texts Edition ### Background details and bibliographic information Betha Farannáin =============== Author: [unknown] ----------------- ### File Description Charles PlummerElectronic edition compiled by Vibeke Dijkman, Mavis Cournane, and Benjamin Hazard Funded by University College, Cork and The Higher Education Authority via the LDT Project 1. First draft, revised and corrected.Extent of text: 2170 words#### Publication CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt (2004) (2010) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland. Text ID Number: G201016Availability Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. #### Sources **Manuscript Source**2. Brussels, Bibliothèque Royale, MS. 4190—4200 ff, 91v–94v. **The edition used in the digital edition**2. **Charles Plummer**, Betha Farannáin in Anecdota from Irish Manuscripts. Volume 3, Dublin, Hodges Figgis (1910) page 1–7 ### Encoding #### Project Description CELT: Corpus of Electronic Texts #### Editorial Declaration ##### Correction Text has been proof-read twice. ##### Normalization The electronic text represents the edited text. Expansions are marked ex. Names are capitalized in line with CELT practice. The editor's corrections are marked corr sic resp="CP", with the erroneous form retained in the 'sic' attribute. Footnotes are marked note type="auth" and numbered. Text in Latin is indicated. ##### Quotation Direct speech is marked q. ##### Hyphenation Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, this break is marked after completion of the hyphenated word. ##### Segmentation div0=the saint's life; div1=the section. Page-breaks are marked pb n="". Foliation is tagged mls unit="folio". ##### Interpretation Titles are tagged. Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles. ### Profile Description Created: By one or more unknown authors in Irish monastic scriptoria. Date range: 900–1200.#### Use of language ##### Language: [GA] The text is in Middle Irish. ##### Language: [LA] Some words are in Latin. ##### Language: [EN] Editorial notes are in English. ### Revision History * (2010-11-27) Beatrix Färber (ed.) * Conversion script run; new wordcount made. * (2008-08-30) Beatrix Färber (ed.) * Keywords added; file validated. * (2008-07-25) Beatrix Färber (ed.) * Value of div0 "type" attribute modified, content of 'langUsage' checked; minor modifications made to header. * (2005-08-25) Julianne Nyhan (ed.) * Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion * (2005-08-04T15:41:04+0100) Peter Flynn (ed.) * Converted to XML * (2004-09-14) Beatrix Färber (ed.) * Header completed; more markup applied; file re-parsed, HTML file created. * (2004-07-30) Benjamin Hazard (ed.) * File proofed (2), provisional header constructed; markup updated; file parsed. * (1998-08-20) Mavis Cournane (ed.) * Content markup applied; file parsed. * (1998-08-20) Vibeke Dijkman (ed.) * Text proofed (1); structural markup applied. * (Pre-1997) Staff of the CURIA Project (text capture) * Text scanned in. --- #### Corpus of Electronic Texts Edition: G201016 ### Betha Farannáin: Author: [unknown] --- p.1 [1](javascript:footNote('G201016/note001.html')) Tiondsccantar annso betha Fharan*n*ain uasail iolcraibtigh .i. mac riogh*dha*, réimdírech, credhal, cánonta, coisrecta Cuin*n* m*ei*c Colgan m*ei*c Aodha m*ei*c Fin*n*bh*ai*rr m*ei*c Eog*ain* m*ei*c Neill Naoigíallaigh. Ro fhaccaib Columcille Ére *ar* ulc re feraibh Er*enn* tre fheircc adbailmóir; & tucc luighe & lainmion*n*a nach faicfedh a shuile, & nach cluinf*edh* a *chluasa* fer no ben i n-Er*inn*; & ro comhailledh sin leis treimsi fada, amhail dherbhas an rand: > 1. Fuil súil n-glais > > Déch*us* Erin*n* tar a hais > > Nochan fhaicfe i*ar*motha > > *Firu* Érenn nás a mna; > & da dherb*adh* sin ro chu*ir* an*art* ciartha tar a shuilibh, & tap*ar* cí*ar*a i n-a *chluasaib*, & do chuaidh tar muir i n-Albai*n*, go n-deach*aid* go h-I Choluimchille, gur bhenn*aigh* hi. Gur fhan teora bliadhna innte, no gur mothaigettar fir Erenn a uiresbaidh go hiomarcach orra; gur --- p.2 chaitettar fir Er*enn* a ttechta ris an ccomfad sin; & go ttucc Columcille éra orra diblinaibh; no g*ur* fás cocc*adh* coitcen*n* & esaonta iom*a*rcach et*er* feraibh Er*enn* & Alban. Go n-deachatt*ar* a chombraithre naomh & neimhedh *ar* a chend soir: Cuan*n*a m*a*c Miodhuirn, m*ei*c Duibhratha, m*ei*c En*n*a m*ei*c Neill Naoigiall*aigh*; {folio 92r} & Gobran[2](javascript:footNote('G201016/note002.html')) esp*oc*, m*a*c Ængusa, m*ei*c Ardgail, m*ei*c Conaill C*r*emtainne, m*ei*c Neill Naoigiall*aigh*; & Colman m*a*c Each*ach*, m*ei*c Aill*ella*,[3](javascript:footNote('G201016/note003.html')) m*ei*c Luigdech, m*ei*c Laegaire, m*ei*c Neill N*aoi*giall*aigh*; & Baoithin m*a*c Brenai*nn*, m*ei*c Ferg*us*a, m*ei*c *Con*uill Gulb*an*, m*ei*c Neill N*aoi*giall*aigh*; & Faran*n*án fertach, m*a*c Cuin*n*, m*ei*c Colgan, m*ei*c Aodha, m*ei*c *Fionnbhairr*, m*ei*c Eogain, m*ei*c Neill N*aoi*giall*aigh*. Docuat*ar* na naoimh sin go h-Albain, & ro i*ar*rat*ar* sein d'itche & d'athcuinge ar Choluimcille techt go h-Er*inn* do shiodhucc*adh* et*er* fheraibh Er*enn* & Alban; & tucc Columcille aonta fa thea*cht* lena braithribh naem & neim*edh*. Ar thri h-adbaraibh tucc Columcille aonta fa the*acht* ar an tur*u*s sin .i. do den*amh* siodha et*er* fheraibh Er*enn* & Alban; & d'fuascél*adh* Sccan*n*lain móir, m*ei*c Cin*n*fháol*aidh* rí Osr*aighe*, ro báoi a ccuibriuch & a ccengal i ccro chumhang caolaigh ag Aodh m*a*c Ainmir*ech* rí Er*enn*. *Ocus* dorinne Colum*cille* gach snaidm acasin do reidhiucchad amhail ata i m-beth*aid* Choluimcille, & 'san Amhra Choluimcile; & adubrat*ar* fir Er*enn* nach rachad Coluimcille t*ar* a ais aris go h-Albai*n*; & ro chongbhatar i n-Ére go ttuccat*ar* airdchennas naomh & naomhógh --- p.3 Erenn dó tar éis Pa*tr*aicc, go tucc Coluimcille sáorchu*airt* do ben*n*ucc*adh* Leithe Cuin*n*, go ttainic tar *Éirne* n-éignigh n-ion*n*fhu*air*, gur benn*aigh* reiccles riaghalta i ccrích caomhalain*n* Cairpre m*ei*c Neill, dá nach lenfam da sccelaib an*n*so. M*ar* do cualatt*ar* fir (*no* náoimh) Er*enn* sin {folio 92v} an méid ro báoi 'na comhfocc*us* diobh, tangat*ar* roimh Choluimchille go terma*n*n Feichin na b-fert; & tangatar annsin siol Cuimne .i. seis*er* & secht fichit do naemhaibh cenmotha Aodh mac Ainmirech rí Eren*n*.[4](javascript:footNote('G201016/note004.html')) Tainic 'san toicestal sin a n-dail Coluimcille do shiol Cui*m*ne,[5](javascript:footNote('G201016/note005.html')) Monine Sleibhe Cuilinn, & da mac *Con*aill a Cill Corra, & easp*occ* Maine a Tír Oilill, & Muiredhach Cille h-Al*aidh* a Tír Amalgaidh, & easp*oc* Róin a Cill espuicc Róin, & Caimin In*n*si Celtra, & Riagaill Muicin*n*si la Dál cCais, & Sénan Innsi Cathaigh, & Sénán Laithrigh Briuin, & Ernin Cluana Reilgech a Midhe, & sea*cht* n-esp*uicc* Cluana h-Emain, & Liban, & F*or*tcern i n-Odba Cera i b-*Partr*aighe, & Grellan Craoibhe i n-oirther Muighe Luircc,& Sccire a Cill Sccire, & Corcaircenn & Corcaircaoin, da ingin Eoghain, & inghen Cath*bath*[6](javascript:footNote('G201016/note006.html')) a Cill Comhlach a Muicch Luircc, & Loman Locha Gile, & Cairpre & Brefne, & Mif*r*isi m*a*c Fachtna ag Sligeach, & Inell craib-tech,& Osnadh a n-Glenn Dallain i c-Coirpre, & Geighe i n-Inis Geighe, & Derbil*edh* i n-Iorrass, & seacht ccailleacha a Tír ua fFiachr*ach* Aidhne, & Magaine Ratha Aradh, & Brochlach --- p.4 i cCairpre. Robhat*ar* an uirettsin do shiol Cuimne do naomhaibh a ccoinne & a ccomdháil Coluimchille, cenmotha ardnaoimh oiregh*dha* Eirion*n*. Tainic Columcille chuca, & tangat*ar* dibhlínibh, t*ar* T*r*aigh na Mna M*air*be .i. Traigh álain*n* Éothuile, {folio 93r} & asse go Tul*ac*h na Maoile, risan ab*ar*thar Sccrin Adhamnai*n* aníu; & ro bennaigh hí; & ro faccaibh Adamnán úasalnaomh in*n*te;[7](javascript:footNote('G201016/note007.html')) & assein go h-All fíorálain*n* Farandáin aníu.[8](javascript:footNote('G201016/note008.html')) Tainic i n-a ccoin*ne* an*n*sin Tiop*r*aite m*a*c Maoileduin, m*ei*c Fiachrach Ealgaigh, m*ei*c Dathi, & a mhac Dúnchad. ‘Maith amh’, ar Faran*n*an, ‘a Choluimcille, as ionad cráb*aidh* & cleircechta an t-ionadh so; & fu*arus* fein mian mo mhenman & gradh glemaisech mo chroidhe fa áras naoimh & neim*edh* do denamh an*n*so; & anmhain an*n* go foircend mo bethadh ag bindgabail mo psalm & mo psaltr*ach*, ag moladh righ nimhe & talman.’ ‘Dogéba tusa an fearann so *ar* son do bhennachta, & ar bhenn*acht* Coluimcille & na naobh diblinaibh,’ *ar* Tiop*r*aitte m*a*c Maoileduin. Ruccatt*ar* na naoim buidech*us* adhbal risan iodb*air*t sin, & ro bennaighett*ar* an t-ionad sin, & an t-uiscce iodhanghlan, & an t-all taitnemach; & ro fáccbat*ar* Foran*n*an na ffiort 'san reigles riaghalta sin. Is aml*aidh* ro thocaithedh Farandán a bhetha 'san ionad sin an ccéin ro mair; an céd t*r*ián don oidche gonuicce a dí oscaill 'san dabhaigh[9](javascript:footNote('G201016/note009.html')) firalain*n* fhuaruiscce; and*ar*a *tr*ian don oidche 'na ch*ar*c*air* cloch & cráb*aidh* & --- p.5 cerchaill cloiche fona *chionn*, & cercaill ele cloiche fona *chosaibh* tareis na dabcha; & an trian ele ag éiste*cht* le fogh*ar* na fairrge fiordoimhne, & le tormán na ttonn re slesaibh c*ar*racc & cruadhall, & ag eiste*cht* le riontach na rón, & le fog*ar* {folio 93v} na ffaoilenn, & le coiccedal na ccraobh *ccnuastorthach*, & le hallglór an essa ardcainntigh fionnfhu*air* ag siledh 'san dabhaigh diansrothaigh. *Ocus* as mar sin ro chodl*adh* an t*r*ian deighenach don oidche go madain. Ba maith an fer ro báoi annsin .i. Faran*n*án fertach; oir así so tu*ar*asccbail Cholaimcille fair .i. fer fíren an ferso go n-gloine aignidh & in*n*tinne, amhail uasalathair; fer firen amhail Ap*r*am; fer cennsa craibtech o chroidhe amhail Maoisi m*a*c Amra; psalmcatlaidh molta amhail Dáuid; cumhdaighteoir na h-eccna amh*ail* Sholamh; soidhtheach firinne amhail Pol aps*tal*; fer lán do rath & do roieolas an Spiortu naoimh amhail Eoin *suiscelaid*; lubgort lanabbaid 'ar n-a líonadh do shubhailcibh; gescca finemna 'ar n-a fíorchumd*ach*; teine taidl*ech* taitnem*ach* *ar* thes crab*aidh* & cogúis; leomhan ar nert & ar chumachtaib fri demnaibh; colum *ar* cennsa & ar ghloine gniomharta; naithir neimhe *ar* ghlioc*us* le maith; mogh saothair & fognama do Chriost an fer sin .i. Faran*n*an. Ro fhágaibh Faran*n*an buadha iom*dha* ar an dabhaigh si*n* .i. gibe no *fhothraiccfedh* innte do chlannaibh Fiachrach d'fior nó do mnaoi, gem*adh* esslan riamh roimhe, acht go ccuiredh tri ton*n*a tar a bhaithis d'uiscce iodhangl*an* na dabhcha,[10](javascript:footNote('G201016/note010.html')) go ttiucf*adh* slán ón t-sruth. Edach --- p.6 & err*edh* an aithrigidh d'fágbail ag an ccom*ar*bae mar almsain; & an almsa fh*ét*f*us* fer echt*air*ceineoil do tab*airt* dó {folio 94r}. An t-esslan d'anmain 'san ccarc*air* cumaing crábaidh, & dinech na dabcha d'ól, & a breith go a adhba bhun*aidh*, & foiridh conach, & sgamach, & sinech, & gach uile ghalar bhíos ar innilibh becca & mora. *Ocus* ro fágbadh fágbála iomdha ar an uiscce .i. gach aon da n-gébha trid tri lomanna d'ól de a n-onóir do Dhia & d'Faran*n*an, & tiocf*adh* slán. Trí troisccthi a n-onóir Faran*n*ain gacha bliadhna .i. cédaoine, aoine, & satharn enu*air* 'san bliadhai*n*, & trosccadh roimh feil Faran*n*ain. *Ocus* ro faccaibh m*ar* aithne ag gach aon gan uiret deilcc bruit do bhúain da fhiodhb*adh* foltalainn, & gan slán do chodl*adh* 'na leab*aidh*, *acht* easslán bías i n-éiccen, & reliqua. Mallacht cliar & ceall & clocc, naemh & neimhedh Er*enn*, & garseicle & míoclú moradhbal da gach aon nach íocfadh a chíos & a *cháin* lé comh*ar*ba Faran*n*ain, & and*ar*a mall*acht* da gach *aon duini* dobhéra cíos an chom*ar*ba *acht* d'fior iomch*air* a meircce míorbuiligh. Is aml*aidh* so frith an reiccles úasal oirdn*idh*e & ionad naomh & neim*edh* fa huaisle i n-iath Eirea*m*óin ar tós .i. fea*cht* n-aon da ttainic Columcille ar saorcu*airt* Leithe Cuin*n* & naoimh Er*enn* maille fris, & tainic go tír Úa fFiachrach Muaidhe, & asé ba rí 'san tír an tan sin .i. Tiop*r*aite m*a*c Maoiledúin, m*ei*c Fiachr*ach* Ealg*aigh*, m*ei*c Dathi m*ei*c Fiachrach. Ro edhb*air* & ro ardthiodhlaic Tiopraite tri h-eccailsi onóracha & tri reiclesa {folio 94v} ronaomhta do Choluimcille & da naomhaibh. As iadso na --- p.7 h-eccailsi sin .i. Sccrin oirdeirc Adamnáin, & Alt fiorálain*n* F*ar*annáin, & Cill caomh*á*lain*n* Cuanna ar bord na h-Iascc*aidh*e. *Ocus* a ccionn aimsire imceine 'na diaigh sin .i. a ccionn cuicc cét bl*iadhan* gabhais Cathal C*r*oibd*er*g ua *Con*cob*air* righe *Con*n*acht* d'aimdeoin Gall & Gaoidheal, & ro gabh treisi *ar* fon*n* Úa f-Fiachrach, & cuiris feran*n* man*ach* an chuicc*idh* uile le Cnoc moralainn Muaidhe, & ro cengail All fíorálainn Faran*n*áin ris; & ata marsin osin ille. *Con*adh í betha F*ar*annain gonuicce sin.[11](javascript:footNote('G201016/note011.html')) As leabhrán M*ei*c Seain Charraigh í Maonaigh .i. comarba Faran*n*ain do scc*r*iobadh an betha sin Faran*n*ain. Do sli*ocht* Dathi m*ei*c Fiachr*ach* an Sean sin, amal derb*us* a geinel*ach* ata scc*r*iobtha i n-a leab*ur* fein. A tigh na m-brath*ar* ag D*r*obaois ro scc*r*iobadh, 13 Febrv. 1629. Meisi Mi*cel* bocht brath*air*.